Grúpa Staidéir Téamach um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta

Is é sainchúram an Ghrúpa Staidéir Théamaigh um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta na húdaráis ábhartha Eorpacha agus náisiúnta a spreagadh chun ceart rochtana a ráthú ar sheirbhísí ardcháilíochta i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus an chomhtháthaithe shóisialta. Is de shainchúram an Ghrúpa chomh maith a chinntiú go dtacófar leis an gceart rochtana sin trí fhorálacha dlíthiúla agus rialála a bheith ann lena ndéanfar an ceart a shainiú, agus a fháil amach cén chaoi a gcuirfear i bhfeidhm é i ngach réimse. Gné lárnach is ea na seirbhísí leasa ghinearálta sin de chórais eacnamaíocha, shóisialta agus dlí na hEorpa agus is colún tacaíochta den tsamhail shóisialta Eorpach agus de gheilleagar sóisialta margaidh iad freisin.

Is léir go bhfuil freagracht airgeadais agus polaitíochta ar an earnáil phoiblí soláthar seirbhísí leasa ghinearálta a chomhordú. Ní hiomchuí an cúram seo a fhágáil faoi fhórsaí an mhargaidh. Tá sé léirithe ag eagraíochtaí neamhbhrabúis agus fiontair shóisialta go háirithe go bhfuil ar a gcumas sársheirbhísí leasa ghinearálta a sholáthar.

Ba phróiseas fada casta é a chinntiú go raibh margadh mór na hEorpa ag teacht le bunriachtanais na saorchúrsaíochta, na saoriomaíochta, na héifeachtúlachta, an iomaíochais agus an dinimicis eacnamaíoch ar thaobh amháin agus le cuspóirí an leasa ghinearálta ar an taobh eile. Is iomaí éacht a rinneadh i dtaca leis seo, ach, mar atá léirithe ag Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, is iomaí fadhb atá fós le réiteach.

Leis an gcomhphobal luachanna seo, cuirtear cineálacha éagsúla cur chuige ar fáil chun seirbhísí leasa ghinearálta a eagrú de réir tíre, réigiúin agus earnála. Is dúshlán do lánpháirtiú na hEorpa an éagsúlacht sin. Mar sin féin, ní dúshlán dosháraithe é sin ná baol air: deis atá ann chun creat a chruthú le freastal ar an leas ginearálta i gcomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag síorathrú, trí shraith prionsabal is infheidhme maidir le gach seirbhís leasa ghinearálta a chumadh.