Is rud úrnua é seo; is í seo an chéad phaindéim ar ghabh mé tríthi. Agus mé i mbun cuardach ar an idirlíon tháinig mé ar liosta de na deich bpaindéim is measa dar tharla riamh agus de réir an taighde sin ba í an phaindéim ba dheireanaí a bhuail an Eoraip roimh an gcoróinvíreas ná paindéim an Fhliú Spáinnigh in 1920. Cé go bhfuilim críonna, nílim chomh críonna sin!

Ós rud é go bhfuil galar scamhóige riospráide ainsealach ag cur ar mo pháirtí, má bhuailtear breoite í is róbhaol di toisc nach mór an fhrithsheasmhacht atá inti in aghaidh frídíní. Mar sin, bíonn an-leisce orainn aon teagmháil a bheith againn le daoine eile. Is saol nua é sin don bheirt againn. Bíonn sí á leithlisiú, dá deoin féin, i dtreo is nach dtolgfaidh sí an víreas. Agus is ormsa a thiteann sé anois tabhairt faoi chúraimí ba nós léi féin a dhéanamh roimhe seo, cuir i gcás an tsiopadóireacht a dhéanamh. Roimh an ngéarchéim, thugainn lámh chúnta di agus mé aon mhéadar taobh thiar di ag tiomáint an tralaí siopadóireachta fad a chuireadh sí a raibh uainn isteach ann. Ní mar sin don scéal a thuilleadh.

B’fhurasta an tralaí a thiomáint; ní bhíodh le déanamh agam ach mo pháirtí a leanúint fad a bhíodh sí ag líonadh an tralaí, agus mise ar mo mharana faoi conas ab fhearr a d’fhéadfaí feabhas a chur ar an domhan. Ós rud é gur mise a bhíonn á líonadh anois, tá breith agus dhá rogha, nó trí, agam, agus fágtar i mo staic go minic mé faoi strus. Cé go bhfuil caife scríofa ar an liosta siopadóireachta, tá na dosaenacha saghsanna romham ar na seilfeanna agus dar liom gur beag i ndáiríre atá eatarthu. Meas tú cén páipéar leithris atá uainn – páipéar leithris aondualach, dédhualach, trídhualach nó ceathairdhualach fiú amháin? Níor nós le mo bhean chéile aon mhoill a dhéanamh: bhí a fhios aici ar an toirt cén táirge a bhí uaithi agus cá dtiocfadh sí air. Is geall le cathair ghríobháin é an t-ollmhargadh, dar liom; is é an t-aon áit nach dtagann strus orm ná an pasáiste ina bhfuil an bheoir ar díol. Cuirim uaireanta an chloig amú sna pasáistí eile agus mé i ngalar na gcás.

Chuir freagairt thosaigh mhuintir na hÍsiltíre i leith na paindéime iontas orm. D’athraigh siad a nósanna d’aon toil agus de mheon dlúthpháirtíochta. Ar an drochuair, i gcás buíon bheag daoine - dream gan mhaith gan náire - fuaireamar amach go raibh siad chomh luaineach leis an ngaoth agus laistigh de roinnt seachtainí bhí a gcuid dlúthpháirtíochta scaoilte le gaoth acu. Níor chloígh na daoine sin a thuilleadh leis na rialacha agus chuir siad an milleán ar an rialtas á mhaíomh go raibh an bonn á bhaint dá gcearta bunúsacha agus teorainn á cur lena gceithre shaoirse. Mar sin, ar mhaithe lena gceart doshannta chun cóisir a reáchtáil, agus ó bhí oiread sin oilc orthu chuige, thóg siad cásanna dlí i gcoinne an stáit!

A bhuí le Dia, tá cónaí orainn san Eoraip, áit a bhfuil an daonlathas agus an smacht reachta sách slán go fóill (i bhformhór na mballstát ar aon chuma) agus áit a bhfuil córas cúraim sláinte maith go leor i gcomparáid le codanna eile den domhan. Ag féachaint dúinn ar an gcaoi a gcuireann na hathruithe sóisialta a tharla de dheasca an víris isteach ar na glúnta éagsúla, is léir gurb é an t-aos óg, i ngeall ar a aois, is mó atá thíos leo. In aois do naoi mbliana déag, táthar ag súil leis go dtosóidh tú ag siúl amach le daoine eile, go gcuirfidh tú eolas ar do ghnéasacht féin agus go dtitfidh tú i ngrá. Le linn paindéime, áfach, cuirtear teir is toirmeasc ar dhaoine barróg a bhreith ar a chéile, gach trácht ar aon ní eile. Goilleann a leithéid sin go mór ar dhaoine óga agus fágtar iad lán de mhianta gan sásamh.

Is í an cheist is mó atá le réiteach ná conas an geilleagar a tharrtháil. Borradh a chur faoin ngeilleagar de réir an phrionsabail ‘gnó mar is gnách’ a luaithe a bheidh an phaindéim faoi smacht? Nó an deis seo a thapú chun cúl a thabhairt don chóras seo a bhfuil forlámhas ag monaplaithe canablacha air agus iompú i dtreo samhail chuimsitheach ina mbeadh tionscnaimh inbhuanaithe, ar mhionscála ar siúl taobh le gníomhaíochtaí gnólachtaí móra freagracha? An rogha idir an gnó mar is gnách nó ár n-iompar róghéilliúil a chaitheamh uainn, sin é a chinnteoidh cén chonair a bheidh romhainn, i bhfocal eile, pé acu an dtiocfaimid slán nó an bhfágfar sinn i mbaol ár ndíothaithe, ar seachrán i nduibheagán an léirscriosta.

Bainigí sult as saoire an tsamhraidh agus ná ligigí an fhaill tharaibh chun marana agus machnamh a dhéanamh agus, i gcás cuid agaibh, chun aithrí a dhéanamh!