Tá earnáil turasóireachta na hEorpa á cur ó rath ag paindéim an choróinvíris. Faoi cheann sé mhí, seans go mbeidh leath na ngnólachtaí san Eoraip tite chun féimheachta mura ndéanfaidh an tAontas bearta láithreach chun cur ina choinne, dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i dtuairim nua dá chuid.

I dtuarascáil le Panagiotis Gkofas a ghlac CESE i mí Mheán Fómhair, áitíonn CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun gur féidir gnólachtaí turasóireachta a choinneáil i mbun gnó agus fostaíocht a thabhairt dá gcuid oibrithe i ngeall ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19. Ní tráth faillí é: má fhantar sé mhí eile gan beart a dhéanamh beidh ar leath na ngnólachtaí sin a ndoirse a dhúnadh go buan.

Mar thaca lena raibh á mhaíomh aige, reáchtáil CESE suirbhé ar líne i rith an tsamhraidh a raibh 175 eagraíocht páirteach ann, ar eagraíochtaí iad a dhéanann ionadaíocht ar na mílte gnólachtaí turasóireachta a fhostaíonn na céadta míle oibrithe ar fud an Aontais.

Is léir ar na freagraí a thug na rannpháirtithe ar cheistneoir CESE gur dóigh leo go bhfuil tubaiste mhór chucu.

Dúirt 88.2 % de na rannpháirtithe go raibh tionchar “an-diúltach” ag géarchéim COVID-19 orthu, bhí 80.6 % díobh den tuairim go mbuailfí buille an-trom orthu san fhadtéarma de dheasca iarmhairtí na paindéime agus ní raibh ach 45 % díobh den tuairim go mbeidís fós i mbun gnó in 2021.

Rinneadh an tuarascáil a dhréachtú mar fhreagairt ar Theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Turasóireacht agus Iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin.

Meastar go bhfuil thart ar EUR 1 bhilliún in aghaidh na míosa á chailleadh ag earnáil na turasóireachta san Aontas de thoradh ghéarchéim COVID-19 agus go bhféadfadh sé go gcuirfí deireadh le 6.4 milliún post in 2020.

Chun borradh a chur faoin tionscal, dar le CESE nach foláir don Aontas, thar aon ní eile, bearta a dhéanamh chun muinín an phobail as sábháilteacht an taistil a chothú athuair.

Go dtí go ndéanfar vacsaín a tháirgeadh agus a chur ar fáil, tá CESE i bhfách pas sláinte AE a bheith in úsáid, a mbeadh Foirm chomhchuibhithe Aimsithe Paisinéirí agus cóid QR mar aon le hArdán ilteangach um Chúnamh Sláinte ag gabháil leis.

D’fhéadfadh daoine an cód QR a úsáid chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí sláinte sa tír ar a bhfuil cuairt á tabhairt acu agus chun rochtain a fháil ar chórais sláinte agus slándála sóisialta na tíre sin i gcás éigeandála.

Príomhthosaíocht eile is ea leachtacht a chur ar fáil do ghnólachtaí turasóireachta agus dá bhfostaithe chomh luath agus is féidir, mar nach féidir leo teacht slán gan sreabhadh airgid leordhóthanach.

Dar le CESE, gur cheart, le clár SURE atá dírithe ar an dífhostaíocht a mhaolú, go dtabharfaí faoiseamh d’oibrithe san earnáil turasóireachta atá dífhostaithe maille le cúiteamh pá d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide go dtí an 30 Meitheamh 2021 ar a laghad.

Creideann an Coiste freisin gur cheart don Aontas sásra a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart tacaíochta, ós rud é gur ghearán go leor de na rannpháirtithe sa suirbhé nach raibh teacht acu ar aon chabhair airgeadais tar éis don Aontas a fhógairt go raibh sé ag cur cistí ar fáil. (dm)