Homepage Banners

EESC President Henri Malosse

  Logo of CESlink - Online cooperation between Economic and Social Councils

Valid XHTML 1.0 Transitional Valid XHTML 1.0 Transitional

 

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (EESC)

Fáilte chuig an suíomh gréasáin de chuid Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Tá sí mar aidhm againn faisnéis a sholáthar d’eagraíochtaí, d’institiúidí agus do bhaill den phobal faoi ról agus gníomhaíochtaí an EESC.


 
Is ionann an EESC agus comhlacht comhairliúcháin an Aontais Eorpaigh. Bunaithe i 1957, tugann sé sainchomhairle do mhórinstitiúidí an AE (an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa). Déanaimid é seo trí mheán "tuairimí’ ar reachtaíocht AE beartaithe agus “tuairimí féintionscnaimh" a sholáthar i ndáil le saincheisteanna ar chóir déileáil leo dar linn. Ceann dár bpríomh-thascanna ná “droichead” a chruthú idir institiúidí an AE agus “sochaí shibhialta eagraithe”. Cabhraímid chun ról de chuid eagraíochtaí na sochaí sibhialta a threisiú trí dhul i mbun “comhphlé struchtúrtha” leis na grúpaí seo i mBallstáit an AE agus i dtíortha eile ar fud an domhain.

Léiríonn ar gcomhaltaí éagsúlacht leathan ábhar spéise geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha ina dtíortha féin. Tá siad roinnte i dtrí ghrúpa: "Fostóirí", "Fostaithe" agus "Leasanna Éagsúla" (.i. feirmeoirí, tomhaltóirí, comhshaolaithe, eagraíochtaí teaghlaigh, ENRanna, s.rl.). Cruthaíonn siad an nasc idir an AE agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna Ballstáit.

Ar an suíomh féadfaidh tú dul i gcomhairle le tuairimí EESC uile atá foilsithe ó Eanáir 1990 i leith. Féadfaidh tú faisnéis a fháil freisin ar ár gcomhaltaí agus a gcuid modhanna oibre, ar chruinnithe agus ar éisteachtaí eagraithe ag an gCoiste agus ar rúnaíocht an EESC. Tá codanna ar leithligh ar an suíomh freisin a bhaineann le faisnéis do na meáin agus deiseanna atá ar fáil duitse, mar bhall den phobal.

 

 

I ndiaidh an leathanaigh tosaigh seo atá i bhFionlainnis, ní féidir ach nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh i mBéarla (EN) nó i bhFraincis (FR). Is féidir áfach, dul i gcomhairle le cáipéisí oifigiúla go léir an EESC i dteangacha oifigiúla uile an AE. Ag bun an leathanaigh seo gheofar rogha nasc chuig ábhar atá i bhFionlainnis nó i roinnt teangacha oifigiúla an AE.
Bain taitneamh as do chuairt!

 

Cur i láthair:

 

Ráiteas misin EESC

Cur i láthair ginearálta den EESC agus a ghníomhaíochtaí (formáid pdf)


Naisc dhíreacha:

Leagan Béarla den suíomh gréasáin - Leagan Fraincise den suíomh gréasáin -Ar ais chuig rogha teanga