Labhraíomar le Cillian Lohan, rapóirtéir na tuairime Rannpháirtíocht daoine óga ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, chun ceist a chur air faoi na tairbhí a d’fhéadfaí a bhaint as scéim soghluaisteachta don aos óg, rud atá molta ag an gCoimisiún Eorpach agus a dtacaíonn CESE leis. A bhuí leis an scéim sin, bheadh sé níos éasca ag saoránaigh óga na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh a bheith ina gcónaí, ag staidéar agus ag obair i limistéir a chéile. Toisc gur dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe don socrú a d’ullmhaigh an tAontas maidir le saorghluaiseacht daoine óga, cad iad na cineálacha eile cur chuige a d’fhéadfaí a úsáid chun na naisc a briseadh de thoradh Brexit a chur ar ais?