Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Fóram Ardleibhéil maidir le Cearta na mBan, inar tugadh le chéile guthanna ceannródaíocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le cearta na mban agus inar leagadh amach príomhthosaíochtaí roimh an seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan atá ar na bacáin.

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Fóram Ardleibhéil maidir le Cearta na mBan, inar tugadh le chéile guthanna ceannródaíocha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a bhaineann le cearta na mban agus inar leagadh amach príomhthosaíochtaí roimh an seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan atá ar na bacáin.

Ba léir an teachtaireacht a bhí mar thoradh ar Fhóram Ardleibhéil CESE maidir le Cearta na mBan: Tá dul chun cinn déanta, ach ní leor sin. Cé go bhfuil bearta déanta ag an Aontas chun mná agus cailíní a chosaint, tá cineálacha struchtúracha neamhionannais, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ina mbagairt ar an méid a d’éirigh leis an Eoraip a bhaint amach. Fad a bheidh bacainní struchtúracha fós ann, beidh rannpháirtíocht iomlán na mban sa tsochaí teoranta.

Ag an bhfóram ardleibhéil, a tionóladh an 26 Feabhra le linn sheisiún iomlánach CESE, tugadh le chéile cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um Chomhionannas in CESE, Sif Holst, Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus an Coimisinéir um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, Hadja Lahbib, chomh maith le Carlien Scheele (Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne), Florence Raes (Stiúrthóir Oifig Ban na Náisiún Aontaithe sa Bhruiséil), Ayşe Yürekli (Ionadaí AE ag KAGIDER — Fiontraithe Ban na Tuirce), Mary Collins (Ard-Rúnaí Bhrústocaireacht na mBan san Eoraip) agus Cianán Russell (Oifigeach Sinsearach Beartais in ILGA Europe).

Bhí dhá phainéal dhinimiciúla mar chuid den fhóram a thug aghaidh ar dhúshláin phráinneacha maidir le comhionannas inscne, gach ceann acu ceangailte le príomhthuairimí CESE a glacadh le linn an tseisiúin. Tháinig saineolaithe, abhcóidí agus lucht ceapadh beartas le chéile chun léargais a roinnt, réitigh a mholadh agus gealltanais a threisiú maidir le cearta na mban a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Dhírigh an chéad phainéal ar an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (UNCSW69) atá ar na bacáin agus dhírigh an dara painéal ar fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní mar shaincheist a bhaineann le cearta an duine. Glacadh dhá thuairim ghaolmhara sa suí iomlánach freisin a bhí ar siúl tar éis an fhóraim: Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan agus An foréigean in aghaidh na mban, saincheist a bhaineann le cearta an duine. (lm)

An 6 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht maidir le Comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Tionsclaíocht Ghlan, cúpla lá roimh an bplé a bhí beartaithe ag an gComhairle don 12 Márta. Rinne lucht ceaptha beartas, ceannairí tionscail agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta an plean a chíoradh lena fháil amach an bhféadfadh sé tacú i gceart le hearnáil teicneolaíochta glaine, tionscail dianfhuinnimh agus uathriail straitéiseach na hEorpa.

An 6 Márta, reáchtáil CESE díospóireacht maidir le Comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Tionsclaíocht Ghlan, cúpla lá roimh an bplé a bhí beartaithe ag an gComhairle don 12 Márta. Rinne lucht ceaptha beartas, ceannairí tionscail agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta an plean a chíoradh lena fháil amach an bhféadfadh sé tacú i gceart le hearnáil teicneolaíochta glaine, tionscail dianfhuinnimh agus uathriail straitéiseach na hEorpa.

I bhfianaise a éagobhsaí agus atá cúrsaí geopholaitíochta agus na n-athruithe atá ag teacht ar an gcaidreamh trasatlantach, is práinní ná riamh an gá atá ag an Eoraip le huathriail straitéiseach. Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan dlús a chur leis an dícharbónú agus, san am céanna, borradh a chur faoin iomaíochas tionsclaíoch, agus na praghsanna fuinnimh a ísliú mar an chéad chéim. Tá amhras ann go fóill, áfach, faoina indéanta agus atá sé agus faoi cheist an chistiúcháin.

‘Níl i gceist anseo rogha a dhéanamh idir an uathriail, an t-iomaíochas agus an dá aistriú. Baineann sé seo le gach earnáil thionsclaíoch agus ní mór dóibh go léir oiriúnú a dhéanamh, ar a luas féin ach de réir gealltanais shoiléire,’ arsa Pietro de Lotto, Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha in CESE, agus é ag cur in iúl gur ceist chothromaíochta atá ann.

Tá sé curtha i bhfáth ag an gCoimisiún Eorpach gur riachtanas geopholaitiúil é a bheith neamhspleách ar fhuinneamh na Rúise, ach is ábhar imní atá ag dul i méid é meath tionsclaíoch na hEorpa. Tá laghdú suntasach tagtha ar an aschur tionsclaíoch agus ar theacht isteach na hinfheistíochta dírí coigríche le dhá bhliain anuas.

Dúshlán ollmhór a bheidh sa chistiúchán. Má táthar le cuspóirí an phlean a bhaint amach, beidh ar institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus an lucht tionscail dul i gcomhar le chéile. Cé go bhfuil frithráthaíochtaí €500 milliún geallta ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon le €1.5 billiún le feabhas a chur ar na heangachaí fuinnimh, caithfidh na rialtais náisiúnta acmhainní breise a thabhairt le chéile.

Saincheist ríthábhachtach eile is ea tionchar sóisialta na aistrithe, go háirithe i gcás na dtionscal dianfhuinnimh a bhfuil líon suntasach post caillte iontu cheana féin. Cheistigh ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta an bhféadfadh sé go mbeadh de thoradh ar chánacha fuinnimh a laghdú, ar ceann de phríomh-mholtaí an Chomhaontaithe é, go laghdófaí an méid a chaitear ar an oideachas agus an tsláinte.

D’ainneoin an dóchais a bhaineann le haidhmeanna fadtéarmacha an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, chuir saineolaithe in iúl an t-imní atá orthu nach mbeadh sé in ann dul i ngleic le cuid de na dúshláin ghearrthéarmacha. Tá ríthábhacht ag baint leis an luas agus an simpliú, ó d’fhéadfadh ardchostais fuinnimh agus bacainní rialála moill a chur ar an dul chun cinn. Dúshláin atá in ilroinnt na mbeartas náisiúnta i gcónaí, agus tá baol ann nach dtapófar an deis atá sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan na beartais thionsclaíocha a thabhairt le chéile ar fud na hEorpa.

Údar imní eile is ea an neodracht theicneolaíoch, agus is ábhar díospóireachta an rud is cothromaíocht chuí idir na foinsí in-athnuaite fuinnimh, an hidrigin agus bithbhreoslaí. Cé gur díol sásaimh an bhéim atá leagtha ar an bhfuinneamh in-athnuaite, tá gá fós le tiomantas láidir don éifeachtúlacht fuinnimh. A bhuí leis an bhfuinneamh in-athnuaite tá €100 billiún sábháilte cheana féin ag na tomhaltóirí idir 2021 agus 2023. Dea-scéal é sin agus ba cheart don Aontas leanúint air sa treo sin. (jh)

Trí bliana ó shin, rinne arm na Rúise fogha gan chúis ar an Úcráin. Ní hamháin gur ionsaí ar náisiún ceannasach a bhí ann, ach ionsaí ar bhunluachanna an daonlathais, ar dhínit an duine agus ar an ord idirnáisiúnta agus ar na rialacha is bunús leis an ord sin. Seasaimidne i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine, arsa Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i ráiteas a eisíodh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra.

Trí bliana ó shin, rinne arm na Rúise fogha gan chúis ar an Úcráin. Ní hamháin gur ionsaí ar náisiún ceannasach a bhí ann, ach ionsaí ar bhunluachanna an daonlathais, ar dhínit an duine agus ar an ord idirnáisiúnta agus ar na rialacha is bunús leis an ord sin. Seasaimidne i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine, arsa Uachtarán CESE, Oliver Röpke, i ráiteas a eisíodh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra.

Ón gcéad lá den ionradh seo anall, táimidne ag seasamh leis an Úcráin – ní hamháin go siombalach, ach le gníomhaíocht iarbhír. Dearbhaímid arís inniu ár dtiomantas buanseasmhach do cheannasacht, do dhaonlathas agus do thodhchaí na hÚcráine. Iarraimid ar an Aontas an tacaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch, dhaonnúil agus mhíleata a chothú agus a neartú.

Tá misneach agus athléimneacht thar na bearta léirithe ag muintir na hÚcráine leis an tír a chosaint agus leis na prionsabail a nascann le chéile sinn mar Eorpaigh a chosaint chomh maith céanna. Ón gcéad lá den ionradh seo anall, táimidne ag seasamh leis an Úcráin – ní hamháin go siombalach, ach le gníomhaíocht iarbhír. Tá comhaltaí CESE agus sochaí shibhialta na hEorpa ag seasamh leis an Úcráin chomh maith céanna.

Tá an éiginnteacht gheopholaitiúil ag dul i méid, agus is mór an chúis imní dá réir na ráitis a rinne toscairí na Stát Aontaithe le déanaí, ráitis inar ceistíodh tiomantas cosanta ccoiteann ECAT. Ní haon tráth réchúise don Eoraip é.

Ní hamháin go bhfuil an Úcráin ag troid go misniúil ionas nach bhfáiscfear bradán na beatha aistí, ach is ar son shlándáil mhór-roinn na hEorpa ar fad atá sí ag seasamh an fhóid.

Tá CESE ag tathant ar cheannairí an Aontais an deis seo a thapú chun acmhainní slándála agus cosanta na hEorpa a neartú, chun an neamhspleáchas straitéiseach a ath-shainmhíniú, chun an t-iltaobhachas a chosaint agus chun an comhar leis na Náisiúin Aontaithe a dhoimhniú, sin agus comhpháirtíochtaí domhanda níos láidre a chruthú le comhghuaillithe daonlathacha lasmuigh den Eoraip.

Ní mór don Eoraip gníomhú láithreach bonn.

Ní haon tráth faillí é. Is maith a thagann t-uathlath agus an t-ionsaitheoir i dtír ar an easpa práinne.

Ní mór do na tíortha daonlathacha a bheith aontaithe agus ní mór dóibh a bheith daingean dá réir.

Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas an neamhspleáchas straitéiseach a threisiú, an daonlathas agus cearta bunúsacha araon a chosaint, agus seasamh go diongbháilte leis an Úcráin. Is mithid don Aontas gníomhaíocht gheopholaitiúil a dhéanamh go straitéiseach feasta.

Féach leat an bróisiúranseo. (at)

Bhí os cionn 800 rannpháirtí a ghlac páirt i Seachtain na Sochaí Sibhialta, ina measc sin rannpháirtithe ó eagraíochtaí saoránach agus páirtithe leasmhara éagsúla ó gach cearn den Eoraip, ó eagraíochtaí óige go heagraíochtaí neamhrialtasacha, iriseoirí agus tuilleadh eile nach iad. Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an t-imeacht ar siúl an 17-20 Márta 2025. Bhí seisiún tosaigh an imeachta tiomanta don spás sibhialta a chosaint trí dhul i muinín an dlí. I rith an tseisiúin, athdhearbhaíodh an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta: lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais, athmhuintearas a chothú, tacú le hathléimneacht shóisialta agus ardán a thabhairt dóibh siúd a ndéantar neamhaird orthu go rómhinic. 

Bhí os cionn 800 rannpháirtí a ghlac páirt i Seachtain na Sochaí Sibhialta, ina measc sin rannpháirtithe ó eagraíochtaí saoránach agus páirtithe leasmhara éagsúla ó gach cearn den Eoraip, ó eagraíochtaí óige go heagraíochtaí neamhrialtasacha, iriseoirí agus tuilleadh eile nach iad. Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an t-imeacht ar siúl an 17-20 Márta 2025. Bhí seisiún tosaigh an imeachta tiomanta don spás sibhialta a chosaint trí dhul i muinín an dlí. I rith an tseisiúin, athdhearbhaíodh an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta: lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais, athmhuintearas a chothú, tacú le hathléimneacht shóisialta agus ardán a thabhairt dóibh siúd a ndéantar neamhaird orthu go rómhinic.

Ba é téama eagrán 2025 de Sheachtain na Sochaí Sibhialta An comhtháthú agus an rannpháirtíocht a threisiú sa tsochaí atá scoilte go mór. Bhí trí mhórthionscnamh i gceist leis an tSeachtain i mbliana: Grúpaí Idirchaidrimh CESE, an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus Duais na Sochaí Sibhialta. Bhí sé d’aidhm ag an imeacht:

  • aghaidh a thabhairt ar an scoilteadh méadaitheach a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais, ar an athrú aeráide agus ar na neamhionannais ioncaim atá ag dul in olcas;
  • béim a leagan ar an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag an tsochaí shibhialta sa chomhthéacs sin;
  • réitigh agus éilimh na sochaí sibhialta ar lucht ceaptha beartas an Aontais a bhailiú chun cuidiú leis an scoilteadh san Eoraip a réiteach tríd an gcomhtháthú sóisialta agus an rannpháirtíocht dhaonlathach i bpríomhréimsí don tsochaí a threisiú.

Ag tús an tseisiúin, thug Uachtarán CESE, Oliver Röpke, óráid inar chuir sé i bhfáth nach mór don tsochaí shibhialta a bheith inchurtha leis an dúshlán atá roimhe, ‘Ní hé gur idéil iad an rannpháirtíocht, an t-idirphlé agus an dlúthpháirtíocht agus sin a bhfuil. Is iad is bonn le hEoraip athléimneach aontaithe. Agus muid tagtha le chéile le haghaidh Sheachtain na Sochaí Sibhialta, athdhearbhaímid go bhfuilimid tiomanta don chuimsiú agus don tsaoránacht ghníomhach. Braitheann daonlathas láidir ní hamháin ar institiúidí, ach ar rannpháirtíocht a muintire uile leis.’

Thug Albena Azmanova, Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil agus Shóisialta in City Saint George’s, University of London, eochairaitheasc inar labhair sí faoin éiginnteacht eacnamaíoch atá ag dul i méid i gcás fhormhór na ndaoine. Chuaigh sí chomh fada le rá gur ‘eipidéim na héiginnteachta’ atá ann. Mhínigh sí cén fáth gurb í an tsochaí shibhialta is féidir an tsáinn a fhuascailt tráth a bhíonn éiginnteacht ollmhór ann.

‘Níl de thoil ag an gcuid is mó de dhaoine dul ag troid toisc iad a bheith thíos le héiginnteacht ollmhór airgeadais. Ach tá an toil sin ag an tsochaí shibhialta. Tá cuspóir ag gníomhaithe na sochaí sibhialta a spreagann chun gnímh iad: cur i gcoinne na héagóra. Is iad cosa agus airm infheicthe an daonlathais iad,’ arsa Azmanova.

Mar a dúirt Younous Omarjee, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ‘Tá an tsochaí shibhialta ag teastáil uainn chun na saoránaigh a thabhairt le chéile, go háirithe na laethanta seo agus méadú ag teacht ar an indibhidiúlachas, agus chun cur i gcoinne na smaointe atá i bhfad amach ar an eite dheis atá ag scaipeadh.’

Tharraing Adriana Porowska, Aire Sochaí Sibhialta le hUachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, aird ar an ról ríthábhachtach a bhí ag eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le hathléimneacht shóisialta a thógáil agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus iargúlta. Labhair sí freisin faoi shampla na sochaí sibhialta sa Pholainn, a bhfuil an athléimneacht náisiúnta á cinntiú aici sa tír.

Chuir Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE le líonraí Eorpacha na sochaí sibhialta, i bhfios go láidir go gcothaítear aontacht san éagsúlacht ar leibhéal an phobail, is é sin mantra an Aontais agus tá sé bródúil as. Mar sin féin, luaigh Xhomaqi go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi ionsaí, agus go bhfuil amhras ann faoina maoiniú agus faoina ról. ‘Gan acmhainní, ní féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta feidhmiú. Caithfidh na hinstitiúidí an tsochaí shibhialta a chosaint; teastaíonn cosaint dhlíthiúil uainn don spás sibhialta chun ár tsochaí a choinneáil le chéile agus aontaithe san éagsúlacht.’

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá. Ní mór don Aontas gníomhú anois chun na heagraíochtaí sin agus an daonlathas a chosaint. Ag an díospóireacht iomlánach a bhí aige ar Lá Idirnáisiúnta na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) teachtaireacht shoiléir in iúl: tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta i gcosaint an daonlathais. Agus ciorruithe cistiúcháin ag bagairt orthu, ní mór don Aontas gníomhú láithreach bonn chun iad a chosaint agus chun tacú leo.

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá. Ní mór don Aontas gníomhú anois chun na heagraíochtaí sin agus an daonlathas a chosaint. Ag an díospóireacht iomlánach a bhí aige ar Lá Idirnáisiúnta na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) teachtaireacht shoiléir in iúl: tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta i gcosaint an daonlathais. Agus ciorruithe cistiúcháin ag bagairt orthu, ní mór don Aontas gníomhú láithreach bonn chun iad a chosaint agus chun tacú leo.

An 27 Feabhra, bhí díospóireacht ag CESE dar teideal An tAontas Eorpach agus an tSochaí Shibhialta: an Daonlathas agus an Rannpháirtíocht a neartú, lenar tugadh deis d’ionadaithe agus do shaineolaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa plé agus meastóireacht a dhéanamh ar ról na n-eagraíochtaí sin sa réimse ríthábhachtach seo.

Chuir Raquel García Hermida-Van Der Walle, Feisire ó Renew Europe, in iúl gur minic a rannchuidíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta le srianta agus ceartúcháin. Cuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta modhanna éagsúla idirghníomhaíochta sóisialta ar fáil freisin, rud a d’fhéadfadh teacht in ionad seirbhísí rialtais a d’fhéadfadh a bheith in easnamh. Mar thoradh air sin, is iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta na chéad eagraíochtaí ar díríodh orthu, toisc gur féidir leo a bheith míchaoithiúil ó thaobh na polaitíochta de do roinnt rialtas.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Nicholas Aiossa, Stiúrthóir Transparency International Europe: ‘Tá feachtas polaitiúil eagraithe ar bun i bParlaimint na hEorpa chun míchlú a tharraingt ar ról agus ar fheidhm eagraíochtaí na sochaí sibhialta, iad a dhíchistiú agus cur isteach orthu. Níor aimsíodh aon fhianaise ar neamhrialtachtaí airgeadais.’

I mí Eanáir, chuir Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) i bParlaimint na hEorpa, páirtí atá ar dheis ón lár, i leith eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus aeráide go raibh siad á maoiniú ag an gCoimisiún Eorpach chun stocaireacht a dhéanamh ar an bParlaimint, ar institiúidí eile de chuid an aontais agus ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, rud a spreag racht feirge i measc eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa.

Ní rud nua é an cáineadh a dhéantar ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ach tá méadú tagtha ar na hionsaithe le déanaí mar gheall ar an mbréagnuacht agus ar an mífhaisnéis. Mar a dúirt Brikena Xhomaqi, comhchathaoirleach an Ghrúpa Idirchaidrimh in CESE, is oscailt súl atá ann d’eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta gur gá dóibh seasamh le chéile agus athrú a dhéanamh. ‘Ba cheart na daoine a chur ar an eolas go mbraitheann an chuid is mó d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar obair dheonach. Níl airgead na gcáiníocóirí á chur amú againn.’

D’iarr na rannpháirtithe ar an gCoimisiún Eorpach freisin labhairt amach ar bhealach níos láidre faoin ábhar sin, agus mhol siad roinnt réiteach chun ról na n-eagraíochtaí sin a threisiú.

Dúirt Raquel García Hermida-Van Der Walle go n-iarrfadh sí go ndéanfaí ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta a aithint agus a neartú níos mó sa tuarascáil maidir leis an smacht reachta agus sa chóras coinníollachta mar choinníoll cumasúcháin.

Dúirt Michał Wawrykiewicz, Feisire ó PPE, gurbh é a mhisean feasacht a mhúscailt faoi na hábhair ríthábhachtacha seo laistigh dá ghrúpa. Pointe eile a tharraing sé anuas ná gur gá cinnteoirí a chur ar an eolas gur eagraíochtaí iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a fheidhmíonn ar an láthair agus a sholáthraíonn seirbhísí ríthábhachtacha a mbíonn tionchar díreach acu ar shaol na ndaoine.

D’fhormhuinigh Uachtarán CESE, Oliver Röpke, seasaimh ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: ‘Ní mór dúinn cur i gcoinne na n-iarrachtaí atá á ndéanamh chun na heagraíochtaí sin a dhídhlisteanú nó chun srian a chur ar an rochtain atá acu ar acmhainní atá riachtanach don rannpháirtíocht dhaonlathach. Mar gheall ar shrianta cistiúcháin agus brúnna polaitiúla atá ag dul i méid, is léir go dteastaíonn tacaíocht níos láidre agus níos intuartha ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun leanúint dá gcuid oibre ríthábhachtaí.’ (at)

TionóladhLeatsa an Eoraip, Abair Leat! an 13 agus an 14 Márta seo caite. Tionól bliantúil é seo i gcomhair na hóige a bhíonn á eagrú ag CESE. Díríodh ann ar ról na ndaoine óga i múnlú na todhchaí athléimní. 

TionóladhLeatsa an Eoraip, Abair Leat! an 13 agus an 14 Márta seo caite. Tionól bliantúil é seo i gcomhair na hóige a bhíonn á eagrú ag CESE. Díríodh ann ar ról na ndaoine óga i múnlú na todhchaí athléimní. 

Ag ócáid na bliana seo, tháinig beagnach 100 duine óg le chéile ó gach cearn den Aontas, ó naoi dtír is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, sin agus ón Ríocht Aontaithe. Labhair na rannpháirtithe thar ceann na n-eagraíochtaí óige, na gcomhairlí náisiúnta óige agus na meánscoileanna, rud a tharraing aird ar gacj is ábhar imní do raon leathan grúpaí. Is abhcóidí óga go leor acu a bhfuil taithí na mblianta acu. I gcás daoine eile, ba é an t-imeacht seo an chéad chéim thábhachtach chun dul i ngleic leis an daonlathas rannpháirtíochta ina bpobail féin agus níos faide ó bhaile.

Le linn na gceardlann, faoi threoir na n-éascaitheoirí, thug na daoine óga suntas do na saincheisteanna is práinní ar cheart dar leor go gcuirfeadh na gníomhaithe polaitiúla aghaidh orthu. I measc na gceisteanna sin, bhí an comhrac i gcoinne an éillithe agus straitéis chomhleanúnach aeráide a fhorbairt, mar aon le hionannas na gceart a chinntiú do chách. Ós rud é go gcreimeann an t-éilliú an mhuinín atá ag na daoine as na hinstitiúidí agus ós rud é go lagaíonn sé an daonlathas, ba ríthábhachtach tacú leis an iriseoireacht iniúchach agus trédhearcacht a fheabhsú maidir leis an úsáid a bhaintear as airgead na gcáiníocóirí.

'Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh cuntasacht ann. Ní féidir a bheith inar mbaireoirí ar an gclaí: tá costas na neamhghníomhaíochta ró-ard. Ní mór dúinn dul i ngleic leis agus an bua a fháil air,' a dúirt YEYSer amháin.

Is éard a dúirt na daoine óga gur mithid cuspóirí coiteanna a bheith ann sa chomhrac in aghaidh an athraithe san aeráid. Ba léir dá réir gur gá beatha an duine a chosaint ar thionchar díobhálach an athraithe san aeráid agus aitheantas a thabhairt don chosaint sin go foirmeálta. D’iarr siad curaclam a bheadh bunaithe ar luachanna agus sin a bheith mar chuid den dearadh, curaclam a mbeidh tionchar dearfach aige ar nósmhaireacht na ndaoine ar líne, curaclam a chuirfidh srian leis an mífháisnéis. Mhol rannpháirtithe YEYS cearta comhionanna, cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna, chomh maith le cuimsiú do chách i ngach réimse. Maidir leis an easpa ionadaíochta don óige sna próisis chinnteoireachta pholaitiúla, chuir siad i bhfios go láidir go n-éilíonn daonlathas go n-éistfí le gach guth.

Ba é buaicphointe an imeachta leathlae seisiún iomlánach deiridh na hóige, áit ar chuir slua tiomanta rannpháirteach a gcuid moltaí faoi bhráid Uachtarán CESE Oliver Röpke agus chomhordaitheoir óige an Aontais Biliana Sirakova. Tar éis an vóta, rangaigh YEYSers cúig phointe fócais in ord a dtábhachta.

(1) An t-éilliú a chomhrac trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht na hóige.

(2) An tsaoránacht ghníomhach: ón seomra ranga go dtí an pobal.

(3) IN ar son an chomhionannais.

(4) Tá suíochán dá gcuid féin tuillte ag an aos óg.

(5) Straitéis chomhtháite um athrú aeráide a fhorbairt.

Chuir an tUachtarán Röpke i bhfios go láidir go bhféadfadh na moltaí sin obair chomhairleach CESE a mhúnlú, agus béim á leagan aige ar an gcomhionannas inscne mar phríomhthosaíocht don Choiste. Thug B. Uas. Sirakova dá haire go gcuideodh na moltaí sin le bonn eolais a chur faoi obair an Aontais freisin. (cpwb)

 

Don té ar mian leis a ghnó a fhorbairt thar theorainneacha san Aontas, beidh air aghaidh a thabhairt ar an iliomad rialacha CBL a thagann salach ar a chéile agus carn mór páipéarachais, rudaí a chuireann leis na costais. Bíonn ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul i ngleic le hualach díréireach comhlíontachta, rud a fhágann gur deacra dóibh forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht. Tá athchóirithe práinneacha á n-éileamh ag CESE in dhá thuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra, i bhfianaise Thuarascálacha Letta agus Draghi. I measc na moltaí a rinneadh, tá rialacháin airgeadais chomhchuibhithe, tuairisciú faoi thiomáint na hintleachta saorga agus beartas tionsclaíoch comhordaithe.

Don té ar mian leis a ghnó a fhorbairt thar theorainneacha san Aontas, beidh air aghaidh a thabhairt ar an iliomad rialacha CBL a thagann salach ar a chéile agus carn mór páipéarachais, rudaí a chuireann leis na costais. Bíonn ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) dul i ngleic le hualach díréireach comhlíontachta, rud a fhágann gur deacra dóibh forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht. Tá athchóirithe práinneacha á n-éileamh ag CESE in dhá thuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra, i bhfianaise Thuarascálacha Letta agus Draghi. I measc na moltaí a rinneadh, tá rialacháin airgeadais chomhchuibhithe, tuairisciú faoi thiomáint na hIntleachta Saorga agus beartas tionsclaíoch comhordaithe.

‘Cnámh droma rathúnas eacnamaíoch na hEorpa é an margadh aonair ach, dá ainneoin sin, níor cuireadh i gcrích é fós in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas, an fuinneamh agus na seirbhísí digiteacha,’ a dúirt Uachtarán CESE Oliver Röpke. ‘Léiríonn díospóireacht an lae inniu an géarghá atá le hathchóirithe a dhéanamh le bacainní a bhaint, earnáil na seirbhísí a neartú agus cothrom na Féinne a chinntiú do na gnólachtaí ar fud an Aontais.’

Rinne Maria Luís Albuquerque, Coimisinéir um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta, a tacaíocht don mhéid sin a chuir in iúl: ‘An fhís atá agamsa den Aontas Coigiltis agus Infheistíochta ná rud a chruthóidh rachmas do na saoránaigh agus a chothóidh fás i measc na gcuideachtaí trína dtabhairt le chéile i dtimpeallacht shábháilte iomaíoch a ndéanfar rialáil agus maoirsiú cuí uirthi.’

Sna tuairimí ó CESE, luaitear dhá dhúshláin shuntasacha atá roimh an iomaíochas: an ilroinnt sa mhargadh aonair, rud ar tarraingíodh aird air i dTuarascálacha Letta agus Draghi, mar aon leis an rómhaorlachas arb iad na FBManna is mó a bhíonn thíos leis. Cuireann an dá rud sin srian leis an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch.

Cén fhadhb atá ann?

Gnólachtaí ar fud na hEorpa, níl siad in ann ag na rialacháin chasta fhorluiteacha atá ann. Dá dheasca sin, cuirtear am agus airgead amú, cuirtear moill ar an gComhaontú Glas agus cuirtear srian leis an rochtain atá ag na cuideachtaí meánmhéide ar mhaoiniúchán. Cuirtear frustrachas ar an lucht gnó, cuirtear leis na costais atá le híoc ag an tomhaltóir agus cuirtear bac ar an bhfás eacnamaíoch.

De bhreis ar an ualach rialála, tá dúshláin struchtúracha níos doimhne ann a bhaineann an bonn ó iomaíochas an Aontais. Tá teorainn le cumas an Aontais dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda mar gheall ar a mhoille atá an margadh aonair á chur i gcrích, mar gheall ar an neamhionannas atá ann ó thaobh bonneagar digiteach agus fuinnimh de agus mar gheall ar a laghad a chomhordaítear an beartas tionsclaíoch. Cé gur féidir le bloic eacnamaíocha eile beart a dhéanamh gan mhoill le hinfheistíocht a mhealladh agus nuálaíocht a chothú, go tapa chun infheistíocht, tá an Eoraip i mbaol a titime ar gcúl.

Cén réiteach atá ann?

Má táthar chun an t-iomaíochas a neartú, beidh gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear bacainní a bhaint in earnálacha ríthábhachtacha mar an t-airgeadas agus an fuinneamh, dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus cinnte a dhéanamh de gur féidir le FBManna forbairt a dhéanamh agus dul san iomaíocht agus cothrom na Féinne á fháil acu.

Moltar an méid a leanas sna tuairimí ó CESE:

  • Rialacháin a shimpliú gan na caighdeáin chomhshaoil ná na caighdeáin shóisialta a ísliú.
  • Ardán aonair amháin faoi thiomáint na hintleachta saorga a chruthú leis an tuairisciú a dhéanann na FBManna agus na cuideachtaí meánmhéide a chuíchóiriú, rud a d’fhágfadh gurbh fhusa agus gurbh thapa an chomhlíontacht.
  • Rialacha a chomhchuibhiú ar fud na n-earnálacha ar mhaithe leis an bpáipéarachas a laghdú.
  • Na rialacháin airgeadais a chaighdeánú ar fud na mBallstát trí bhíthin beartas tionsclaíoch Eorpach comhordaithe.
  • An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a athchóiriú, le gur cothroime an córas agus gur lú an t-ualach a bhaineann leis. (gb)

An príomhchúram atá ar Uachtaránacht reatha na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná an Eoraip a choinneáil aontaithe, í a bhrú chun tosaigh agus cinntí a ghlacadh gan mhoill

An príomhchúram atá ar Uachtaránacht reatha na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ná an Eoraip a choinneáil aontaithe, í a bhrú chun tosaigh agus cinntí a ghlacadh gan mhoill

Ag seisiún iomlánach mhí Feabhra, reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) díospóireacht faoi thosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas, ceann ar ghlac Magdalena Sobkowiak-Czarnecka Fo-Rúnaí Stáit na Polainne do Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh páirt ann.

Ag tagairt do shlándáil sheachtrach an Aontais di, go háirithe don chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, dúirt an Fo-Rúnaí Sobkowiak-Czarnecka gurb í an sprioc atá ann leanúint den chúnamh don Úcráin agus aontacht inmheánach an Aontais a chaomhnú. Luaigh sí an 16ú pacáiste smachtbhannaí ar an Rúis mar cheann de na chéad éachtaí atá bainte amach ag Uachtaránacht na Polainne.

Labhair Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus chuir i bhfáth go raibh cúram Uachtaránacht rothlach an Aontais á ghlacadh ag an bPolainn tráth a bhfuil dúshláin mhóra ar gach taobh den Eoraip, lena n-áirítear teannas geopholaitiúil agus géarchéimeanna fuinnimh.

Dúirt sé gur dearbhaíodh an athuair leis an díospóireacht sin a thábhachtaí atá an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an aontacht maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú. Tá tosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne ag teacht go dlúth le spriocanna comhchoiteanna na hEorpa, dar leis an Uasal Röpke, go háirithe maidir le cur chuige ilghnéitheach a chothú i leith na slándála. Dúirt sé gur tábhachtaí ná riamh, agus an éiginnteacht go mór i réim ar an leibhéal idirnáisiúnta, bearta a dhéanamh ar bhonn cinntitheach comhoibritheach.

'An tslándáil’ agus ‘an Eoraip’ ina bhfocail faire aici, díreoidh Uachtaránacht na Polainne ar sheacht ngné den tslándáil, mar atá, an ghné sheachtrach, inmheánach agus eacnamaíoch, mar aon le gné an bhia, an fhuinnimh, na sláinte agus na faisnéise.

Le míonna beaga anuas, tá comhar tréan tairbheach ar bun idir CESE agus Uachtaránacht na Polainne. Tá 15 thústuairim tarraingthe suas ag CESE, cuid acu a glacadh cheana féin, an chuid eile acu le glacadh go luath. (mp)

Copyright: EU2025 - source: EC

Le Michal Pintér, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE

Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CID) a foilsíodh le déanaí an tábhacht straitéiseach atá le tionscail dianfhuinnimh do gheilleagar an Aontais, agus sainaithnítear ann na príomhdhúshláin atá rompu. Cé go bhfuil smaointe suaitheanta ann – margaí luaidhe glasa, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus cistiú le haghaidh dícharbónú – níl an phráinn agus an dánaíocht is gá sna bearta chun stop a chur leis an meath ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa.

Le Michal Pintér, toscaire de chuid an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE

Aithnítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CID) a foilsíodh le déanaí an tábhacht straitéiseach atá le tionscail dianfhuinnimh do gheilleagar an Aontais, agus sainaithnítear i gceart ann na príomhdhúshláin atá rompu. Cé go bhfuil smaointe suaitheanta ann – margaí luaidhe glasa, tacaíocht don gheilleagar ciorclach agus cistiú le haghaidh dícharbónú – níl an phráinn agus an dánaíocht is gá sna bearta chun stop a chur leis an meath ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa.

Sa tuairim a glacadh le déanaí Todhchaí thionscail dianfhuinnimh an Aontais i bhfianaise praghsanna arda fuinnimh agus costais arda an aistrithe, d’aithin Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa bearna mhór iomaíochais idir EIInna san Aontas agus tionscail iomaitheoirí domhanda. Bhí an ceart ag an gCoimisiún an milleán a chur ar phraghsanna fuinnimh ós iad is cúis leis sin. Mar sin féin, ní mholtar sa Chomhaontú ná sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne aon athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais. Bhí toradh fónta go leor ar an bpraghsáil imeallach fad a bhí an tAontas ag baint tairbhe as gás na bpíobán ar phraghas réasúnta íseal agus réasúnta cobhsaí ón Rúis. Ar an drochuair, tá athrú tagtha ar an saol, mar táimid faoi anáil na soláthairtí GNL feasta, rud atá luaineach costasach. Is baol gur mar sin a bheidh an scéal go ceann tamall de bhlianta. Ainneoin méadú ar an sciar den leictreachas atá saor ar iontaise ar chostas íseal i meascán fuinnimh an Aontais, tá praghsanna breoslaí iontaise fós ag imirt tionchair nach beag ar mhúnlú phraghsanna an leictreachais.

Is díol sásaimh na hiarrachtaí beartais chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, ach ní laghdaíonn siad na billí leictreachais mar gheall ar dhearadh an mhargaidh i láthair na huaire. Tá gá le bearta láithreach bonn chun tairbhí costais an leictreachais in-athnuaite a aistriú chuig tionscail agus chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna maolaithe praghsanna uile, rud lena n-áirítear díchúpláil praghsanna leictreachais.

Aithnítear sa Chomhaontú freisin bealaí éalaithe sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (gan réiteach ar an onnmhairiú, ná ar atheagrú agus ar imchéimniú na n-acmhainní) agus ionstraimí cosanta trádála. Mar sin féin, is beag leargas a thugann sin dúinn, ar an drochuair, faoin gcaoi a gcosnófar margadh an Aontais, rud a fhágann nach bhfuil EIInna cinnte faoi chogadh trádála domhanda.

Tá CESE ag tathant ar institiúidí an Aontais bearta cinntitheacha a chur chun feidhme i bpleananna gníomhaíochta earnáilsonracha, d’fhonn tuilleadh díthionsclaithe a chosc agus acmhainneacht an Aontais maidir le claochlú tionsclaíoch a choinneáil ar bun.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach straitéis láidir a chur chun feidhme maidir leis an tionsclaíocht. D’fhágfadh an straitéis sin go bhféadfaí cur leis an iomaíochas, poist ardcháilíochta a chruthú agus bheadh sí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. Chun go n-éireoidh leis an straitéis, ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur in oiriúint do na dúshláin atá ag teacht chun cinn.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag tathant ar an Aontas Eorpach straitéis láidir a chur chun feidhme maidir leis an tionsclaíocht. D’fhágfadh an straitéis sin go bhféadfaí cur leis an iomaíochas, poist ardcháilíochta a chruthú agus bheadh sí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. Chun go n-éireoidh leis an straitéis, ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi agus í a chur in oiriúint do na dúshláin atá ag teacht chun cinn.

‘Tá baol mór ann go dtarlóidh díthionsclú ar fud na hEorpa. Ní mór don tionsclaíocht agus don ghníomhaíocht aeráide a bheith fite fuaite ina chéile,’ arsa Andrea Mone, rapóirtéir na tuairime Todhchaí na tionsclaíochta san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Feabhra.

Sa tuairim sin, leag CESE béim ar an tábhacht atá le creat láidir eacnamaíoch agus rialála chun go bhféadfar dul i ngleic leis an gcostas ard ar fhuinneamh agus ar amhábhar, leis na dúshláin a bhaineann leis an infheistíocht san aistriú glas, leis na bearnaí sa bhonneagar, le ganntanas scileanna agus leis an éileamh lag laistigh den Aontas. Tá an-tábhacht le beartas iomaíochais atá dírithe ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht le go bhféadfar an comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart go práinneach toisc an mhéadaithe ar na hábhair imní atá ann maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa agus a spleáiche atá an Eoraip ar thríú tíortha.  Sa tréimhse seo ina bhfuil méadú ar an éiginnteacht gheopholaitiúil agus trádála, tá gá le beartas trádála Eorpach athléimneach chun an inbhuanaitheacht thionsclaíoch a chosaint tráth atá spriocanna éagothroma ann maidir le dícharbónú, ró-acmhainneacht ann ar an leibhéal domhanda agus méadú ar an teannas trádála. Le go bhféadar an sprioc sin a bhaint amach, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an Eoraip níos neamhspleáiche maidir le hamhábhair chriticiúla a fháil.

Tá an-tábhacht leis an infheistíocht bhreise, rud a tugadh le fios i dtuarascáil Draghi, agus le hathchóirithe ar an rialachas. Fágfaidh margadh aonair aontaithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh, go neartófar geilleagar an Aontais. Trí na hualaí rialála a laghdú, creataí an mhargaidh leictreachais a bheachtú agus feabhas a chur ar na hionstraimí airgeadais ar nós comhaontuithe ceannaigh cumhachta, tacófar leis an gclaochlú in earnáil na tionsclaíochta.

Le go bhféadfar an t-aistriú cóir a bhaint amach, tá gá le hidirphlé sóisialta láidir agus le cómhargáil. Ní mór don bheartas tionsclaíoch a bheith i gcomhréir leis na straitéisí maidir le hoideachas agus an lucht saothair, agus béim á leagan ann ar an taighde, ar an nuálaíocht agus ar fhorbairt scileanna. Cuideoidh an infheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, san fhuinneamh in-athnuaite agus i dtionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh leis na spriocanna aeráide a bhaint amach.

Ina theannta sin, ghlac CESE tuairim fhorlíontach Todhchaí na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas ina moltar réitigh shaincheaptha chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscal sin a chinntiú. Tá todhchaí thionsclaíoch an Aontais ag brath air go dtabharfaidh an tAontas aghaidh ar na dúshláin ar leith atá le sárú ag na tionscail sin. (ll)