European Economic
and Social Committee
An Chomhdháil ‘Tacaíocht ón Lucht Gairmiúil don Chomhaontú Gorm don Eoraip’ – an 8ú heagrán de Lá Eorpach na Saorghairmeacha
le Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE
Tá an 8ú heagrán de Lá Eorpach na Saorghairmeacha le reáchtáil ag Catagóir na Saorghairmeacha ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 7 Bealtaine 2024, idir 10.30 a.m. agus 4 p.m.
Bí linn agus glac páirt i ndíospóireacht na bliana, ‘Tacaíocht ón Lucht Gairmiúil don Chomhaontú Gorm don Eoraip’. Tiocfaimid le chéile le roinnt díobh siúd a bhíonn lárnach sa phróiseas ceaptha beartas ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na Ballstáit féin féachaint cad iad na réitigh ar féidir linn teacht orthu le dul i ngleic leis na fadhbanna uisce atá ann, fadhbanna atá ag dul i méid.
Is acmhainn riachtanach é an t-uisce ach is ceann é atá ag éirí níos teirce. De réir mar a thagann fás ar an daonra ar fud an domhain, tagann méadú ar an éileamh ar uisce chomh maith. Dar le beagnach dhá thrian de shaoránaigh na hEorpa, is fadhb thromchúiseach cáilíocht an uisce agus/nó an méid uisce atá ar fáil ina dtír féin. Rud eile a chuirfidh isteach ar infhaighteacht, cáilíocht agus méid an uisce atá ann ná an t-athrú aeráide. Mura ndéantar rud éigin, is baol go leathnódh fadhb an ghanntanais uisce agus na bochtaineachta uisce agus go mbeadh cuid ní ba mhó fós den tsochaí shibhialta ar fud an domhain thíos léi, rud a ngabhfadh impleachtaí forleathana leis do shlándáil an tsoláthair bia, don chomhshaol agus do shláinte an duine, sin agus don chobhsaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil chomh maith.
Ag ócáid na comhdhála seo, a bhfuil an chuma air cheana go mbeidh sí ina hardán iontach ábhartha do ghníomhaithe mór le rá sa saol gairmiúil san Eoraip, pléifimid na bealaí inar féidir leis na saorghairmeacha cuidiú le réitigh nuálacha a aimsiú chun Comhaontú Gorm don Eoraip a chur ar bun agus chun na dúshláin a bheidh le sárú ag an Eoraip agus ag an domhan trí chéile sna blianta amach romhainn a mhaolú, sin le rá dúshláin ó thaobh uisce de.
Beidh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil i mBéarla, i nGearmáinis agus in Iodáilis. Tá an chomhdháil oscailte don phobal. Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhdháil i bpearsa nó go cianda. Ní mór clárú roimh ré sa dá chás.
Cláraigh faoin 2 Bealtaine 2024 ar an leathanach clárúcháin tiomnaithe againn.