Dearcadh na Cosmhuintire – S3 Podchraoladh 16 - Glas, tá mé an-tógtha le chuile shórt atá glas

Ní féidir aistriú cóir agus glas a bhaint amach ach amháin le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Tá daoine agus eagraíochtaí ar fud na hEorpa tiomanta do bhealaí nuálacha atá dírithe ar dhaoine a fhorbairt chun an t-athrú aeráide a chomhrac. In 2021, chinn CESE Duais na Sochaí Sibhialta a bhronnadh ar chúig eagraíocht a chabhraíonn go mór le dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide. Sa phodchraoladh seo de Dhearcadh na Cosmhuintire, thugamar cuireadh dóibh a gcuid scéalta a insint dúinn.

Mhínigh Cillian Lohan, Leas-Chathaoirleach um an gCumarsáid in CESE, cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach gan neamhaird a dhéanamh ar an ngníomhú ar son na haeráide atá á dhéanamh ag an iliomad daoine aonair agus ag an bpobal ar an láthair. Roinn Guy de Koninck, duine de bhuaiteoirí na chéad áite, Grootouders voor het klimaat (BE) (Seantuismitheoirí ar son na haeráide), níos mó eolais linn faoina dtionscadal ‘Ár gCoigilteas dá dTodhchaí’ agus faoi na hiarrachtaí a dhéanann siad chun dlúthpháirtíocht idirghlúine a chur chun cinn. Phléigh Monica Guiteras, duine de bhuaiteoirí an dara háit, Enginyeria Sense Fronteres [Innealtóirí gan Teorainneacha] ón gCatalóin (ES), faoin gcomhrac atá ar siúl acu i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh trí chabhrú le daoine fuinneamhbhochta a nguthanna a aimsiú agus a úsáid. Labhair Costin Dragne ón Rómáin linn faoin tionscadal ‘Educlick’, atá á reáchtáil ag an eagraíocht neamhrialtasach, Ateliere Fără Frontiere [Ceardlann Gan Teorainneacha], tionscadal a chuireann an geilleagar ciorclach chun cinn agus a théann i ngleic leis an éagóir shóisialta. Tá an fhadhb de theochtaí atá ag dul i méid á comhrac i Liúibleána na Slóivéine ag stiúideo uirbeach ‘Prostorož’; d’inis Zala Velkavrh gach rud dúinn faoin tionscadal cruthaitheach a chuidigh leo an duais a bhuachan. Ar deireadh, chualamar ó Madis Vasser, ball de chomhghuaillíocht na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha glasa san Eastóin, a labhair linn faoi ghrúpaí sainleasa éagsúla a thabhairt chuig an mbord chun plé a dhéanamh ar aistriú na tíre ó ola scealla go fuinneamh níos glaise, agus gan aon duine a fhágáil ar lár. (tk/ll)