le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tríd an digitiú a mhéadú i dtionscail na tógála agus na tithíochta agus trí ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i seirbhísí soláthair tithíochta, is féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta san Eoraip. Ós rud é nach riachtanas amháin í an tithíocht ach gur ceart daonna í freisin, tá gá le freagairt uile-Eorpach ar na dúshláin éagsúla, de réir comhdháil a tionóladh le déanaí in CESE. 

le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE

Tríd an digitiú a mhéadú i dtionscail na tógála agus na tithíochta agus trí ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i seirbhísí soláthair tithíochta, is féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair maidir le hinacmhainneacht agus inbhuanaitheacht tithíochta san Eoraip. Ós rud é nach riachtanas amháin í an tithíocht ach gur ceart daonna í freisin, tá gá le freagairt uile-Eorpach ar na dúshláin éagsúla, de réir comhdháil a tionóladh le déanaí in CESE. 

An 21 Samhain, d’eagraigh Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE an chomhdháil Protecting Europe’s most vulnerable through sustainable and affordable housing, comhdháil ina rinneadh plé ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit dálaí tithíochta ar fud na hEorpa a dhéanamh níos cuimsithí, níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe.

Chuir Séamus Boland, cathaoirleach Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, i bhfios go láidir gur ceart daonna é rochtain a bheith ag an duine ar thithíocht leordhóthanach agus go dteastaíonn cur chuige uile-Eorpach ina leith. Leag sé béim ar an nasc idir praghsanna tithíochta a mhéadú agus leibhéil na bochtaineachta, agus chuir sé in iúl go bhfuil soláthar tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe ríthábhachtach chun an bhochtaineacht a dhíothú.

Maidir le straitéis frithbhochtaineachta an Aontais agus Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne, plean a mhol Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, chuir Séamus Boland i bhfios go láidir freisin gur cheart go mbeidís mar chuid de chur chuige beartais trasearnála chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht. Ní mór eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa chur chuige sin feadh an phróisis iomláin a bhainfidh le réitigh a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Ní mór scrúdú a dhéanamh ar thithíocht inbhuanaithe ó dhearcadh níos leithne lena gcuimsítear éifeachtúlacht acmhainní, ciorclaíocht, athléimneacht, oiriúnú agus inrochtaineacht eacnamaíoch.

Cuireadh i láthair ag an ócáid freisin an staidéar nua ó CESE ar thithíocht inbhuanaithe inacmhainne san Aontas Eorpach, arna choimisiúnú ag Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta. Scrúdaítear sa staidéar sin réitigh bheartais chun tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil ar fud an Aontais. Fíosraítear ann dá threocht ar leith atá ag teacht chun cinn, is iad sin, an digitiú agus ról a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta i soláthar tithíochta. Scrúdaítear sa staidéar tionscnaimh nuálacha i sé bhallstát, agus déantar measúnú ar a n-acmhainneacht le haghaidh cur i bhfeidhm níos leithne ar fud na hEorpa.

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi mholtaí beartais meántéarmacha agus fadtéarmacha staidéar CESE anseo.

Is féidir leat féachaint freisin ar chonclúidí agus ar mholtaí na comhdhála.

A chéad chuairt tugtha ag António Costa, Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus na príomhthosaíochtaí atá aige don Aontas leagtha amach aige ann. Chuir sé i bhfáth gurb é an t-iomaíochas an bonn atá faoi rathúnas na hEorpa, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé na cearta sóisialta a cheangal leis má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil. 'Don mhóran, in áit an bheagáin, is gá don iomaíochas dul chun tairbhe', a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus é ag teacht leis an méid sin.

A chéad chuairt tugtha ag António Costa, Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus na príomhthosaíochtaí atá aige don Aontas leagtha amach aige ann. Chuir sé i bhfáth gurb é an t-iomaíochas bonn atá faoi rathúnas na hEorpa, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé na cearta sóisialta a cheangal leis má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil. 'Don mhóran, in áit an bheagáin, is gá don iomaíochas dul chun tairbhe', a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus é ag teacht leis an méid sin.

Ag labhairt dó ag seisiún iomlánach CESE cúpla lá tar éis dó dul i mbun oifige an 1 Nollaig, d’éiligh an tUasal Costa gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar bhonn práinne. ‘Táimid ar an mbóthar ceart. Tá fáthmheas déanta againn, tá tograí uaillmhianacha againn, ach teastaíonn an toil pholaitiúil uainn. Dírímis ar an bhfás, ar phoist agus ar Eoraip shóisialta, ionas go mbeidh glúin óg an lae inniu in ann féachaint siar agus a rá: b’in é an uair a dheimhníomar an rathúnas atá againn.

An t-iomaíochas agus athchóirithe saincheaptha atá i gcroílár chlár oibre an Uasail Costa. Mhol sé an margadh aonair a athnuachan, fáil réidh le rialacháin nach bhfuil gá leo agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus sa nuálaíocht d’fhonn geilleagar na hEorpa a neartú. ‘Tá cuideachtaí láidre ag teastáil uainn - ní toisc gur saoire iad ach toisc go mbíonn siad i mbun nuálaíochta, lena smaointe nua agus an lucht saothair oilte atá acu,’ a dúirt sé. D’éiligh an tUasal Costa freisin athchóirithe feidhmíochtbhunaithe arna spreagadh ag Next Generation EU: ‘Cur chuige loighciúil don todhchaí atá ann.’ D’iarr sé ar na Ballstáit intinn oscailte a bheith acu agus iad ag tabhairt faoi chéad bhuiséad eile an Aontais.

Ní le spriocanna eacnamaíocha amháin a bhaineann an t-iomaíochas; baineann sé le deiseanna a chruthú do gach uile Eorpach agus athléimneacht a chothú,’ a dúirt an tUasal Röpke. ‘Caithfidh an fás eacnamaíoch a bheith fite fuaite leis an dul chun cinn sóisialta, chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.’

Mhol an tUasal Costa gach a ndéanann CESE chun an t-idirphlé sóisialta a chothú. Is é ‘an tsamhail Eorpach’ é, dar leis, maidir le dul i dteagmháil leis an bpobal. ‘Tugann an t-idirphlé sóisialta deis dúinn teacht ar réitigh inbhuanaithe trí idirbheartaíocht leanúnach a dhéanamh idir ionadaithe éagsúla ár sochaithe. Tá sé sin ríthábhachtach, go háirithe sa lá atá inniu ann,’ ar seisean.

I ndíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh, pléadh ábhair imní mhóra, an tithíocht, an imirce agus costais fuinnimh san áireamh - saincheisteanna a bhí luaite mar thosaíochtaí ag an Uasal Costa. Chuir an tUasal Röpke i bhfáth go bhfuil gá le réitigh phraiticiúla, agus béim á cur aige ar an infheistíocht san oideachas, san athsciliú, sa tithíocht inacmhainne agus san aistriú glas. ‘Tá CESE lántiomanta do ghuth na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas chun Eoraip chuimsitheach athléimneach a chruthú a bheidh ullmhaithe do dhúshláin na todhchaí.’ (gb)

San eagrán seo:

  • A chinntiú go mbeidh tacaíocht d’fhiontair shóisialta i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an státchabhair le Guiseppe Guerini
  • Taispeáint CESE den scannán ‘Under the Grey Sky’ - agallamh leis an stiúrthóir Mara Tamkovich
  • D’fhéadfadh comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann dúshlán a thabhairt don tionscadal Eorpach le Camille le Coz, MPI Europe
  • Uaigheanna gan ainm ag teorainneacha seachtracha na hEorpa le Barbara Matejčić
  • Dídeanaithe ón tSiria:

    - Cur chuige an Aontais i leith daoine atá ag filleadh ar an tSiria - cor cinniúnach i mbeartas imirce le Alberto-Horst Neidhardt, EPC

    - Níor cheart do thíortha an Aontais iallach a chur ar dhídeanaithe ón tSiria filleadh le linn éagobhsaíocht leanúnach le Jean-Nicolas Beuze, UNHCR

Cinneadh maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chonartha um Chairt Fuinnimh

Document Type
AC

An Daonlathas san Afraic: an scéal mar atá i láthair na huaire agus na hionchais don am atá le teacht

Document Type
AC

Leasú - Ábhar atáirgthe foraoise

Document Type
AC

CETFT a leasú chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh

Document Type
AC

San eagrán seo:

  • Andrey Gnyot: Namhaid an stáit – géarleanúint na n-iriseoirí sa Bhealarúis
  • Toscaireacht CESE ag COP16 agus COP29: Is é ár n-aimhleas féin atáimid a dhéanamh
  • Adélaïde Charlier: Fealladh faoi na billiúin: tréigean an cheartais aeráide ag COP29
  • Luz Haro Guanga: An comhrac ar son pláinéad sláintiúil – ceist beatha nó báis
  • Mariya Mincheva: Nuair nach mbaintear lántairbhe as Schengen – costas ard don Bhulgáir agus don Rómáin, agus don mhargadh aonair freisin
     

 

San eagrán seo:

  • Andrey Gnyot: Namhaid an stáit – géarleanúint na n-iriseoirí sa Bhealarúis
  • Toscaireacht CESE ag COP16 agus COP29: Is é ár n-aimhleas féin atáimid a dhéanamh
  • Adélaïde Charlier: Fealladh faoi na billiúin: tréigean an cheartais aeráide ag COP29
  • Luz Haro Guanga: An comhrac ar son pláinéad sláintiúil – ceist beatha nó báis
  • Mariya Mincheva: Nuair nach mbaintear lántairbhe as Schengen – costas ard don Bhulgáir agus don Rómáin, agus don mhargadh aonair freisin
     

In 2021, d’éirigh leis an ngluaiseacht Bheilgeach Grootouders voor het Klimaat (Seantuismitheoirí ar son na haeráide) Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE a bhuachan i gcatagóir na gníomhaíochta aeráide lena bhfeachtas ‘Ár n-airgead taisce dá dtodhchaí siúd’. Is éard a bhí beartaithe leis an bhfeachtas thart ar 2.4 milliún seantuismitheoir Beilgeach a spreagadh chun a gcoigilteas – a mheastar a bheith cothrom le thart ar EUR 910 billiún de shócmhainní – a athinfheistiú i dtionscadail níos inbhuanaithe. Labhair CESE Info le Grootouders voor het Klimaat i dtaobh cúrsaí aeráide agus airgeadas inbhuanaithe, na rudaí a bhfuil súil acu leo agus a bpleananna don todhchaí.

In 2021, d’éirigh leis an ngluaiseacht Bheilgeach Grootouders voor het Klimaat (Seantuismitheoirí ar son na haeráide) Duais na Sochaí Sibhialta de chuid CESE a bhuachan i gcatagóir na gníomhaíochta aeráide lena bhfeachtas ‘Ár n-airgead taisce dá dtodhchaí siúd’. Is éard a bhí beartaithe leis an bhfeachtas thart ar 2.4 milliún seantuismitheoir Beilgeach a spreagadh chun a gcoigilteas – a mheastar a bheith cothrom le thart ar EUR 910 billiún de shócmhainní – a athinfheistiú i dtionscadail níos inbhuanaithe. Labhair CESE Info le Grootouders voor het Klimaat i dtaobh cúrsaí aeráide agus airgeadas inbhuanaithe, na rudaí a bhfuil súil acu leo agus a bpleananna don todhchaí.

An bhfuil torthaí sonracha ar bhur bhfeachtas tar éis trí bliana? Cén chuma i gcoitinne atá ar staid an airgeadais aeráide agus inbhuanaithe sa Bheilg – an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus an dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis?

Ba mhór an t-aitheantas agus an tacaíocht dúinn Duais CESE. Is minic a dtagraímid don duais sin agus teagmháil á déanamh againn leis an rialtas, le heagraíochtaí eile a thacaíonn linn agus lenár gcomhshaoránaigh. Chabhraigh sí linn nasc a chruthú le daoine agus grúpaí nua agus lenár bhfeachtas a fhorbairt a thuilleadh, ar mhaithe leis na seantuismitheoirí agus na glúnta óga, trí chur i láthair, ceardlanna agus sraith ceachtanna a chur le chéile faoin airgeadas inbhuanaithe.

Thugamar faoi deara nach dtuigtear go huile agus go hiomlán go fóill cad é an t-airgeadas inbhuanaithe. Mar sin féin, ar leibhéal na hEorpa rinneadh iarrachtaí tábhachtacha ina leith sa reachtaíocht (tacsanomaíocht, an comhaontú glas, an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD), an Treoir maidir le dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta (CSDDD), etc.), rud a chiallaíonn anois go bhfuil i bhfad níos mó tionscnamh á ndéanamh ag gnólachtaí agus earnálacha agus gur féidir linne iad a lua mar shamplaí. Tugann na hiarrachtaí sin dóchas dúinn ach tá géarghá leo freisin, rud a thuigtear nuair a fheictear an toradh (easnamhach) a bhí uair amháin eile ar na cainteanna COP in Baku.

Tugadh le fios i staidéar a rinneadh le deireanas go bhfuil géarghá fós lenár gcuid oibre chun daoine a chur ar an eolas. Ní bhaineann ach 5-15 % de na hinfheisteoirí leas as an gceart atá acu iarraidh ar a n-institiúidí airgeadais an inbhuanaitheacht a chur san áireamh, ainneoin gur ábhar tábhachtach atá ann dar le breis infheisteoirí. Caithfimid coinneáil den obair seo dá bhrí sin.

Cén toradh a bhfuil sibh ag súil leis ag COP29? An bhfuil páirt á glacadh agaibh sa chomhdháil, nó an é go bhfuil sibh ag tacú le Ferre, an buachaill 12 bhliain d’aois agus a sheantuismitheoirí? An gceapann sibh gur ábhar an-tábhachtach é an maoiniú don aeráid le go bhféadfar an t-aistriú cóir a bhaint amach?

Agus an t-alt seo á scríobh againn, tá clabhsúr curtha le COP29. Ón tús, thugamar ár dtacaíocht iomlán, idir thacaíocht airgeadais agus tacaíocht chumarsáide, do Ferre, an buachaill 12 bhliain d’aois, a rinne an turas go Baku lena sheantuismitheoirí atá ina mbaill de Grootouders voor het Klimaat, lena chinntiú go mbeadh guthanna leanaí san áireamh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis na seantuismitheoirí uile agus na húdaráis uile a chinntigh gurbh fhéidir sin a dhéanamh.

Ba é a bhí beartaithe le COP29 gur COP an mhaoinithe aeráide a bheadh ann, toisc go bhfuil an-tábhacht leis an maoiniú sin chun an t-aistriú cóir a bhaint amach. Ar an drochuair, chonaiceamar in Baku nár leor an méid a rinneadh. Níl aon athrú ar ár dteachtaireacht: tá an t-airgead ann agus iarraimid orthu siúd a bhfuil sé acu freagracht a ghlacadh agus é a úsáid go hinbhuanaithe le haghaidh thodhchaí ár ngarpháistí.

Cad iad na tionscadail is déanaí de chuid Grootouders voor het Klimaat ba mhaith libh a lua? An bhfuil aon tionscadail nua ar na bacáin?

Táimid dóchasach faoin todhchaí. 2025, deich mbliana tar éis Chomhaontú Pháras, sin an bhliain a rachaidh Grootouders voor het Klimaat chomh fada leis na seantuismitheoirí atá ina mbaill d’eagraíochtaí móra na seanóirí i bhFlóndras. Tá na hullmhúcháin á ndéanamh againn faoi láthair le go mbeidh cúpla scór ball de Grootouders voor het Klimaat in ann dul faoi oiliúint le go mbeidh siad in ann labhairt go muiníneach faoi chúrsaí aeráide, agus iad in ann teagmháil a dhéanamh le daoine agus éisteacht leo.

Tá ceardlanna éagsúla curtha le chéile againn; ina measc tá ceardlann maidir leis an gcoigilt agus an infheistíocht inbhuanaithe, agus cuirimid an cheardlann sin ar fáil saor in aisce do gach brainse áitiúil d’eagraíochtaí na seanóirí. Feictear dúinn go bhfuil an-spéis á cur san ábhar. Deireadh mhí na Samhna 2025, tá mórimeacht clabhsúir á eagrú againn. Tá súil againn nach clabhsúr a bheidh ann ach gur tús é le tiomantas don todhchaí, tiomantas a fhásfaidh de réir a chéile.

Tá Hugo Van Dienderen ar dhuine de chomhbhunaitheoirí agus de chomhchathaoirligh Grootouders voor het Klimaat. Bunaíodh Grootouders voor het Klimaat in 2019. Is gluaiseacht neamhspleách seanóirí atá ann, ar seantuismitheoirí iad den chuid is mó, atá ag iarraidh domhan inmharthana a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.

Sa ghrianghraf tá Ferre agus a sheantuismitheoirí ar son na haeráide le linn COP29 in Baku. Bhí Ferre in ann an imní atá air faoin ngéarchéim aeráide a mhíniú do lear mór daoine tábhachtacha.

Le Mariya Mincheva

Chomhlíon an Bhulgáir agus an Rómáin na coinníollacha chun dul isteach i limistéar Schengen in 2011. 13 bliana ina dhiaidh sin, áfach, níor deonaíodh sochair iomlána na saorghluaiseachta dóibh go fóill. Baineann praghas polaitiúil leis an neamhréireacht sin agus cuireann sí leis an eoraisceipteachas.

Le Mariya Mincheva

Chomhlíon an Bhulgáir agus an Rómáin na coinníollacha chun dul isteach i limistéar Schengen in 2011. 13 bliana ina dhiaidh sin, áfach, níor deonaíodh sochair iomlána na saorghluaiseachta dóibh go fóill. Baineann praghas polaitiúil leis an neamhréireacht sin agus cuireann sí leis an eoraisceipteachas.

Ag cruinniú den Chomhairle an 22 Samhain i mBúdaipeist, d’aontaigh airí gnóthaí inmheánacha na hUngáire, na hOstaire, na Bulgáire agus na Rómáine tús a chur leis na céimeanna is gá chun dáta a shocrú chun deireadh a chur le seiceálacha ar theorainneacha talún, faoi réir iarrachtaí níos láidre chun srian a chur ar imircigh neamhrialta a thagann trí bhealach na mBalcán Thiar.

Tá Comhaontú Schengen ríthábhachtach do shaorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil laistigh den Aontas, agus is toisc ríthábhachtach é i dtaca le rath eacnamaíoch an Aontais. Nuair a chuirtear srianta leis, baintear an bonn d’iomaíochas agus d’fhás eacnamaíoch an Aontais agus cuirtear bac ar sheachadadh an gheilleagair shóisialta margaidh dá mbeartaítear sna Conarthaí.

Le blianta anuas, tá rialuithe teorann á n-athbhunú go sealadach ag na Ballstáit. Mar sin féin, ní dhearnadh meastóireacht ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bhíonn ag na cinntí sin ar an margadh aonair. Déanann an Coimisiún Eorpach measúnú ar bhacainní fisiciúla trádála, ach ní chumhdaítear leis sin ach imshuíonna, léirsithe agus ionsaithe le trucailí ag teorainneacha. Ní thugtar aird ar thionchar na rialuithe teorann talún, athbhunú sealadach na rialuithe teorann ag Ballstáit Limistéar Schengen san áireamh.

In 2023, d’aontaigh an Chomhairle deireadh a chur le rialuithe teorann aeir agus muirí leis an mBulgáir agus leis an Rómáin amhail ón 31 Márta 2024. Mar sin féin, coinníodh seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha talún ar bun, gan aon dáta socraithe chun iad a bhaint, rud as ar eascair costais shuntasacha agus nár lig do chuideachtaí leas iomlán a bhaint as an margadh aonair.

Ach céimeanna a ghlacadh chun an Bhulgáir agus an Rómáin a lánpháirtiú go hiomlán i limistéar Schengen, is féidir leis an Aontas a chomhtháthú inmheánach a neartú, a iomaíochas a neartú, agus seasamh le bunphrionsabail na saorghluaiseachta agus na dlúthpháirtíochta atá mar bhonn taca leis an tionscadal Eorpach.

Tá sé áitithe ag Parlaimint na hEorpa go bhféadfadh sé difear a dhéanamh d'ionchais an mhargaidh maidir le stádas na dtíortha seo san Aontas gan iad a bheith mar chuid de limistéar Schengen. Is comhartha polaitiúil é a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar na torthaí a bhíonn le fáil ar bhannaí rialtais, ar phraghas sócmhainní airgeadais, agus ar na rátaí úis a bhíonn ar fáil do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, agus dochar a dhéanamh don fhíorgheilleagar.

Íocann an dá thír na billiúin euro gach bliain de dheasca costais lóistíochta mhéadaithe, moilleanna ar earraí agus trealamh a sheachadadh, agus costais mhéadaithe breosla agus tiománaithe. Ar ndóigh, is ar an tomhaltóir a thiteann na costais dhíreacha sin go léir ar deireadh, i bhfoirm praghsanna níos airde, rud a imríonn tionchar ar shláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte na n-oibrithe.

Cúrsaí mar atá, cuireann siad bac ar an turasóireacht. Cuirtear bac ar shaorghluaiseacht oibrithe, agus dá bhrí sin cuirtear teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag oibrithe ón mBulgáir agus ón Rómáin fostaíocht a lorg sna Ballstáit atá ina gcomharsana acu san Aontas. Tá tionchar ag an teorannú sin ar thionscail na tógála, na talmhaíochta agus na seirbhísí, a bhíonn ag brath go mór ar oibrithe séasúracha agus sealadacha.

Sa tuarascáil uaidh maidir le todhchaí an mhargaidh aonair, d’iarr Enrico Letta ar na hinstitiúidí Eorpacha cur go láidir i gcoinne aon iarracht chun an tsaorghluaiseacht idir na Ballstáit a theorannú, lena n-áirítear srianta teicniúla ar chonairí agus ar iompar de bhóthar, agus iarracht Comhaontú Schengen a chur ar fionraí ar aon slí.

Tá sé thar am ag an gComhairle dáta a shocrú chun deireadh a chur le rialuithe teorann talún idir an Bhulgáir, an Rómáin agus na Ballstáit eile ar baill iad de limistéar Schengen. Meastar go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an tsaincheist sin ag an gcruinniú a bheidh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 12 Nollaig.