Is iomaí údar gearáin atá ann a mhéid a bhaineann leis an daonlathas go ginearálta, agus maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go háirithe.

De réir na tuarascála is déanaí de chuid ‘World Democracy Report’ a chuir an institiúid ‘Varieties of Democracy’ i láthair an 7 Márta, tháinig meath ar an gcéatadán daoine atá ina gcónaí i ndaonlathas i gcomparáid leis an staid a bhí ann 40 bliain ó shin. Cé go bhfuil níos mó daoine ná riamh ar fud an domhain i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin i mbliana, tá roinnt mhaith de na tíortha sin a bhfuil toghcháin á reáchtáil acu ag éirí níos uathlathaí.

Fuarthas gearáin freisin ag an gcéad eagrán de Sheachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go luath i mí an Mhárta. Bhain na gearáin sin leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh, togra atá ar an gcéad uirlis dhaonlathach dhíreach trasteorann ar domhan. I measc an aiseolais dhiúltaigh a fuarthas ó gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta, na meán, an luchta acadúil agus riarachán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh faoin tionscnamh, dúradh go bhfuil sé róchasta, nach bhfuil sé tarraingteach, nach bhfuil aon mhuinín i gceist leis, nach bhfuil sé éifeachtúil agus gur beag an cháil atá air.

Ar an drochuair, cé go raibh na measúnuithe sin an-cháinteach ar fad, mheas mé go raibh siad i gceart. Mar sin féin, sílim go raibh daoine ró-chúramach agus ró-mheasartha sa tuairim a chuir siad in iúl. Ba cheart go mbeadh an daonlathas i bhfeidhm fud fad an domhain. Más mian linn é sin a bhaint amach, ní mór dúinn, mar shaoránaigh agus mar vótálaithe incháilithe atá ag maireachtáil ar an domhan sa lá atá inniu ann, féachaint le níos mó a bhaint amach ná an staid reatha. 

Is éard atá i gceist leis sin níos mó a dhéanamh ná a bheith ag troid in aghaidh na heagla, in aghaidh deachtóirí an lae inniu agus in aghaidh na ndreamanna cladhartha a leanann iad. Ní mór céimeanna i bhfad níos mó a thabhairt chun cinn. Bheadh tuilleadh forbartha ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ina chéim chun cinn chuige sin.

Ach, cad atá le déanamh againn anseo leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh? Tá trí rud le déanamh againn. Ní raibh rud ann riamh a bhí ina cheart, ina ionstraim agus ina uirlis ag an am céanna san Aontas ná áit eile ar domhan. Is casta agus cuimsitheach an dearadh a ghabhann leis an tionscnamh agus é digiteach, daonlathach agus trasnáisiúnta ar bhealach díreach, tá bonneagar tacúil leis agus úsáidtear i gceart é. 

Ó 2012, tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cruthaithe againn, tháinig sé isteach, rinneamar cleachtadh air agus chuireamar feabhas air freisin. Léirítear leis an méid sin gur féidir an spás daonlathach a leathnú agus a chomhdhlúthú i gcúinsí an-deacra ar fad.

An bhliain seo chugainn, agus é 13 bliana ar an bhfód, tá an tréimhse seo cosúil le páiste millte atá ag teacht in inmhe chun bheith ina dhéagóir ceanndána a nochtfaidh a chuid acmhainneachta don Eoraip agus don domhan. Agus is éard atá uainn ach go ndéanfaí meon láidir na náisiúnstát agus struchtúir mhaorlaithe an Aontais Eorpaigh a athbheochan leis an acmhainneact úr láidir sin. 

Bímis soiléir - ní theastaíonn uainn an nuálaíocht leanúnach gan staonadh a bhaineann le foirmeacha daonlathacha a bheith ann ag an am céanna, rud a dhéantar go minic ar mhaithe leis an nuálaíocht. Seachas sin, ní mór dúinn ár gcuid ama agus ár ndúthracht uile a chaitheamh ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le cinntiú go mbeidh sé ann le haghaidh 16 nó 18 mbliana ar a laghad ag deireadh na ndeich mbliana seo.  

Cad is brí leis sin? Ní mór dhá athrú thábhachtacha a dhéanamh faoi 2028 nó faoi 2030. Ar an gcéad dul síos, na cumhachtaí a bhaineann leis an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun clár oibre a leagan síos, ní mór go mbeadh na cumhachtaí sin ar comhchéim leis na cumhachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa. I mbeagán focal, ba cheart go mbeadh muintir na hEorpa in ann reachtaíocht agus gníomhaíochtaí rialtais eile a mholadh díreach mar is féidir le Feisirí tofa Pharlaimint na hEorpa.

Ar an dara dul síos, faoi dheireadh na ndeich mbliana seo ba cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais in ann ní hamháin reachtaíocht a thionscnamh ach vóta a chaitheamh freisin i reifrinn ar shaincheisteanna tábhachtacha ar leibhéal na hEorpa. Ní smaoineamh nua é sin go reáchtálfaí reifreann uile-Eorpach, ach is mithid dúinn an togra sin a dhéanamh i bhfírinne mar gheall ar an rath a bhí ar na luathchéimeanna agus tús an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Más féidir an cineál sin todhchaí a thógáil timpeall an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, breathnóidh daoine siar ar an uirlis sin, agus ar an am seo, mar thréimhse inar chruthaigh ceann de na héachtaí daonlathacha is iontacha a baineadh amach ó tháinig an ceart vótála do chách sa saol sa 20ú haois agus ó cuireadh comhionannas na gceart vótála i réim.