Bíonn CESE ag tacú leatsa
COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA – DROICHEAD TRASNÁISIÚNTA
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar cheann de na hinstitiúidí AE is sine dá bhfuil ann. Is faoi Chonradh na Róimhe a bunaíodh é in 1957. Is Coiste é atá comhdhéanta de 329 gcomhalta atá ceaptha ag Ballstáit uile an Aontais. Bíonn na comhaltaí ag obair ar son na bhfostóirí agus na bhfostaithe, sin agus ar son eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
Ina chomhlacht comhairleach dó a bhíonn ag díriú ar cheisteanna i ngort an daonlathais, is amhlaidh a neartaíodh an ról atá ag CESE le déanaí. Fágann sin gurb é CESE an droichead is mó tábhacht feasta idir sochaí shibhialta na hEorpa agus institiúidí an Aontais Eorpaigh. Dá réir agus dá bhrí sin, cuireann CESE creat tacaíochta tábhachtach ar fáil inniu don tsaoránacht ghníomhach agus don daonlathas rannpháirtíochta.
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Nuair a tháinig an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ar an bhfód i dtús ama, bhí CESE ina cheannródaí maidir le creat tacaíochta neamhfhoirmiúil do shaoránaigh ghníomhacha ar fud an Aontais, lena n-áirítear comhairle ghinearálta dóibh, cúnamh aistriúcháin dóibh, agus reáchtáil seisiúin éisteachta le CESE do na TESanna atá ar na bacáin. Formhór na seirbhísí sin, is cuid iad de na hoibleagáidí rialála atá ar institiúidí an Aontais. Áirítear orthu sin Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.
Ós é CESE an institiúid is sine taithí a chuireann tacaíocht ar fáil do na saoránaigh san Aontas, leanann sé air ag soláthar faisnéise, treorach agus ardáin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do ghrúpaí ad hoc de shaoránaigh ghníomhacha atá ag cothú na gné sóisialta de shaol na ndaoine san Eoraip agus ag obair ann leis an daonlathas a neartú.
Ó 2012 i leith, tá CESE ag óstáil na comhdhála bliantúla, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh sa Bhruiséil (Lá TES a thugtar air). Bíonn pointe cruinnithe oscailte á thairiscint aige ann in aisce do ghairmithe agus do ghníomhaithe TES ar fud na hEorpa.
Ina theannta sin, iarrann CESE ar lucht na TESanna rathúla nó na TESanna a bheidh rathúil go luath freastal ar a sheisiúin iomlánacha agus iarrann sé ar lucht na TESanna atá ar bun cheana féin freastal ar chruinnithe na rannóg agus na ngrúpaí chun cur le méadú an idirphlé idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais agus chun tuilleadh eolais faoi na tionscnaimh a scaipeadh sa réimse poiblí Eorpach. I measc na gcuirí sin, bhí Ban Glyphosate (2017), Minority SafePack (2018), Stop Extremism (2019), End the Cage Age, Eat ORIGINal. Unmask your Food (2020), Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí (2022) agus An Eoraip Saor ó Fhionnadh (2023).
Chomh maith le leagan leictreonach CESE de ‘An Pas Eorpach um Dhaonlathas’, tá leagan clóite ar fáil i 23 theanga mar aon le foilseacháin agus seirbhísí eile.
A thuilleadh tacaíochta
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, is fíor a rá nach bhfuil tú leat féin. Tá breis agus 450 milliún duine eile ann atá cosúil leat féin. Ná níl tú leat féin maidir le tacaíocht a fháil ón rialtas agus ón tsochaí shibhialta chun do thuairim a chur in iúl. I measc na n-acmhainní iomadúla atá ar fáil, molaimid an tacaíocht, an treoir agus na meáin thrasnáisiúnta seo a leanas atá á gcur ar fáil ar fud na hEorpa.
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
-
Is ardán comhoibríoch ar líne é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ardán a chuireann tacaíocht ar fáil do shaoránaigh ag céimeanna éagsúla d’eagrú an Tionscnaimh. Cuireann an fóram faisnéis phraiticiúil ar fáil maidir le TES agus cuireann sé ar chumas daoine beartais agus tionscnaimh Eorpacha a d’fhéadfadh a bheith ann a phlé. Bíonn sé ag cuidiú leo freisin ag na céimeanna luatha eagrúcháin, le comhpháirtithe a aimsiú i dtíortha eile agus sainchomhairle a lorg i dtaca le feachtasaíocht, tiomsú an airgid agus saincheisteanna dlí. Is é an cuspóir atá ann idirghníomhaíocht a chothú idir eagraithe ionchasacha, saoránaigh agus saineolaithe ar ábhar an TES. Is seirbhís é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, agus is í an tSeirbhís Gníomhaíochta do Shaoránaigh na hEorpa (ECAS) a reáchtálann an tseirbhís úd.
-
Tugann Deasc Chabhrach an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh comhairle agus tacaíocht do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí ar fud an Aontais Eorpaigh nuair atá siad ag smaoineamh ar thionscnamh a thosú. Is Deasc Chabhrach neamhspleách í seo atá á hóstáil ag an gCumann don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh arna bhunú ag lucht eagraithe TES san am atá caite agus san am i láthair. Tacaíonn an Deasc Chabhrach le TESanna aonair trí bhíthin na feachtasaíochta, trí thiomsú an airgid, agus le comhairle dlí.
-
Leabharlann ar líne TES. Tá stair shuimiúil ag an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a théann siar go luathbhlianta an Aontais Eorpaigh sna 1990idí (tar éis athrú foirmiúil a bheith déanta air ó chomhar eacnamaíoch go haontas polaitiúil). Bhailigh an Institiúid Eorpach um Thionscnaimh agus Reifrinn, a bunaíodh in 2001 chun cabhrú le forbairt an TES, na foilseacháin is tábhachtaí ar líne agus – arna iarraidh sin – tig léi tú a threorú chuig acmhainní breise.
Daonlathas na Rannpháirtíochta
-
Is aip ar líne le haghaidh na bhfón cliste í ‘Citizens’ App’ de chuid Pharlaimint na hEorpa, aip ina bhfuil faisnéis faoi ábhair agus faoi áiteanna a dtarlódh gur dhíol spéise duit féin iad. Cuireann sí ar an eolas thú faoi imeachtaí a bheidh ar siúl gar duit; cuireann sí do cheanáin i d’fhéilire pearsanta; taispeánann sí an bealach is fearr duit tríd an aip léarscáile is fearr leat; cuireann sí ábhar ilmheánach ar fáil amhail físeáin, podchraoltaí agus taispeántais sleamhnán; tá sí inchuardaithe agus inroinnte agus is féidir í a shaincheapadh agus a rangú. Le fáil ar Apple Store agus Google Play i 24 theanga.
-
Is líonra trasnáisiúnta de lucht tacaíochta an daonlathais é an Comhphobal Daonlathach, líonra atá á óstáil ag ‘Democracy International’. Tá an t-ardán ar oscailt do gach duine chun críocha faisnéise, oideachais agus líonraithe agus cuireann sé scéalta rannpháirtíochta agus deiseanna imeachtaí ar fáil. Is féidir leat tú féin / d’eagraíocht / d’institiúid a chlárú agus próifíl a chruthú a thacaíonn leis an daonlathas.
-
Is eagraíocht idirnáisiúnta í an tSeirbhís Gníomhaíochta do Shaoránaigh na hEorpa a bhfuil ballraíocht uile-Eorpach aici. Is é an misean atá aici saoránaigh a chumhachtú d’fhonn Aontas Eorpach níos cuimsithí agus níos láidre a chruthú trí chearta na saoránach a chur chun cinn agus a chosaint agus trí shásraí a fhorbairt d’fhonn rannpháirteachas agus rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach agus na n-eagraíochtaí saoránach a mhéadú san Aontas agus chun tacú leis na sásraí sin.
-
Tá an t-ardán Participo á chur ar fáil ag ECFE (An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta). Tá gach cineál eolais anseo faoi thaighde agus cleachtas dhaonlathas na rannpháirtíochta agus an daonlathais dhírigh ar gach leibhéal polaitiúil. Tá an t-ardán mar chuid d’iarracht ECFE chun na hathruithe paraidíme atá faoi lán seoil ó rialtas ionadaíoch traidisiúnta go daonlathas ionadaíoch nua-aimseartha a fhiosrú.
Na saoránaigh agus an iriseoireacht
-
Nascann Euractiv saoránacht ghníomhach Eorpach leis an iriseoireacht ghairmiúil ar líne agus cuireann sé scéalta, tuairimí, anailís agus cúlra ar fáil faoi gach rud atá ar siúl ó thaobh na polaitíochta de ar fud na hEorpa – i 13 theanga: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Seicis, Bulgáiris, Gréigis, Cróitis, Polainnis, Rómáinis, Seirbis, Spáinnis agus Slóvaicis.
-
Is é an tuairisciú ar an daonlathas nua-aimseartha rannpháirtíochta agus díreach an príomhchúram atá ar ardán #deardemocracy ag Swissinfo, an tseirbhís idirnáisiúnta de chuid Chuideachta Craolacháin na hEilvéise. Cuireann sé nuacht, tuairimí agus cúlra ar fáil maidir le saoránacht ghníomhach agus daonlathas na rannpháirtíochta ar fud an domhain – i ndeich gcinn de theangacha: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Araibis, Rúisis, Sínis, Portaingéilis, Iodáilis agus Seapáinis.
