Cearta an tsaoránaigh
-
Rud beag den stair
An gcuireann an 1 Samhain 1993 rud ar bith i gcuimhne duit? An lá sin, bhain saoránaigh na mBallstát uile stádas dlíthiúil nua amach mar ‘shaoránaigh den Aontas Eorpach’. Tugadh ‘an Comhphobal Eorpach’ (eacnamaíoch) chun deiridh freisin agus tháinig ‘an tAontas Eorpach’ (polaitiúil) ina áit. Ba rud nua é sin ar an leibhéal domhanda, rud nár tharla riamh roimhe sin agus nár tharla ó shin i leith; níl cearta trasnáisiúnta ag aon ghrúpa saoránach eile áit ar bith ar domhan, cearta a chuireann ar a gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh i múnlú na reachtaíochta ar fud náisiúnstáit éagsúla.
Ó shin amach, táthar ag cur go córasach leis na cearta foirmiúla a bhaineann le do bharúil a chur in iúl agus is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, a tugadh isteach in 2012, an léiriú is fearr ar an obair sin. Leasaíodh uirlis an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh in 2020, agus cuireadh arís leis na deiseanna atá ann do chuid tuairimí a chur in iúl.
-
Ní saoránach den aontas thú go fóill?
Ní féidir a bheith i do shaoránach den Aontas Eorpach ach ar aon slí amháin. Ní mór a bheith i do shaoránach incháilithe de cheann de na Ballstáit. Is é sin le rá, níl bealach ar bith eile ann chun an stádas sin a bhaint amach mura saoránach de cheann de na Ballstáit thú. Cuireann saoránacht an Aontais leis an tsaoránacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta – ach ní ghlacann sí áit na saoránachtaí sin riamh.
Tá méadú ag teacht ar líon na mBallstát ina bhfuil tú i dteideal tacú le tionscnamh ó na saoránaigh (Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go háirithe) agus páirt a ghlacadh i dtoghcháin a luaithe atá 16 bliana slánaithe agat, ach caithfidh tú fanacht go dtí go mbeidh tú 17 nó 18 mbliana d’aois i mBallstáit eile.
Tuilleadh eolais! Tuilleadh eolais faoin aois íosta ag a bhfuil saoránaigh i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus/nó tacú le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh sna tíortha éagsúla: europa.eu/citizens-initiative/data-requirements_ga
I measc na gceart agus na saoirsí atá ag saoránaigh an aontais, seo iad na ceithre cinn is tábhachtaí:
- tá sé de cheart acu gluaiseacht, cónaí agus obair a dhéanamh faoi shaoirse laistigh de chríoch an Aontais;
- tá siad i dteideal cosaint ó údaráis taidhleoireachta aon cheann de na Ballstáit agus iad lasmuigh den Aontas;
- tá sé de cheart acu a vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghchán ar an leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an Aontais in aon cheann de na Ballstáit;
- tá sé de cheart acu páirt a ghlacadh i bpróiseas reachtach an Aontais, mar shampla trí achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, nó trí Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a eagrú nó a dtacaíocht a thabhairt do cheann acu.
Saoránacht ghníomhach a chleachtadh
-
Bí ar an eolas!
An chéad chéim is ea do chuid ceart agus dualgas a fhiosrú
Tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoina bhfuil ar siúl san Aontas Eorpach, mar sin tá tú i dteideal faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi gach rud atá á dhéanamh ag an Aontas, nach mór. Tá ceart dlíthiúil agat freisin rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí uile an Aontais Eorpaigh, ceart atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 42) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 15).
Tabharfaidh seirbhís Europe Direct freagra, i do theanga féin, ar do chuid ceisteanna faoin Aontas. Ba cheart go bhfaighfeá freagra tosaigh faoi cheann trí lá oibre. Mar chuid den tseirbhís, déantar foilseacháin (áirithe) de chuid an Aontais a sheachadadh saor in aisce sa phost. Is féidir glaoch saor in aisce a chur ar Europe Direct freisin, áit ar bith san Aontas: 00 800 6 7 8 9 10 11 (Luan go hAoine 09:00 – 18:00 CET).
Tuilleadh eolais! Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na huirlisí eile atá ann i Sraith Straitéisí na Rannpháirtíochta.
-
Cloisimis uait!
Tá go leor bealaí ann lenar féidir leat trácht a dhéanamh ar bheartais agus tograí an Aontais
Ós rud é go bhfuil tionchar mór ag an Aontas Eorpach ar do shaol laethúil, tá sé tábhachtach a thuiscint gur gá de réir an dlí gurb oscailte agus freagrúil an próiseas cinnteoireachta poiblí san Aontas. Ar an gcúis sin, tá sé d’oibleagáid ar institiúidí an Aontais go gcoimeádfaidh siad ‘agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl’ (Airteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ar a dtugtar Conradh Liospóin freisin) agus ‘[d]’fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúcháin leathana le páirtithe lena mbaineann’ (Airteagal 11(3) CAE).
Is ‘pointe rochtana’ oifigiúil í an tseirbhís 'Cloisimis uait’' ar na comhairliúcháin agus ar an bplé poiblí atá ar bun faoi láthair a bhaineann le próisis ceaptha beartas na hEorpa. An té a chláraíonn leis an tseirbhís, beidh sé in ann a ainm a chur síos le haghaidh fógraí ríomhphoist agus cuireadh a fháil chun páirt a ghlacadh i bpróisis chomhairliúcháin fhoirmiúla, fiú.
-
Glac páirt!
D’fhéadfá ballraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil nó tionscnamh ó na saoránaigh a eagrú tú féin
Is daonlathas ionadaíoch nua-aimseartha é an tAontas Eorpach, ina ndéanann na saoránaigh comhrialú ar bhonn indíreach (trí bhíthin na n-institiúidí) agus díreach (trí bhíthin na n-uirlisí rannpháirtíochta) araon. Cloíonn cairteacha, conarthaí agus dlíthe bunúsacha an Aontais le hAirteagal 21 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, ina leagtar síos go bhfuil sé de cheart ag gach duine páirt a ghlacadh go díreach i rialtas a thíre, agus den chéad uair i stair na cruinne, tugann siad an cleachtas sin chuig an leibhéal trasnáisiúnta.
Is é sin le rá, tá láncheart agat páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, agus b’iontach an rud é dá nglacfá, mar shampla trí bhallraíocht a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil a bhfuil ionadaíocht aige i bParlaimint na hEorpa, trí achainí a dhéanamh chuig an bParlaimint nó trí pháirt a ghlacadh i bPainéil na Saoránach Eorpach. Is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an uirlis is cumhachtaí ó thaobh an daonlathais rannpháirtíochta de san Aontas Eorpach, rud a ligeann duit féin clár oibre an Aontais a leagan síos!
Tuilleadh eolais! Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na huirlisí eile atá ann i Sraith Straitéisí na Rannpháirtíochta.
Leibhéil na gníomhaíochta?
Níl an saol seo greanta i gcloch! Is fútsa, faoi do chairde agus fúinn uile atá sé ár nguth a chur in iúl – agus ár mbaile féin, ár gcúige féin, ár dtír féin, an Eoraip agus an domhan mór a fheabhsú
-
M’áit féin: leibhéal an bhardais
Is dócha gurb é do bhaile dhúchais féin an áit is tábhachtaí ó thaobh na saoránachta gníomhaí agus an daonlathais rannpháirtíochta de.
Cé go mb’fhéidir gurb é leibhéal an bhardais an leibhéal is ísle údarás stáit, is ar an leibhéal seo a dhéantar cinntí tábhachtacha maidir le saincheisteanna amhail an bainistiú dramhaíola, an bonneagar áitiúil agus, scaití, seirbhísí bunoideachais agus leasa shóisialta, fiú. Anuas air sin, tá an leibhéal áitiúil fite fuaite leis an leibhéal reachtach náisiúnta agus Eorpach - agus tá ról lárnach aige maidir le rialacha agus dlíthe éagsúla a chur chun feidhme.
Tá beagnach 100 000 daonlathas áitiúil ann ar fud an Aontais Eorpaigh, agus tá cuid mhór acu freagrach as sciar ollmhór de bhailiú foriomlán na cánach agus as cearta rannpháirtíochta éagsúla a chur i bhfeidhm maidir lena saoránaigh féin, idir bhealaí indíreacha (trí bhíthin páirtithe polaitiúla agus parlaimintí áitiúla) agus bhealaí díreacha (trí bhíthin tionscnamh agus reifreann).
Tuilleadh eolais! Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi is fearr agus faoin am is oiriúnaí chun tionchar a imirt ar chúrsaí? Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise san údarás áitiúil. -
Mo réigiún féin: leibhéal an chúige
Is iomaí cúige agus réigiún a bhfuil cumhachtaí forleathana aige, agus na cinn siúd nach bhfuil, fiú, is mór an buntáiste é gurb iad an pointe teagmhála riaracháin is cóngaraí don saoránach iad.
Idir leibhéal an bhardais agus an leibhéal náisiúnta, tá, ar a laghad, leibhéal amháin eile rialachais réigiúnaigh ann (in 25 mBallstát ar a laghad). Faoi láthair, tá thart ar 1500 daonlathas réigiúnach den sórt sin ann ar fud an Aontais. I roinnt Ballstáit chónaidhme, tá ceannasacht nach beag ag na cúigí, lena n-áirítear bunreachtanna dá gcuid féin, cumhachtaí forleathana reachtacha agus ioncaim chuimsitheacha cánach. I mBallstáit eile an Aontais, áfach, is róil riaracháin (neamhthofa) den chuid is mó a chomhlíonann na cúigí/réigiúin.
Ag brath ar stádas do chúige/réigiúin féin, tá na cearta forleathana céanna agat, a bheag nó a mhór, maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil, lena n-áirítear bealaí indíreacha (trí bhíthin páirtithe polaitiúla agus parlaimintí áitiúla) agus bealaí díreacha (trí bhíthin tionscnamh agus reifreann).
Tuilleadh eolais! Is é Coiste Eorpach na Réigiún Tionól na nIonadaithe Réigiúnacha agus Áitiúla san Aontas Eorpach -
Mo thír féin: an leibhéal náisiúnta
Is iad na Ballstáit an leibhéal rialachais is tábhachtaí laistigh den Aontas Eorpach i dtaca le cumhachtaí polaitiúla agus dlíthiúla agus rialú na gcistí poiblí.
Ar an gcúis sin, tá do shaoránacht i mBallstát amháin (nó i roinnt Ballstát, i gcásanna áirithe) ríthábhachtach chun gur féidir leat do thuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta poiblí.
Tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis na cearta rannpháirtíochta polaitiúla atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Cé go bhfuil cearta toghcháin ag gach tír, tugann thart ar dhá thrian de na tíortha cead do shaoránaigh a dtograí féin a dhéanamh freisin, trí bhíthin achainíocha agus tionscnamh agus trí chead cainte a bheith acu ar shaincheisteanna substainteacha trí bhíthin phróiseas an reifrinn.
Tuilleadh eolais! Chun forléargas agus sonraí a fháil faoi na deiseanna rannpháirtíochta atá ann ar an leibhéal náisiúnta, tabhair cuairt ar Direct Democracy Navigator nó téigh i dteagmháil le seirbhísí faisnéise do pharlaiminte náisiúnta féin. -
M’Eoraip féin: an leibhéal trasnáisiúnta
Is iomaí bealach ar féidir beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach: idir vóta a chaitheamh agus ionadaíocht a dhéanamh.
Is é an tAontas Eorpach an chéad daonlathas trasnáisiúnta ar domhan. Más saoránach den Aontas Eorpach thú, tá réimse leathan deiseanna agat chun do thuairimí a chur in iúl, trí vótáil agus/nó trí sheasamh mar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa nó is féidir leat cead cainte níos dírí a bheith agat ach achainí a sheoladh isteach (atá dírithe ar an bParlaimint) nó Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a sheoladh (atá dírithe ar an gCoimisiún). Agus ní hé sin deireadh an scéil!
Más saoránach den Aontas thú, tá cead agat seasamh i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh, cabhair a fháil maidir leis an bhfadhb atá agat, do thuairim a chur in iúl go poiblí, achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa nó tacaíocht a thabhairt do Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
