European Economic
and Social Committee
Ní bolscaireacht eolaíochta ach ceist chinniúnach atá san aistriú glas
Le linn na comhdhála maidir leis an ngeopholaitíocht atá i gceist sa Chomhaontú Glas don Eoraip, comhdháil a d’eagraigh CESE i gcomhar le Líonra Réiteach um an bhForbairt Inbhuanaithe (SDSN) de chuid na Náisiún Aontaithe, cuireadh chun suntais an réimse mór impleachtaí geopholaitiúla atá ag an gComhaontú Glas, impleachtaí don Eoraip agus don domhan i gcoitinne. Tá CESE sásta páirt a ghlacadh sa phróiseas sin trína gcinnteofar go mbeidh úinéireacht shoiléir ag an tsochaí shibhialta ar an gComhaontú Glas.
Is é a tugadh le fios sa Tuarascáil maidir leis an mBearna idir Riachtanais agus Féidearthachtaí ó thaobh Astaíochtaí (Emissions Gap Report) a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2021 go bhfuil méadú mór tagtha ar astaíochtaí a dhéanann dochar don aeráid, ainneoin go bhfuil beagnach 30 bliain ann ó síníodh Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.
Is é a dúirt Christa Schweng, Uachtarán CESE: ‘Seo an fáth a bhfuil an t-aistriú glas ina cheist chinniúnach le go dtiocfaidh an Eoraip agus an domhan slán. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an tsochaí shibhialta eagraithe ann sin. Níor chóir neamhaird a dhéanamh air go dteastaíonn tacaíocht na saoránach, thar rud ar bith eile, chun go n-éireoidh leis an aistriú glas.’
Is é a dúirt Kadri Simson, an Coimisinéir um Fhuinneamh: ‘Athróidh an caidreamh atá againn lenár gcomhpháirtithe. Caithfidh gach duine a bheith ar aon fhocal faoi má táimid chun an ghéarchéim aeráide a leigheas. Cruthófar caidreamh agus teagmhálacha nua nuair a thabharfar isteach córas fuinnimh nua.’
Dúirt Aire an Aistrithe Ghlais sa Fhrainc, Barbara Pompili, go mbeadh éifeacht mhór ag an gComhaontú Glas agus ag an aistriú glas ar an gcaidreamh idirnáisiúnta. Beidh ar an Eoraip a bheith chomh huaillmhianach agus is féidir maidir le hastaíochtaí a laghdú, an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus an truailliú a chomhrac. Tá ról ríthábhachtach ag an dlúthpháirtíocht chun an Comhaontú Glas a ráthú agus chun aistriú glas atá cóir a chinntiú. Aistriú glas na hearnála fuinnimh an príomhfhócas ba cheart a bheith ann, agus ba cheart go gcabhródh gníomhaíochtaí geopholaitiúla an Aontais, dá bhrí sin, le luaineacht praghsanna fuinnimh a laghdú, agus, ag an am céanna, baint de na rioscaí a bhaineann le húsáid fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus a mhéadú. Éilíonn an uathriail straitéiseach oscailte slabhraí luacha nua ina gcaithfidh poist áitiúla ardcháilíochta agus torthaí do phobail áitiúla a bheith ag gabháil leis na hathruithe ar fad. (at)