European Economic
and Social Committee
Beartas tionsclaíoch: is mithid don Aontas Eorpach níos mó a dhéanamh ná clistí margaidh a réiteach
Beartas tionsclaíoch: is mithid don Aontas Eorpach níos mó a dhéanamh ná clistí margaidh a réiteach
Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Dheireadh Fómhair, ba é fócas na díospóireachta faoin mbeartas tionsclaíoch an chaoi is fearr chun uathriail straitéiseach earnáil tionsclaíochta na hEorpa a áirithiú.
Sa seisiún iomlánach a bhí aige an 21 Deireadh Fómhair, rinne CESE díospóireacht a reáchtáil le Padmashree Gehl Sampath, arb í Ánra taighde Berkman Klein in Ollscoil Harvard í, faoin gcaoi ar féidir le straitéis thionsclaíoch tacú leis an aistriú dúbailte i dtreo geilleagar glas agus digiteach, rannchuidiú le téarnamh na hEorpa agus a huathriail straitéiseach agus a hathléimneacht a mhéadú.
Is príomh-shaineolaí íPadmashree Gehl Sampath ar an teicneolaíocht, an fhorbairt agus an geilleagar polaitiúil domhanda, agus rinne sí cás i bhfabhar cineál nua idirghabhála poiblí a bheadh dírithe ní hamháin ar chlistí margaidh a chur ina gceart, ach a stiúródh athrú teicneolaíochta i dtreonna atá táirgiúil go sóisialta.
‘Tá sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an mbeartas tionsclaíoch ar shlí choráistiúil chruthaitheach’, a dúirt sí. ‘Níor cheart dúinn na nithe nár éirigh leo san am atá thart a dhéanamh athuair.’
Ba cheart gurbh é an chéad chéim chun an beartas tionsclaíoch nua seo a dhearadh ná a aithint go bhfuil meath tagtha ar an bhfiontraíocht, ar an nuálaíocht agus ar an iomaíochas, nithe atá le tabhairt faoi deara sna geilleagair ardfhorbartha, agus go bhfuil an meath sin á threisiú trí pharaidímí agus treochtaí teicneolaíocha nua ar fud an iliomad earnálacha agus próiseas. An neamhchinnteacht atá le sonrú sa domhan iar-COVID, ní toradh ar an bpaindéim amháin í. Léiríonn an neamhchinnteacht sin freisin éifeachtaí iomadúla na líonraí sonraíbhunaithe, scaipeadh éagothrom dhíbhinní na digiteála le 15 bliana anuas, an brú a chuireann an t-athrú aeráide agus an t-aistriú fuinnimh ar thíortha, agus an moilliú – fiú an cliseadh uaireanta – atá tagtha ar an trádáil dhomhanda agus ar shlabhraí soláthair a cuireadh ar bun go cúramach ó thosaigh an domhandú sna 1980í.
Is é an dara céim straitéis nua a thógáil bunaithe ar thrí mholadh mhisniúla:
(1) A aithint go bhfuil idirnascthacht níos mó idir na trí mheigeathreocht a bheidh ann amach anseo – cúram sláinte/ullmhacht do phaindéimí, aistriú fuinnimh/gníomhú ar son na haeráide agus an geilleagar sonraí – agus í a ghiaráil. Níl gá againn le beartas tionsclaíoch lena dtugtar tús áite do na meigeathreochtaí seo ag an am céanna ar bhealaí éagsúla, is éard atá uainn ná beartas ina gcuirtear san áireamh na claochluithe sin ar bhonn samhail chiorclach athraithe.
(2) Tús áite a thabhairt don dinimiceas in earnáil na teicneolaíochta trí dhíriú ar choinneáil margaidh agus ar fheidhmíocht an mhargaidh, rud atá níos tábhachtaí ná an iontráil sa mhargadh i ngach ceann de na príomhearnálacha sin, go háirithe san earnáil cógaisíochta agus vacsaíní, áit a bhfuil treochtaí olagaplacha láidre le tabhairt faoi deara faoi láthair.
(3) Cur chuige dáiríre earnála a ghlacadh i leith an bheartais thionsclaíoch, agus bogadh ar aghaidh ó na pointí tagartha coiteanna ar nós beartas iomaíochta mar, cé gur earnálacha ardteicneolaíochta iad seo ar fad atá dírithe ar T&F agus ag brath ar nuálaíocht agus luach saothair, tá saintréithe iomlán éagsúil acu.
Mar shampla, chuir Padmashree Gehl Sampath an cheist seo a leanas: más mian linn, i ndáiríre, margadh cúraim sláinte a chur chun cinn san Eoraip a bheidh bunaithe ar na láidreachtaí atá ann cheana, an féidir leis an Aontas Eorpach tacú le clár a bhfuil cuspóir poiblí aige éiceachóras tionscal sláinte a chur ar bun cosúil leis an oibríocht ‘Warp Speed’ a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe díreach i ndiaidh phaindéim COVID-19? An féidir leis an Aontas Eorpach cuidiú a thabhairt chun láidreachtaí a ngnólachtaí biteicneolaíochta atá ann cheana a uas-scálú trí mheán cláir infheistíochta phoiblí chomhchosúla lena n-éascaítear forbairt táirgí?
Ba chuid nach beag d’obair CESE an straitéis thionsclaíoch le blianta beaga anuas. Tá sraith seimineár gréasáin á beartú chun breathnú ar na brúphointí atá ann do thionscal an lae inniu. Cuirfear clabhsúr ar an tsraith dar teideal The path to our industrial future, le comhdháil mhór i mí an Mhárta 2022 ina bpléifidh CESE a chuid torthaí le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún Eorpach. (dm)