Ní mór do Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM breith ar an bhfaill atá ann chun bheith ar thús cadhnaíochta sa trádáil, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Iúil, d’áitigh CESE gur féidir leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) nua a bheith ina huirlis nuálach don Aontas agus do Stáit Aontaithe Mheiriceá chun oibriú le chéile ar mhaithe le domhan níos sábháilte agus níos rathúla atá bunaithe ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus luachanna daonlathacha. Tá an Chomhairle ceaptha chun feidhmiú mar phróiseas rannpháirtíochta agus, dá réir sin, ní mór di a trédhearcacht agus a rannpháirtíocht láidir leis an tsochaí shibhialta agus leis na geallsealbhóirí a léiriú.

Sa tuairim féintionscnaimh uaidh An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta nua AE-SAM faoi lán seoil: tosaíochtaí maidir le gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus na coimircí a bhfuil gá leo , tá béim leagtha ag CESE ar thosaíochtaí na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta.

‘Is foirm nua chomhair í an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta. Ní mór é a bheith mar phríomhchuspóir aici féachaint conas is féidir leis an trádáil agus an teicneolaíocht oibriú ar bhealach níos fearr chun folláine ár sochaithe a chosaint. Ní mór ról tábhachtach a bheith ag an tsochaí shibhialta eagraithe ar dhá thaobh an Atlantaigh sa Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta,’ arsa Christa Schweng, Uachtarán CESE.

Dúirt Timo Vuori, comhalta CESE agus rapóirtéir na tuairime, an méid seo a leanas: ‘Ní mór do Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM réitigh a sholáthar chun an timpeallacht trádála dhéthaobhach agus idirnáisiúnta a fheabhsú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Murach sin, féadfaidh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta an móiminteam atá aici a chailleadh.’

Is idir an tAontas agus SAM atá an caidreamh eacnamaíoch déthaobhach is comhtháite ar domhan, caidreamh eacnamaíoch atá cothrom le leath de OTI an domhain agus aon trian de shreafaí trádála domhanda.

Mhínigh an t-eacnamaí agus scríbhneoir Fredrik Erixon, ar tugadh cuireadh dó labhairt ag an seisiún iomlánach, gur deis nua a bhí sa tionscnamh seo don dá pháirtí tionchar a imirt ar gheilleagar an domhain, trí bheith aontaithe agus trí chomhpháirtíochtaí a lorg le tíortha atá ar aon intinn leo agus ag a bhfuil na bunluachanna eacnamaíocha agus polaitiúla céanna.