Ceist amháin ar...

Inár roinn ‘Ceist amháin ar...’, d’iarramar ar Thierry Libaert, comhalta de CESE, freagra a thabhairt ar cheist a bhíonn go mion agus minic i mbéal an phobail, mar atá an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise.

Is comhalta de CESE é Thierry Libaert ó bhí 2010 ann. Tá sé ina chomhalta den Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’. Is iomaí leabhar agus alt atá scríofa aige faoin Eoraip, faoi chúrsaí cumarsáide, faoin gcomhshaol agus faoi ghéarchéimeanna. Is é an pointe teagmhála do thoscaireacht na Fraince é. Tá Thierry Libaert ina chomhchathaoirleach ar an gCatagóir ‘Tomhaltóirí agus Comhshaol’. (ehp)