Meath an smachta reachta ar fud an Aontais a leigheas trí bhíthin na sochaí sibhialta

Le linn na Comhdhála maidir le Cearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), nochtadh sáruithe tromchúiseacha agus claonadh chun olcais sna ceithre réimse a chumhdaítear le Sásra Eorpach an Smachta Reachta: an ceartas, an t‑éilliú, na meáin agus an córas srianta agus ceartúchán. Cuireann CESE i bhfáth gur fórsa gníomhach í an tsochaí shibhialta ó thaobh an bunphrionsabal seo de chuid an Aontais a chosaint.

Rinne Cristian Pîrvulescu, cathaoirleach an Ghrúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE, béim a leagan ar ról na sochaí sibhialta: ‘Ní ar bhonn prionsabail a théitear i gcomhairle le hionadaithe na sochaí sibhialta ach ar bhonn riachtanais, óir is gné lárnach de na ceisteanna ríthábhachtacha seo í’.

Dúirt Giulia Barbucci, Leas-Uachtarán de chuid CESE, nach leor freagairtí dlíthiúla agus polaitiúla an Aontais iontu féin. ‘Ní mór páirt níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe ós rud é gurb í an droichead idir an gnáthphobal agus na hinstitiúidí í’.

Ar an drochuair, de dheasca na géarchéime sláinte atá ann faoi láthair agus na mbeart a ghlac na húdaráis ina taobh, méadaíodh na dúshláin a bhí ann cheana sa réimse seo. Sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún i mí Iúil 2021, tarraingíodh aird ar an gclaonadh chun olcais atá i réim, agus ar roinnt dea-scéala freisin ó Bhallstáit ar leith.
Dúirt Gašper Dovžan, an Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha sa tSlóivéin, nár cheart an urraim don smacht reachta a chaitheamh i dtraipisí ná amhras a chaitheamh uirthi choíche, is cuma cén sórt géarchéime atá ann.

Mar sin féin, mar a dúirt Matthew Caruana Galizia, ‘is fada an bealach atá romhainn go fóill’. Mac le Daphne Caruana Galizia is ea Matthew, iriseoir ó Mhálta a dúnmharaíodh agus í i mbun iniúchadh ar éilliú, sciúradh airgid agus coireacht eagraithe. ‘Is maith a léiríonn cás mo mháthar, faraor, nach coir gan íospartach cliseadh an smachta reachta ná an t-éilliú gan teorainn.’

D’aontaigh rannpháirtithe na Comhdhála gur cuid riachtanach d’fheidhmiú an Aontais ina iomláine é an smacht reachta, ó thaobh na creidiúnachta, na hathléimneachta agus an mhuinín fhrithpháirtigh de, i measc rudaí eile nach iad.

Rinne Debbie Kohner, ó Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, a thabhairt le fios gur fite fuaite ina chéile atá gach ceann de cheithre cholún Shásra Eorpach an Smachta Reachta, mar atá an córas ceartais, saoirse agus iolrachas na meán, na creata frithéillithe, agus an córas srianta agus ceartúchán.
D’iarr Nicole Romain, ó Ghníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha, ar na gníomhaithe institiúideacha go léir níos mó a dhéanamh chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na cearta bunúsacha agus ar an smacht reachta.

Dúirt Eszter Nagy, ó Aontas na bhFeidearálach Eorpach, gur mithid don Aontas leas iomlán a bhaint as a chuid uirlisí go léir, agus, i dtosach báire, as an gcoinníollacht bhuiséadach maidir leis an smacht reachta. (at)