Logo EESC EPTAC

An Pas Eorpach um Dhaonlathas

  • Treoir mhearthagartha ar an tsaoránacht ghníomhach eorpach
  • Mo chead cainte san eoraip
  • Bosca uirlisí na rannpháirtíochta
  • Treoirleabhar maidir leis an tionscnamh eorpach ó na saoránaigh
  • Tá tacaíocht ann go forleathan
 

Bosca uirlisí na rannpháirtíochta trasnáisiúnta: an iliomad roghanna?

Ón lá ba léir gur mó atá i gceist leis an Aontas Eorpach ná comhlacht idir-rialtasach, comhlacht ina dtagadh ionadaithe ó rialtais náisiúnta le chéile chun cinntí a dhéanamh faoi rún, cuireadh tograí le haghaidh uirlisí rannpháirtíochta chun cinn, tugadh isteach sásraí praiticiúla agus rinneadh athbhreithniú ar na sásraí a bhí ann cheana chun saoránacht ghníomhach an Aontais agus daonlathas rannpháirtíochta ar an leibhéal trasnáisiúnta a bheith mar chleachtas laethúil seachas mar smaoineamh maith.

Mar sin, nuair a bheidh tú gníomhach mar shaoránach den Aontas agus do smaoineamh/ábhar imní/togra á chur chun cinn ar an leibhéal trasnáisiúnta, déan measúnú cúramach ar na hionstraimí rannpháirtíochta atá ar fáil sa tsraith straitéisí ar dtús. Seo thíos na cinn is mó tábhacht.

Video

Gearán

Mura bhfuil tú sásta le beart a bhaineann leis an Aontas, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach, a chuireann foirm ar líne ar fáil sna 24 theanga oifigiúla de na Conarthaí. Is mithid a thabhairt faoi deara go bhfuil an cainéal seo ar oscailt ní hamháin do shaoránaigh den Aontas ach do gach cónaitheoir ar fud an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnólachtaí, cumainn agus comhlachtaí eile atá cláraithe laistigh den Aontas.

  • www.ombudsman.europa.eu
EO Logo

Comhairle maidir le fadhbanna

Má tá constaicí romhat i dtír eile, mar shaoránach nó mar ghnólacht den Aontas Eorpach, toisc nach bhfuil údarás poiblí ag déanamh an méid is gá faoi dhlí an Aontais, is féidir leat dul i muinín SOLVIT, an sásra um fhadhbanna a réiteach arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach. Is seirbhís ar líne é sin in 25 theanga (teangacha an Aontais agus an Ioruais), a láimhseálann fadhbanna a mbaineann gné thrasteorann leo a tharla toisc gur chuir na húdaráis phoiblí i mBallstáit an Aontais dlí an Aontais i bhfeidhm go míchuí.

  • ec.europa.eu/solvit
Solvit Logo
Video
Video

Cumhacht na dtomhaltóirí

Más rud é, mar shampla, go bhfuil fadhb agat leis na cearta atá agat mar thomhaltóir nó má tá cúiteamh á lorg agat as damáistí, ba cheart duit dul i dteagmháil le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le táirgí nó seirbhísí lochtacha in aon cheann de 30 tír ábhartha (AE/LEE – teangacha an Aontais, an Ioruais agus an Íoslainnis).

  • commission.europa.eu/live-work-travel-eu/consumer-rights-and-complaints/resolve-your-consumer-complaint_ga

An t-oideachas agus an obair

Más ag lorg poist nó deiseanna oideachais ar fud na hEorpa atá tú, tá seirbhís EURES ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, sin agus san Ioruais agus san Íoslainnis chomh maith. Seirbhís is ea EURES a chuireann uirlisí ar fáil do chuardaitheoirí poist agus do na fostóirí. (I bhfómhar na bliana 2023, féach go raibh 3.9 milliún folúntas ann mar aon le milliún CV).

  • https://eures.europa.eu/index_ga
Eures Logo
Video
Video

Comhairliúcháin

Agus beartas nó dlí nua á ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach, is minic a sheolann sé comhairliúchán poiblí ar an gceist atá faoi chaibidil. Is deis iontach é seo chun do thuairim a chur in iúl go luath sa phróiseas oifigiúil. Is féidir leat clárú le fógra a fháil nuair a sheolfar comhairliúchán maidir le ceist a bhfuil suim agat inti.

  • commission.europa.eu/law/contribute-law-making_ga

Gníomhaíocht indíreach

Tá roinnt institiúidí AE ann a ceapadh chun cabhrú leat mar shaoránach do thuairim a chur in iúl ar leibhéal an Aontais. Áirítear ar na hinstitiúidí sin Parlaimint na hEorpa (an Feisire atá agat féin ina measc), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún.

Video
Video

Achainí

Tá sé seo ar cheann de chearta bunúsacha na saoránach Eorpach: féadfaidh saoránach ar bith, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile, a gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa faoi Airteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú ag am ar bith. Is mithid a thabhairt faoi deara go n-áirítear leis an gceart sin gach cónaitheoir de chuid an Aontais chomh maith le comhlachais agus cuideachtaí a bhfuil ceanncheathrú acu laistigh den Aontas.

Féadfaidh d’achainí iarraidh aonair, gearán nó barúil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó achomharc a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa chun seasamh a ghlacadh ar ábhar ar leith.

  • petiport.secure.europarl.europa.eu/

Tionscnamh ó na Saoránaigh

Ligeann sé d’aon mhilliún saoránach as seacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh i réimsí a thagann faoina inniúlacht. Tá bliain amháin ag eagraithe TES chun an tacaíocht is gá a fháil.

Ní mór na sínithe a bheith deimhnithe ag na húdaráis inniúla i ngach Ballstát agus is féidir iad a bhailiú ar líne. Ansin, tugann an Coimisiún cuireadh d’eagraithe na dtionscnamh ar éirigh leo freastal ar chruinniú agus tugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dóibh freastal ar éisteacht phoiblí. Tá 6 mhí ag an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an tionscnamh agus cinneadh a dhéanamh faoi conas gníomhú ina leith.

  • https://citizens-initiative.europa.eu/_ga
Video
Tuilleadh eolais! Agus do mhachnamh á dhéanamh agat ar uirlis gníomhaíochta, déan iarracht freisin measúnú a dhéanamh ar an gcineál gníomhaíochta atá ar intinn agat a dhéanamh: ar mhaith leat rud éigin nua a chur ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh? Nó, os a choinne sin, ar mhaith leat rud éigin a stopadh? Seans go bhfuil tú ag iarraidh feabhas a chur ar thasc atá ann cheana? De rogha air sin, cén fáth nach n-úsáidfeá ceann de na huirlisí mar mhír mhargántaíochta lena gcomhlánófaí foirmeacha eile gníomhaíochta a bhfuil baint agat leo? Is léir go bhfuil bealaí go leor ann a bhféadfaidh duine a bheith ina shaoránach gníomhach san Aontas Eorpach ach ní mór na príomhchuspóirí a ullmhú agus a thuiscint go críochnúil i ngach cás.
 Scrollaigh go barr
 Íosódáil an pas i bhfoirm leabhráin
An Pas Eorpach um Dhaonlathas
Logo EESC
Roinn
nasc chuig facebook nasc chuig x/twitter nasc chuig linkedin nasc chuig youtube nasc chuig instagram
Déan teagmháil linn
 
Cóipcheart © An tAontas Eorpach 2024 | Nuashonrú deireanach: 01/03/2024
Creidiúintí | Fógra dlíthiúil
Suas go barr