Ós rud é gur daonlathas ionadaíoch nua-aimseartha é an tAontas Eorpach a bhfuil córas cumhachtaí comhroinnte agus institiúidí speisialaithe aige, ní furasta i gcónaí do shaoránaigh aonair den Aontas an próiseas ceaptha beartas a shainaithint, a mheasúnú ná tionchar a imirt air ag an nóiméad ceart agus leis an uirlis is éifeachtúla.
Bímis ar an eolas, mar sin, faoi na bealaí éagsúla inar féidir linn, mar shaoránaigh, institiúidí éagsúla a roghnú agus cúraimí a chur orthu agus a bheith inár bpáirtithe leasmhara maidir le cinnteoireacht ar fud an Aontais.
Toghaimid ár bparlaimintí go rialta inár bpríomhchathracha náisiúnta agus san Aontas Eorpach. Tugann sé sin an deis duit a bheith i d’iarrthóir tú féin agus seasamh sa toghchán.
- Tá toghchán na parlaiminte náisiúnta ríthábhachtach do phróiseas cinnteoireachta an Aontais toisc go mbíonn tionchar aige ar chomhdhéanamh an rialtais náisiúnta (agus i gcuid mhaith cásanna ar an gCeann Stáit freisin). Tá an rialtas náisiúnta féin ina chuid den Chomhairle Eorpach agus de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar dhá cheann de na seacht n-institiúid AE iad. Tá cead cainte ag an bparlaimint náisiúnta freisin maidir le próiseas reachtach an Aontais.
- Is é toghadh Pharlaimint na hEorpa (PE) an bealach is dírí chun tionchar a bheith ag na saoránaigh ar leibhéal an Aontais. Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar chumhachtaí Thionól na 705 Fheisire agus, ar roinnt bealaí, tá siad ar chomhchéim anois le cumhachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh (atá comhdhéanta de rialtais na mBallstát).
Léigh tuilleadh faoi chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa.
Tá an-smaoineamh agat mar sin maidir leis an Eoraip a athrú – nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil fadhb bheag agat maidir le gnó a chur ar bun trasna na teorann. B’fhéidir gur mhaith leat mórfheachtas a sheoladh i gcoinne dlí Eorpach atá ann cheana – nó fiú gearán a dhéanamh faoi oifigeach de chuid an Aontais. Tá 101 chúis le bheith i do shaoránach gníomhach de chuid an Aontais, ach tá roinnt príomhcheisteanna ar gá duit do mhachnamh a dhéanamh orthu roimh duit dul i mbun gnímh. Is fíor go dtógann sé tamall na ceisteanna sin a mheas agus na freagraí a roghnú go cúramach.
Bíodh sin mar atá, agus tú ar tí a bheith mar chuid den athrú san Aontas Eorpach – ar pobal polaitiúil trasnáisiúnta é ina bhfuil beagnach 450 milliún duine – tá an-tábhacht go deo le cáilíocht do chéimeanna ullmhúcháin le go mbeidh d’iarrachtaí rathúil. Agus sin mar atá, bí díograiseach... agus téigh i mbun gnímh!
Bunaithe ar an bhforléargas sin, is féidir leat do ghníomhaíochtaí a chur in oiriúint don inniúlacht ábhartha (eisiach, roinnte nó tacaíochta) agus machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhlántach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta (nó ar leibhéal éigin eile) i gcás inniúlachtaí roinnte/tacaíochta de chuid an Aontais. Tograí le haghaidh gníomhaíochta nach dtagann faoi réimse a bhfuil inniúlacht ag an Aontas ann, tá gach seans gur dheacair tograí den sórt sin a chur i láthair na hinstitiúide AE ba rogha leat toisc go bhféadfadh leisce a bheith uirthi glacadh lena gcur isteach ar an gcéad dul síos.
Tuilleadh eolais faoi roinnt na n-inniúlachtaí laistigh den Aontas Eorpach: commission.europa.eu/about-european-commission/what-european-commission-does/law/areas-eu-action_ga.
