BA É AN tARDÁN FOGHLAMA ALISON BUAITEOIR NA hÉIREANN DO DHUAIS NA DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA SIBHIALTA

Bronnadh an duais ar bhuaiteoir na hÉireann as cúrsa ar líne atá dírithe ar eolas a chur ar fáil faoin gcoróinvíreas (COVID-19) i mbreis agus 70 teanga. San iomlán, bronnadh an gradam ar 23 thionscadal ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe as an tsárobair a bhí déanta acu uile chun dul i ngleic leis an bpaindéim agus lena hiarmhairtí uafásacha.

Bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta ar an ardán foghlama Alison, a bunaíodh in Éirinn, as an gcúrsa ar líne saor in aisce a cheap an comhlacht agus a chuir siad ar fáil ar líne i bhfíorthosach na paindéime d’fhonn eolas a thabhairt don líon ba mhó daoine ab fhéidir faoin víreas, faoin gcaoi a leathann sé agus faoina iarmhairtí.

Roghnaigh CESE, ar comhlacht comhairleach é a dhéanann ionadaíocht ar shochaí shibhialta na hEorpa ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, an t-ardán foghlama Alison mar an t-iarrthóir ab fhearr don duais as na hiarratais uile ó Éirinn a bhí á meas. Ba é tuairim CESE faoi Coronavirus: What you need to know gur eiseamláir den scoth é den dlúthpháirtíocht agus den fhreagracht shibhialta a bhí le sonrú i rith ghéarchéim COVID-19.

Seoladh an cúrsa ar líne i mí Feabhra 2020 tráth a bhí gannchúis mhór eolais fós ann faoin víreas agus gan ag éirí le rialtais an domhain fós aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhí ag bagairt orthu. Trí mheán a chláir oiliúna, atá bunaithe ar threoirlínte ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Lárionad um Ghalair a Rialú agus a Chosc (CDC) agus a thugtar cothrom le dáta go leanúnach chun an t-eolas is déanaí a chur san áireamh, tá an t-ardán Éireannach tar éis rochtain saor in aisce a thabhairt do dhaoine ar eolas a bhféadfaí beatha daoine a shábháil leis.

Fógraíodh go raibh an fiontar sóisialta Alison ar cheann de na 23 bhuaiteoir ag searmanas bronnta fíorúil a reáchtáil CESE an 15 Feabhra. Fuair gach buaiteoir duais ar fiú EUR 10 000 í.

Agus na duaiseanna á mbronnadh aige, seo mar a labhair Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air, Cillian Lohan:

“Is go rímhinic a chuir CESE i bhfios go láidir go bhfuil an-tábhacht leis an dlúthpháirtíocht agus le comhbhearta spriocdhírithe le gur féidir teacht as an bpaindéim seo. Is é an t-aon bhealach inar féidir déileáil go héifeachtach le géarchéim ar nós na paindéime seo ná beart a dhéanamh go tapa, go cinntitheach agus le chéile. Is féidir ceachtanna a fhoghlaim uaidh seo go léir a chabhróidh linn i ngéarchéimeanna eile, bídís ina ngéarchéimeanna sóisialta, eacnamaíocha nó comhshaoil.

Bhí an tsochaí shibhialta ar thús cadhnaíochta sna gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta uile a rinneadh agus murach a gcuid cabhrach siúd ar an leibhéal áitiúil d’íocfaí i bhfad níos daoire as an bpaindéim seo. Is cruthúnas iad na tionscadail ar fad a fuaireamar ar rannpháirtíocht neamhleithleach na saoránach agus an phobail, rud a léiríonn an méid a chuireann an tsochaí shibhialta leis an troid seo. Leis an duais seo, táimid ag tabhairt aitheantas do na daoine agus na heagraíochtaí sin a dhéanann difear le linn na tréimhse neamhghnáiche seo ina bhfuilimid. Is mór an onóir é go bhfuilimid in ann é a cheiliúradh le chéile”.

Bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí as 21 Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Bronnadh duais amháin ar thionscadal a raibh fócas trasteorann ann agus ceann eile ar eagraíocht sa Ríocht Aontaithe, rud a léiríonn go dteastaíonn ó CESE dlúthcheangal a choinneáil leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe ainneoin gur fhág sí an tAontas.

Cé go raibh sé d’aidhm ag CESE buaiteoir a aimsiú i ngach Ballstát den Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe, ní bhfuair sé aon iontrálacha incháilithe le haghaidh tionscadail i sé thír.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le fáil thíos agus ar ár leathanach gréasáin.

Roghnaíodh na buaiteoirí as 250 iarratas san iomlán a chuir eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, daoine aonair agus gnólachtaí príobháideacha isteach. Bhí an dlúthpháirtíocht ina gné lárnach de na tionscadail sin agus léirigh siad bealaí cruthaitheacha agus éifeachtacha chun dul i ngleic leis na dúshláin scanrúla a bhí ann go minic le linn na géarchéime.

Bhí an chuid ba mhó de na tionscadail sin dírithe ar ghrúpaí leochaileacha nó ar na daoine is mó atá thíos leis an ngéarchéim, amhail daoine scothaosta nó daoine óga, leanaí, mná, mionlaigh, imircigh, daoine gan dídean, oibrithe in earnáil na sláinte nó fostaithe agus fostóirí.

Maidir le hábhar na dtionscadal, díríodh ar chúig phríomhthéama iontu: soláthar bia agus cúnamh do ghrúpaí leochaileacha, trealamh leighis, seirbhísí comhairleacha, seirbhísí oideachais agus faisnéis faoin bpaindéim, agus an cultúr.

BUAITEOIR NA hÉIREANN

Bronnadh duais ar an gcúrsa ar líne Coronavirus: What you need to know sa chatagóir a bhain le “seirbhísí oideachais agus faisnéis faoin bpaindéim”.

Sa chúrsa clúdaítear go mion gnéithe éagsúla den ghalar agus cuirtear comhairle ar fáil faoi conas tú féin a chosaint air. Aistríodh é go breis agus 70 teanga laistigh de cheithre mhí, le cabhair ó 5 000 oibrí deonach, arbh inimircigh a lán díobh. Faoi Mheán Fómhair 2020 bhí an cúrsa críochnaithe ag amuigh is istigh ar 350 000 duine, agus chuir thart ar 100 000 duine isteach ar an gcúrsa in aon lá amháin.

Tá an cúrsa indeimhnithe, rud a chiallaíonn gur féidir le daoine measúnú a dhéanamh ag an deireadh ar a bhfuil foghlamtha acu. Reáchtáil Alison cúrsaí roimhe seo ar SARS, fliú na muc agus Ebola. Is é an chéad chúram eile atá le cur i gcrích aige ná cúrsaí a cheapadh faoi conas maireachtáil le COVID-19.

“Ós sinne an t-ardán foghlama saor in aisce is mó san Eoraip, ba léir dúinn an deis a bhí ann in Eanáir 2020, agus an fhreagracht a bhí orainn, faisnéis agus comhairle a scaipeadh faoin mbagairt a bhaineann le COVID-19. Tá sé d’acmhainn ag ardáin foghlama cosúil le Alison faisnéis indeimhnithe a scaipeadh ar mhaithe le leas an phobail go han-tapa agus i dteangacha éagsúla," a dúirt Mike Feerick, príomhoifigeach feidhmiúcháin agus bunaitheoir Alison

“Ba mhór againn go háirithe an chabhair a thug oibrithe deonacha Alison dúinn, arbh ó phobal inimirceach na hEorpa cuid díobh sin, agus a chabhraigh linn aistriúcháin a chur ar fáil in iliomad teangacha. Maidir leis an obair a dhéanaimid agus obair ár n‑oibrithe deonacha, feictear dúinn nach amháin gur cuid d’iarracht ó mhuintir na hEorpa é seo chun cuidiú le hEorpaigh eile, ach is léiriú é freisin ar an tionchar an-dearfach a bhíonn ag muintir na hEorpa ar an tsochaí shibhialta ar fud an domhain.”

Tá eolas mionsonraithe faoi na buaiteoirí uile agus faoi na hiarrthóirí eile ar fad le fáil inár mbróisiúr atá ar fáil ach é a iarraidh.

Tá súil ag CESE go gcabhróidh Duais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta leis na tionscadail bhuaiteacha, agus a lán tionscnaimh chruthaitheacha eile atá ar bun ag saoránaigh san Aontas, a phoibliú agus eolas fúthu a scaipeadh.

“Ní 23 bhuaiteoir, agus iadsan amháin, atá á moladh againn inniu. Táimid ag tabhairt aitheantas don tsochaí shibhialta ina hiomláine san Eoraip agus don oiread sin eagraíochtaí, gnólachtaí agus daoine aonair a léirigh agus a léiríonn dlúthpháirtíocht, misneach agus freagracht sa tsochaí sa tréimhse achrannach seo”, a dúirt an tUasal Lohan.

Na tionscadail agus na tionscnaimh atá á reáchtáil ag saoránaigh agus ag an tsochaí shibhialta ar a lán bealaí éagsúla, chuir siad leis na hiarrachtaí atá ar bun ag na Ballstáit chun buille na géarchéime a mhaolú agus bhí siad chun cinn ar na Ballstáit fiú i roinnt réimsí, amhail maisc aghaidhe a tháirgeadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, arsa CESE.

I gcomparáid leis na hiontrálacha a fuarthas do Dhuais na Sochaí Sibhialta i mblianta roimhe seo, tháinig méadú ar líon na n-iarratas ó eagraíochtaí neamhfhoirmiúla nó eagraíochtaí nach bhfuil chomh seanbhunaithe sin, rud a léiríonn go soiléir an spiorad atá ann sa phobal. Is lú líon na n‑iontrálacha a tháinig ó roinnt tíortha nár buaileadh chomh mór sin le linn na chéad ráige den phaindéim nó ó na tíortha sin a bhfuil córais leasa shóisialta níos láidre iontu.

CÚLRA NA DUAISE

Sheol CESE an duais i mí Iúil 2020 faoin téama “An tSochaí Shibhialta i gcoinne COVID-19”, agus d’fhógair sé gur duais eisceachtúil, aon uaire a bhí ann a thiocfadh in ionad ghnáthDhuais na Sochaí Sibhialta i mbliana. Ba é an aidhm a bhí leis sin aitheantas a thabhairt do shochaí shibhialta na hEorpa a ghlac páirt ghníomhach neamhleithleach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ó na chéad laethanta den phaindéim ar aghaidh.

Bhí daoine aonair, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gnólachtaí in ann cur isteach ar an gcomórtas má bhí tionscadal ar bun acu a bhí neamhbhrabúsach ina iomláine agus nár mhó ná 50 % de a bhí maoinithe ó chiste poiblí. B’éigean baint dhíreach a bheith ag na tionscadail le COVID-19, agus é mar aidhm shonrach acu an víreas a throid nó dul i ngleic leis na hiarmhairtí a bhí ann dá thoradh.

Gach bliain, tugann Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE aitheantas d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó do dhaoine aonair a bhfuil tionscadal acu a dhéanann ceiliúradh ar an bhféiniúlacht Eorpach agus ar luachanna coiteanna na hEorpa i réimse áirithe oibre. Tá an Duais á bronnadh ag CESE ó bhí 2006 ann.