Deirtear gurb é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ‘an nuálaíocht is mó sa daonlathas trasnáisiúnta’ ó tugadh isteach toghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa breis agus dhá scór bliain ó shin. Tá an ceart céanna againne anois, saoránaigh den Aontas Eorpach, agus atá ag an tromlach i bParlaimint na hEorpa agus sna Ballstáit chun an clár oibre polaitiúil a leagan síos don mhór-roinn ar fad. Ionstraim a úsáidtear go dúthrachtach: ó seoladh in 2012 í, cuireadh breis agus 100 tionscnamh i gcomhad.
Cé gurb ag an gCoimisiún Eorpach amháin atá an ceart foirmiúil reachtaíocht uile-Eorpach a thionscnamh, is ionstraim é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun clár oibre a leagan síos. Réitítear an bealach freisin do thodhchaí na polaitíochta rannpháirtíochta: tá sé níos dírí, níos trasnáisiúnta agus níos digití ná rud ar bith a tháinig roimhe san Aontas agus spreag sé neart Ballstát chun ionstraimí comhchosúla lena leagfar síos clár oibre a thabhairt isteach ina dtíortha féin.
Sin é an fáth nach ceart chun achainí a dhéanamh amháin atá sa TES, ach gur ceart laethúil atá ann do na saoránaigh a bheith gníomhach maidir leis na chéad saincheisteanna eile atá le cur ar chlár oibre na n-institiúidí Eorpacha.
| Iarratais TES de réir bliana | Líon seolta | Líon cláraithe | Líon diúltaithe |
|---|---|---|---|
| Iomlán |
Tuilleadh eolais ar leathanach clárúcháin TES.
Rialacha 222 agus 230 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Creat rialála iomlán maidir le TES:europa.eu/citizens-initiative/how-it-works/regulatory-framework_ga
Fíorú agus deimhniú TES ag na Ballstáit:europa.eu/citizens-initiative/authorities-verification-and-certification-statements-support_ga
Uaireanta cuirtear an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i gcomparáid le scian ilúsáide: uirlis ilfheidhmeach atá dea-dheartha agus inoiriúnaithe. Ós rud é go bhfuil an Tionscnamh ó na Saoránaigh ar fáil do bheagnach 450 milliún saoránach den Aontas ar fud 27 mBallstát (agus ar fud an domhain, más rud é gur saoránach den Aontas thú a bhfuil cónaí ort lasmuigh den Aontas), thug sé aghaidh ar an gcaoi a dtuigtear an daonlathas agus ar an gcaoi a n-oibríonn sé ar an leibhéal trasnáisiúnta.
Bunaithe ar an taithí a fuarthas ón 100 tionscnamh nach mór a tíolacadh idir 2012 agus 2019, tháinig leagan nuashonraithe den Tionscnamh ó na Saoránaigh a bhí níos inrochtana i bhfeidhm in 2020. Diúltaíodh d’aon cheathrú de na tionscnaimh mar gheall ar léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dian an rialacháin ag an gCoimisiún. Faoi na rialacha nua, áfach, tugtar níos mó ama do na heagraithe agus don Choimisiún teacht ar réiteach, lena gcuimsítear an fhéidearthacht nach gclárófaí ach codanna inghlactha na dtionscnamh. Tugtar níos mó ama freisin chun ullmhú do bhailiú na sínithe, chomh maith le gach céim eile den phróiseas.
Ina theannta sin, chuir paindéim COVID-19 dúshlán roimh chách maidir leis an gcaoi a ndéanann siad caidreamh le chéile, an chaoi a bpléann siad cúrsaí agus an chaoi a nglacann siad cinntí. D’fhonn acmhainneacht dhaonlathach TES a chosaint, mhol an Coimisiún sraith rialacha maidir leis an gcoróinvíreas lenar féidir síneadh a chur leis na spriocdhátaí chun sínithe a bhailiú agus a fhíorú agus chun scrúdú a dhéanamh ar thionscnaimh rathúla (féach Rialachán (AE) 2020/1042, Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 17.12.2020 (AE) 2020/2200 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 19.2.2021 (AE) 2021/360).
Sa phróiseas TES, tá trí chineál ról éagsúla: eagraí, tacadóir agus breathnóir.
Mar ghrúpa d’eagraithe, mar thacadóirí nó mar bhreathnóirí, tá roinnt gnéithe ar cheart bhur machnamh a dhéanamh orthu sula dtosaíonn sibh, sula síníonn sibh nó sula ndéanfar trácht orthu. Is é seo an phríomhcheist: cad is mian le TES ar leith a bhaint amach? Cén sprioc atá agatsa?
Ar mhaith leat rud éigin nua a mholadh don Eoraip? Nó an bhfuil sé i gceist agat beartas áirithe de chuid an Aontais a bhaint agus deireadh a chur leis? Is iomaí rud, áfach, nach bhfuil chomh soiléir sin, dubh nó bán, maith nó olc agus b’fhéidir gur leor iad a choigeartú. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí freisin gur codanna de dhlí an Aontais a athrú is mó a gcuireann tú spéis ann.
Is iomaí bealach atá ann chun dul i mbun gnímh faoi scáth TES, ar féidir é a úsáid mar a leanas:
- mar luasaire le go ndéanfaidh an tAontas Eorpach rud éigin nua. Sa chás seo, beidh foighne de dhíth go mór ort mar go dtógfaidh sé tamall fada dul go bun an angair leis an gcineál seo TES: ní mór duit bunús dlí oiriúnach agus inoibrithe a aimsiú ar dtús, agus ní mór duit féachaint ar dhíospóireacht phoiblí maidir le do thogra mar phríomh-luach saothair do chuid iarrachtaí.
- mar choscán chun chosc a chur ar an Aontas rud áirithe a dhéanamh. Sa chás sin, tá an t-uainiú ríthábhachtach, mar go gcaithfidh tú an deis cheart a roghnú chun d’ábhair imní a chur in iúl chun an tionchar agus an tacaíocht is mó is féidir a bhaint amach, rud a chiallaíonn go gcaithfidh tú na sínithe a bhailiú go tapa.
- mar chomhla a bhfuil sé d’aidhm aici reachtaíocht reatha an Aontais a fheabhsú. Ós rud é gur mian leat fadhb áirithe a réiteach trí reachtaíocht shonrach a athrú, ní mór duit rudaí a choimeád simplí. Is gnách go mbíonn TESanna ‘comhla’ róchasta agus go mbíonn sé deacair iad a chur in iúl, mar sin déan do sheacht ndícheall cloí leis an bpríomhfhócas.
- mar mhír mhargántaíochta trí phróiseas TES a úsáid mar ghné bhreise chun tionchar a imirt ar cheapadh beartais Eorpach. Sula gcuireann tú tús le TES den sórt sin, áfach, breathnaigh ar an tionchar agus an chumhacht pholaitiúil atá agat gan beann ar an tionscnamh, agus fiosraigh cad iad na buntáistí breise a d’fhéadfadh a bheith ann. Bí soiléir faoin méid atá ar intinn agat i leith lucht tacaíochta agus bí ar an eolas faoin rogha atá ann TES a tharraingt siar agus faoi úsáid thráthúil na rogha sin.
- mar spreagadh chun comhghuaillíochtaí agus líonraí leathana a thógáil ar fud na hEorpa. Is rogha thar a bheith oiriúnach é sin nuair a smaoiníonn tú ar do thionscnamh mar ghné de straitéis níos fadtéarmaí chun daoine ar fud na hEorpa a thabhairt le chéile agus/nó chun feachtas toghcháin Eorpach a ullmhú.
- mar chanbhasálaí chun tú féin nó do ghrúpa a chur in aithne níos fearr don réimse poiblí. Sa chás sin, ní mór duit saincheist shubstainteach atá oiriúnach agus ar furasta í a chur in iúl a aithint do do TES ar dtús. Ba cheart duit a bheith chomh hoscailte agus is féidir faoi do spriocanna freisin chun a chinntiú nach gcuirfidh tú do lucht tacaíochta féideartha amú.
Cuirtear neart deiseanna ar fáil le TES ach ar deireadh thiar thall, is é do thuiscint agus do chumas féin agus measúnú á dhéanamh agat ar na roghanna agus ar na teorainneacha a bhaineann le TES bun agus barr an scéil. Trí bheith ar an eolas faoi chumais ilfheidhmeacha an phróisis thrasnáisiúnta agus rannpháirtíochta seo, b’fhéidir go mbeidh tú in ann ionchais réalaíocha agus, dá bhrí sin, cur chuige réadúil a fhorbairt i leith do straitéise agus i leith na roghanna a dhéanann tú.
Mura bhfuil tú cinnte an é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an uirlis is fearr chun do chuspóirí a bhaint amach, déan do mhachnamh ar ghnéithe éagsúla de do chás sa roinn Déan do mhachnamh sula rachaidh tú i mbun gnímh, agus léigh faoi uirlisí eile atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach sa roinn Bosca uirlisí na rannpháirtíochta.
An bhfuil tú ag smaoineamh ar do TES féin a sheoladh? Tógfaidh sé trí bliana ort ar a laghad, nó níos mó is dócha (agus cuid mhaith ó thaobh acmhainní de). Má tá tú cliste agus cúramach, áfach, gheobhaidh tú léargas nua agus foghlaimeoidh tú roinnt ceachtanna nua mar thoradh ar an bpróiseas – agus (tá súil againn) beidh tú in ann difear a dhéanamh don Eoraip. Seo iad na deich gcéim a mbítear ag súil leo le linn phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Tá smaoineamh, tionscadal nó ábhar imní agat ar féidir iad a iompú ina mbeartais Eorpacha. Seiceáil ar dtús an bhfuil aon uirlis eile ar fáil, a d’fhéadfadh a bheith níos simplí agus níos inrochtana, chun do thuairim a chur in iúl maidir leis an tsaincheist seo. Má roghnaíonn tú TES, téigh chuig céim 2.
Is próiseas é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhfuil roinnt impleachtaí dlíthiúla agus polaitiúla aige. Foghlaim gach rud faoi na roghanna agus na teorainneacha a bhaineann leis an bpróiseas maidir le do thionscnamh féin a bheidh ann amach anseo a chur chun cinn. Faigh tacaíocht ag an gcéim luath seo trí theagmháil a dhéanamh le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (féach an roinn Tuilleadh tacaíochta le haghaidh sonraí). Ansin, smaoinigh: an fiú an tairbhe an trioblóid? Má chreideann tú gur fiú, lean ar aghaidh go céim 3.
Rud tábhachtach eile atá le déanamh sula dtosaíonn tú ar na chéad chéimeanna foirmiúla is ea a leagan amach cad ba mhian leat a bhaint amach le do thionscnamh agus cad is féidir leat a dhéanamh go réadúil.
Déan aidhm, raon feidhme agus feidhm shonrach an tionscnaimh a shainiú. Coinnigh chomh simplí agus is féidir é do gach duine. Sa chéim seo, tá ciall le súil níos géire a chaitheamh ar na ceachtanna a d’fhoghlaim eagraithe TES roimhe seo.
Ní mór an fhoclaíocht agus an míniú ar do thogra tosaigh a bheith intuigthe i mórán teangacha éagsúla agus i níos mó cultúir pholaitiúla fós ar fud na hEorpa. Is ag an tráth seo is ceart eolas a chur ar an gcóras oifigiúil bailithe sínithe ar líne, rud a chuireann an tAontas ar fáil saor in aisce, agus leas a bhaint as an tacaíocht ar fad atá ar fáil.
Is é seo an chéad bhac foirmiúil atá ar roinnt ‘grúpaí eagraithe’ mar go gcaithfear critéir áirithe a chomhlíonadh d’fhonn clárú. Is é an rud is tábhachtaí nach bhfuil do thionscnamh go follasach lasmuigh de chreat inniúlachtaí an Choimisiúin. Arís, is féidir le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh cabhrú leat le linn na céime seo. Ansin, tá sé in am do TES a thíolacadh ar an suíomh gréasáin oifigiúil, agus teideal agus cuspóirí do thogra á soláthar agat. Ag brath ar an ngá atá ann do thogra a leasú agus a nuashonrú, cláróidh an Coimisiún do TES (nó diúltóidh sé dó) laistigh de 2-4 mhí. Tar éis an chlárúcháin, aistreoidh an Coimisiún teideal agus cuspóir do thogra go gach ceann de na 24 theanga oifigiúla.
Anois tagann an crú ar an tairne, an chéim is fearr agus is deacra: ní mór duit a chur ina luí ar níos mó ná aon mhilliún duine de mhuintir na hEorpa i seacht dtír éagsúla ar a laghad do thionscnamh a shíniú laistigh d’aon bhliain amháin. Ní mór an cúram sin a ullmhú i bhfad roimh ré trí líonra uile-Eorpach a chruthú de chomhpháirtithe tacúla ar fud na hEorpa. Tar éis an chlárúcháin oifigiúil, ní mór duit tús a chur leis an mbailiú sínithe féin laistigh de shé mhí. Ní gá ach an Coimisiún a chur ar an eolas 10 lá oibre roimh an dáta tosaigh a roghnóidh tú, ionas gur féidir tús agus deireadh na céime bailithe a mhairfidh ar feadh bliana a fhoilsiú. Tabhair do d’aire go mbeidh ort foirmeacha tacaíochta ar leith a úsáid de réir náisiúntacht na sínitheoirí. Fágann sin nach mór do na sínitheoirí ar fad ar aon fhoirm amháin a bheith ina náisiúnaigh den tír chéanna den Aontas Eorpach.
Gan chumarsáid, ní bheidh tacaíocht ar bith agat: beidh sé ríthábhachtach dul i mbun idirphlé leis an líon is mó daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá agatsa – agus le lucht an amhrais fiú – le go mbeidh rath buan ar do thionscnamh. Ar an ábhar sin, cuir le do ghníomhaíochtaí bailithe sínithe trí do thionscnamh a chur chun cinn ar na meáin (shóisialta) agus ag imeachtaí poiblí. Chun an chéim sin a bhaint amach, luíonn sé le réasún arís eile go bhfoghlaimeofá ó na TES a bhí ann roimhe seo. Tá neart taithí agus eolais le roinnt ag na daoine a d’oibrigh orthu.
Ní mór déileáil le sraith iomlán riachtanas agus constaicí sular féidir leat do thionscnamh agus na deimhniúcháin riachtanacha ar fad a ghabhann leis a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar deireadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór duit na ráitis tacaíochta bailithe a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta éagsúil laistigh de thrí mhí tar éis dheireadh na céime bailithe sínithe. Trí mhí ar a mhéad a bhíonn ag na húdaráis sin chun na sínithe a fhíorú agus a dheimhniú. Ina dhiaidh sin, tá trí mhí eile agat mar ‘grúpa eagraithe’ le hullmhú chun na deimhnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Mar gheall ar na hoibríochtaí dúshlánacha seo, tá foireann bainistíochta láidir dea-ullmhaithe de dhíth ar do thionscnamh. Beidh costais arda bhreise, moilleanna agus frustrachas ann de dheasca botúin amaideacha.
Is ag cur tús le caibidil thábhachtach eile a bheidh tú nuair a bheidh do TES tíolactha chuig an gCoimisiúin agat: teachtaireacht maidir le hábhar oifigiúil an Aontais a thabharfaidh go lár an aonaigh pholaitiúil thú. Tar éis an tionscnamh a aithint mar thionscnamh rathúil, cuirfear neart deiseanna ar fáil duit: i gcainteanna foirmiúla leis an gCoimisiún agus ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa.
Laistigh de mhí amháin tar éis duit do TES rathúil a chur isteach, tabharfar cuireadh duit freastal ar chruinniú oifigiúil leis an gCoimisiún chun do thogra a phlé agus sna míonna ina dhiaidh sin, tabharfar cuireadh duit labhairt ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa. Cuirfear institiúidí eile an Aontais ar an eolas freisin amhail Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta uile Bhallstáit uile an Aontais. Do sheans a bheidh ann do thionscnamh a chur ina luí ar níos mó daoine – agus ar na daoine cearta sa chás is fearr!
Nuair a bheidh deireadh leis an mbeart, beart a bheidh tuirsiúil ach a dhéanfaidh tú a chumhachtú freisin, b’fhéidir, beidh sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar an obair chúloifige, an doiciméadacht agus an mheastóireacht chun na conclúidí ar thángthas orthu a fhoghlaim (agus a roinnt). Trí bheith mar chuid den dara glúin TES (ag tosú ó 2020) tá tú ar tí gaisce a dhéanamh.












