The EESC issues between 160 and 190 opinions, evaluation and information reports a year.
It also organises several annual initiatives and events with a focus on civil society and citizens’ participation such as the Civil Society Prize, the Civil Society Days, the Your Europe, Your Say youth plenary and the ECI Day.
Here you can find news and information about the EESC'swork, including its social media accounts, the EESC Info newsletter, photo galleries and videos.
The EESC brings together representatives from all areas of organised civil society, who give their independent advice on EU policies and legislation. The EESC's326 Members are organised into three groups: Employers, Workers and Various Interests.
The EESC has six sections, specialising in concrete topics of relevance to the citizens of the European Union, ranging from social to economic affairs, energy, environment, external relations or the internal market.
Le Antonio García Del Riego, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus dúshláin stairiúla le sárú againn, ina measc an t-aistriú glas, an cogadh atá ag titim amach béal dorais linn agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Ní leor dearbhuithe beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh airgead ag teastáil chuige sin agus an cumas a bheith againn é a úsáid, a threorú, agus a mhéadú. Go bunúsach, tá córas airgeadais atá láidir, iomaíoch agus uathrialach de dhíth. Ar an drochuair, ní hé sin atá againn faoi láthair.
Le Antonio García Del Riego, comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
Tá uair na cinniúna buailte linn san Eoraip agus dúshláin stairiúla le sárú againn, ina measc an t-aistriú glas, an cogadh atá ag titim amach béal dorais linn agus an iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Ní leor dearbhuithe beartais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Beidh airgead ag teastáil chuige sin agus an cumas a bheith againn é a úsáid, a threorú, agus a mhéadú. Go bunúsach, tá córas airgeadais atá láidir, iomaíoch agus uathrialach de dhíth. Ar an drochuair, ní hé sin atá againn faoi láthair.
Is ar an airgeadas a bhraitheann aon gheilleagar nua-aimseartha. Ó mhonarchana nua, feithicilí leictreacha, leathnuithe ospidéil go gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta glaine, bíonn gach fiontar nua ag brath ar dhuine atá sásta dul sa seans agus é a mhaoiniú. Agus san Eoraip, is minic gur banc é an ‘duine’ sin. Bíonn FBManna, arb ionann iad agus 99 % de chuideachtaí an Aontais, ag brath go mór ar chreidmheas bainc chun fás, infheistíocht agus onnmhairiú a dhéanamh. Mar sin féin, is baolach go bhfaighfeadh iomaitheoirí eile an lámh in uachtar ar na hinstitiúidí sin atá i gcroílár ár n-éiceachóras maoinithe agus go ndéanfaí ró-rialáil orthu.
Is minic a labhraítear san Eoraip faoin ‘uathriail straitéiseach’ sa bhonneagar fuinnimh, cosanta agus digiteach, ach is annamh a thugtar aird ar an neamhspleáchas airgeadais. Níor cheart gurb amhlaidh an cás.
Sa lá atá inniu ann, tá ceithre bhanc Mheiriceánacha freagrach as os cionn 60 % den infheistíocht baincéireachta san Eoraip a láimhseáil. Cuirfear rialacha Basel IV atá ar na bacáin i bhfeidhm ina n-iomláine san Aontas, ach ní chuirfear i bhfeidhm iad sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe ná sa tSeapáin. Fágann sin go mbeidh bainc na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Más mian linn go maoineoidh bainc na hEorpa an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus go dtacóidh siad le hearnálacha straitéiseacha, ní mór dóibh a bheith in ann dul san iomaíocht ar bhonn cothrom.
Ní mór beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus fíormhargadh aonair le haghaidh coigiltis agus infheistíochtaí a dhéanamh d’Aontas na Margaí Caipitil. Chun é sin a bhaint amach, tá gá le rialáil chliste, chomhréireach agus chumasúcháin lena gcosnaítear an chobhsaíocht agus na tomhaltóirí, ach lena gcuirtear borradh faoin bhfás agus faoin iomaíochas san am céanna. Chuige sin, tá an méid a leanas ag teastáil:
comhréireacht;
neodracht na teicneolaíochta; agus
rialacha bunaithe ar thorthaí.
Ní haon tráth soineantachta don Eoraip é. I ndomhan inar rábach, murab ionann is riamh, polaitíocht na cumhachta agus bloic eacnamaíocha, is ionann láidreacht airgeadais agus an cheannasacht. Tuigeann na Stáit Aontaithe agus an tSín é sin. Ba cheart dúinne é sin a thuiscint chomh maith.
I ndíospóireacht le Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, thug CESE rabhadh faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun iad siúd a sheasann ar son an daonlathais, an cheartais shóisialta agus na gceart bunúsach a chur ina dtost, a lagú agus míchlú a tharraingt orthu. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil sé réidh le hoibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun sochaí shibhialta na hEorpa a chosaint agus an polarú a chomhrac.
I ndíospóireacht le Michael McGrath, an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, thug CESE rabhadh faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun iad siúd a sheasann ar son an daonlathais, an cheartais shóisialta agus na gceart bunúsach a chur ina dtost, a lagú agus míchlú a tharraingt orthu. Chuir sé in iúl freisin go bhfuil sé réidh le hoibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun sochaí shibhialta na hEorpa a chosaint agus an polarú a chomhrac.
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ullamh chun ról praiticiúil a imirt i Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an tSochaí Shibhialta a bheidh ann amach anseo, straitéis atá á hullmhú chun an daonlathas agus an spás sibhialta a neartú agus chun pobail scoilte ar fud an Aontais a thabhairt le chéile. Agus méadú ag teacht ar na hionsaithe ar ghrúpaí na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha, tá CESE tiomanta an fód a sheasamh agus cuidiú le bunsraith sochaí saoire agus oscailte a chosaint.
‘Seasann CESE go daingean leis an ngealltanas a thug sé chun an tsochaí shibhialta a chosaint agus a chumhachtú. Ós ionann CESE agus croílár shochaí shibhialta na hEorpa, ní bheimid inar mbreathnóirí éighníomhacha. Cuirfimid go mór i gcoinne iarrachtaí chun an spás sibhialta a lagú. Iarrfaimid go mbeadh tacaíocht níos láidre ann, sin agus cosaint níos fearr agus aitheantas níos fearr do ról na sochaí sibhialta maidir lenár ndaonlathais a neartú,’ a chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i bhfios go láidir ag seisiún iomlánach CESE an 27 Márta, ar lena linn a reáchtáladh díospóireacht ardleibhéil leis an gCoimisinéir McGrath maidir leis an scoilteadh sa tsochaí a réiteach.
Dúirt an tUachtarán Röpke go bhfuil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gluaiseachtaí pobail ag dul i ngleic, murab ionann is riamh, le cúlú an daonlathais, reachtaíocht shriantach, feachtais chlúmhillte agus cásanna dlí straitéiseacha atá ceaptha an t-easaontú a chur faoi chois agus atá mar chuid d’iarracht níos leithne chun míchlú a tharraingt orthu siúd a thacaíonn leis an daonlathas, leis an gceartas sóisialta agus le cearta bunúsacha, agus iad a lagú.
Ag tagairt dó do na cúisimh a rinne Feisirí áirithe in aghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil le déanaí, dúirt an tUachtarán Röpke gur chúis mhór imní é go bhfuil ionsaithe den chineál sin á ndéanamh ní hamháin taobh amuigh dár n-institiúidí, ach laistigh díobh chomh maith.
Dúirt an Coimisinéir McGrath go bhfuil cumas uathúil ag CESE cur go mór le hiarrachtaí an Choimisiúin an daonlathas a neartú agus deighiltí sa tsochaí a dhruidim. Dar leis, is é an dóigh is fearr chun dul i ngleic leis an deighilt ná muintir na hEorpa a chumhachtú agus a chur in iúl dóibh go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu. ‘Más féidir linn é sin a dhéanamh, éireoidh linn ár bpobail, ár sochaithe agus an tAontas a thabhairt níos gaire dá chéile. Cibé rud a dhéanaimid, tá a fhios againn go mbeidh rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach i gcónaí.’
Le Straitéis nua an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, a fógraíodh i gclár oibre 2025 an Choimisiúin, tacófar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine, cosnófar iad agus déanfar iad a chumhachtú.
Cuireadh chun cinn sa díospóireacht freisin na príomhphointí ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta 2025 in CESE, arbh é An comhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí atá scoilte go mór ba théama di.I measc na gcainteoirí bhí Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh, a chuir príomhtheachtaireachtaí na Seachtaine i láthair; Richard Vaško, buaiteoir Duais na Sochaí Sibhialta ó Chomhlachas Díospóireachta na Slóvaice; agus Kristýna Bulvasová, gníomhaí óige a chuir i láthair na príomh-mholtaí ó imeacht bliantúil CESE ar son na hóige, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS).(ll)
Emilie Prouzet, comhalta de CESE, ag scríobh faoi ghéarchéim an chostais maireachtála: bheadh praghas ró-ard le híoc dá dteipfeadh ar an margadh aonair
An t-iriseoir Úcránach Tetyana Ogarkova: Eoraip na cosanta, ní tráth moille é
Alt speisialta faoi Sheachtain na Sochaí Sibhialta:
An galar atá ar an Eoraip a aithint: cuid den ghnáthshaol an éiginnteacht anois le Albena Azmanova
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – Mo ghuth, mo rogha: Breis agus 1.2 milliún duine ag seasamh ar son cearta ginmhillte
An 15ú heagrán de Dhuais na Sochaí Sibhialta: Eolas ar na buaiteoirí
Display date
1 year 1 month ago
Leasú ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí
Spriocdhátaí cur chun feidhme agus tuairiscithe na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach
Spriocdhátaí cur chun feidhme agus tuairiscithe na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach
Tráth atá plancadh agus tuargaint á ndéanamh orthu ó lá go lá agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh gan bás a fháil, is beag más féidir do ghlúin óg na hÚcráine féachaint rompu ar thodhchaí atá i bhfad uathu, dar le Yevheniia Senyk, rannpháirtí i YEYS 2025 agus gníomhaí óige ón Úcráin. Insíonn sí dúinn conas a chuireann an cogadh isteach ar eagraíochtaí óige ina tír féin agus a thábhachtaí atá sé guth a thabhairt dóibh ar an leibhéal Eorpach.
Tráth atá plancadh agus tuargaint á ndéanamh orthu ó lá go lá agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh gan bás a fháil, is beag más féidir do ghlúin óg na hÚcráine féachaint rompu ar thodhchaí atá i bhfad uathu, dar le Yevheniia Senyk, rannpháirtí i YEYS 2025 agus gníomhaí óige ón Úcráin. Insíonn sí dúinn conas a chuireann an cogadh isteach ar eagraíochtaí óige ina tír féin agus a thábhachtaí atá sé guth a thabhairt dóibh ar an leibhéal Eorpach.
Cén tionchar a bhí ag an gcogadh san Úcráin ar bhur n-eagraíocht sna trí bliana atá gafa tharainn, dar leat, agus cén t-athrú atá tagtha ar bhur modhanna oibre?
Is é sprioc Ardán SD (a bunaíodh in 2013) luachanna ar nós na saoirse, na dlúthpháirtíochta, an chomhionannais agus an cheartais a chosaint ós rud é gurb iad sin na luachanna is tábhachtaí, dar linn, chun todhchaí fhorásach a chruthú san Úcráin. Toisc gur cuireadh d’fhiachaibh ar roinnt mhaith Úcránach an baile a fhágáil, tá go leor brainsí curtha ar bun againn freisin ar an gcoigríoch chun rannpháirtíocht óige na hÚcráine lasmuigh den tír a spreagadh.
I dtosach báire, is mór mar atá obair na mbrainsí réigiúnacha suaite ag an gcogadh toisc cuid mhaith de na brainsí sin, mar shampla in Odessa agus Zaporizhzhia, a bheith lonnaithe in áiteanna atá buailte ar líne thosaigh na troda nach mór, agus muintir na gceantar sin á bplancadh le buamaí ó lá go lá. Is deacair dóibh díriú ar imeachtaí a reáchtáil nuair is é an chloch is mó ar a bpaidrín gan bás a fháil. Fágann an plancadh buamaí laethúil sin a rian ar an óige i ngach cearn den tír toisc nach acmhainn dóibh a thuilleadh féachaint rompu ar thodhchaí atá i bhfad uathu agus gan a fhios acu cad a bhainfidh dóibh amárach nó fiú amháin i gceann dhá uair an chloig.
Anuas air sin, tá staid airgeadais na hÚcráine guagach agus míshocair de dheasca an chogaidh, rud a fhágann an t-aos óg ar easpa fostaíochta. Bíonn ar dhaoine óga post a aimsiú agus iad ag iarraidh a gcuid staidéir a dhéanamh san am céanna, ní áirím páirt a ghlacadh in eagraíochtaí óige. Ní haon dóithín na cúraimí uile sin a choinneáil ar mheá chothrom le chéile.
Tar éis an mhór-ionraidh, thosaigh cuid mhaith daoine óga ag troid in éadan fhórsaí na Rúise agus airm ina láimh acu in ionad a ndúthracht a chaitheamh le comhairlí nó eagraíochtaí don óige. Dá thoradh sin, níl taithí á fáil ag an aos óg ar réimse na polaitíochta. Rachaidh sé dian orainn sna blianta atá amach romhainn a chinntiú go mbeidh an uile dhuine in ann páirt a ghlacadh sa pholaitíocht mar is ceart.
Faoi scáth Ardán SD, cuirimid oideachas polaitiúil agus seachfhoirmiúil ar fáil in aisce lena chinntiú gurb acmhainn don aos óg tionchar a bheith acu ar an bpolaitíocht ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta.
Cad ina thaobh, dar leat, ar tábhachtach an ní d’eagraíochtaí óige nó d’ionadaithe na n-eagraíochtaí sin freastal ar imeachtaí ar nós YEYS?
Thar aon ní eile, cuireann na himeachtaí idirnáisiúnta sin ar a súile do mhuintir na hÚcráine nach bhfuil dearmad déanta ag muintir na hEorpa orthu. Is mór is tábhachtach linn a bheith anseo, guth a bheith againn, ceisteanna a chur ar dhaoine eile faoin taithí atá acu féin agus smaointe nua a thabhairt abhaile linn.
Fairis sin, léiríonn sé gur cumas dúinn dul isteach san Aontas Eorpach ar ball agus go bhfuilimid tiomanta dósan. De réir mar a thabharfar cuirí eile mar seo dúinn, beidh deis ag aos óg na hEorpa éisteacht linn agus deis againne éisteacht leosan freisin. Is cuma nó comhpháirtíocht eadrainn go léir é.
Cad atá de dhíth ar an aos óg, dar leat, a chuideodh nó a thacódh leo leanúint orthu ag glacadh páirt san obair don óige agus sa ghníomhaíochas?
Sílim gur den mhórthábhacht é go rachadh an tAontas Eorpach i gcomhairle le haos óg na hÚcráine. I mo thuairimse, má leanann an tAontas Eorpach de dheiseanna a chur ar fáil dúinn ról a bheith againn nuair a bhíonn beartais an Aontais á múnlú, beimid ábalta teacht ar chonclúidí i gcomhar le chéile, conclúidí a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh toisc gur cuid den Eoraip sinn. Ar an ábhar sin, is conclúid choiteann a theastaíonn i ngach réimse beartais. Chomh maith leis sin, má leanann an tAontas Eorpach den tacaíocht airgeadais atá á cur ar fáil aige d’aos óg na hÚcráine chun gur féidir dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós YEYS, spreagfaidh sin iad le bheith rannpháirteach i gcónaí sa pholaitíocht toisc nach mbeidh an t-ualach céanna airgeadais ina bhac ar rannpháirtíocht orthu a thuilleadh.
Is gníomhaí óige í Yevheniia Senyk de chuid Ardán SD, balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta Óige na hÚcráine. Is mac léinn i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta í in Ollscoil Náisiúnta Polaiteicnice Lviv.