Tá CESE dulta i bpáirt leis an bhféile ealaíon Europalia agus is díol sásaimh dóibh go bhfuil Boris Charmatz tagtha 'ar bord'

Chun Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 a cheiliúradh, d’eagraigh CESE taispeáint gearrscannáin ó Fhéile Ealaíon Europalia.

Is sliocht é an gearrscannán as an taibhiú damhsa La Ronde leis an gcóiréagrafaí Francach Boris Charmatz.

Beidh an t-imeacht ar siúl i gcomhar leis an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) de chuid CESE, le linn a n-imeachta do Bhliain Eorpach an Iarnróid, an 15 Samhain.

Is féidir breathnú ar an scannán anseo. (ck)