Logo EESC EPTAC

An Pas Eorpach um Dhaonlathas

  • Treoir mhearthagartha ar an tsaoránacht ghníomhach eorpach
  • Mo chead cainte san eoraip
  • Bosca uirlisí na rannpháirtíochta
  • Treoirleabhar maidir leis an tionscnamh eorpach ó na saoránaigh
  • Tá tacaíocht ann go forleathan
Logo EESC EPTAC
An Pas Eorpach um Dhaonlathas
Scrollaigh síos

Video 

Fáilte go dtí an tAontas Eorpach (AE), an chéad daonlathas trasnáisiúnta agus rannpháirteach ar domhan.

Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá an ceart bunreachtúil agat tionchar a bheith agat ar na rialacha a bhfuil feidhm acu ar 450 milliún duine nach mór thar limistéar ina bhfuil níos mó ná 4 mhilliún km² in 27 dtír. B’fhéidir go ndéarfaidh tú leat féin: nach iontach sin ach conas go díreach is féidir liom a chinntiú go gcloisfear mé i ndáiríre? Tugtar freagra na ceiste sin sa phas leictreonach de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Seo é do threoir maidir le saoránacht ghníomhach san Aontas Eorpach.

Ó thús deireadh an téacs, tabharfar cúnamh agus treoir duit chun go gcloisfear do ghuth ach roinnt ceisteanna bunúsacha a chur ar dtús. An ábhar fíor-Eorpach é ar mhaith leat aghaidh a thabhairt air – nó an mbeadh sé inmholta tosú ag an leibhéal áitiúil seachas ag an leibhéal Eorpach? Agus más ar an leibhéal Eorpach a dhíreoidh tú an smaoineamh atá agat, cad é an bealach is fiúntaí agus is rathúla chun é sin a dhéanamh? D’fhéadfadh sé gur leor ríomhphost a sheoladh chuig Feisire de Pharlaimint na hEorpa – nó b’fhéidir gur cheart duit achainí a dhéanamh go díreach chuig Parlaimint na hEorpa? Cén fáth nach dtéann tú isteach le heagraíocht na sochaí sibhialta nó le páirtí polaitiúil fiú agus seasamh i dtoghchán tú féin? Nó céard faoi Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a eagrú agus tacú leis chun an clár oibre don reachtaíocht a leagan síos?

Tá an treoirleabhar seo ceaptha cabhrú leat maidir leis an tráthchlár (cén uair ba cheart duit a bheith gníomhach?), an fhoireann (cé na daoine ar cheart duit dul i bpáirt leo?) agus na huirlisí (cad iad na hionstraimí rannpháirtíochta atá ar fáil ar cheart duit iad a úsáid?) i dtaca leis an tsaoránacht ghníomhach agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas Eorpach.

Thairis sin, cuireann an leagan leictreonach seo neart gnéithe idirghníomhacha breise ar fáil: naisc thapa, tráthanna na gceist agus grafaicí faisnéise chun an t-eolas a léiriú agus chun léargas ginearálta a thabhairt duit ar do chearta mar shaoránach.

An bhfuil tú réidh le gníomhú ar son na hEorpa? Ar an marc, faoi réir, cliceáil!

Tá leagan leabhráin den phas ar fáil freisin in
24 theanga oifigiúla an Aontais.

 Scrollaigh go barr
 Íosódáil an pas i bhfoirm leabhráin
An Pas Eorpach um Dhaonlathas
Logo EESC
Roinn
nasc chuig facebook nasc chuig x/twitter nasc chuig linkedin nasc chuig youtube nasc chuig instagram
Déan teagmháil linn
 
Cóipcheart © An tAontas Eorpach 2024 | Nuashonrú deireanach: 01/03/2024
Creidiúintí | Fógra dlíthiúil
Suas go barr