Scrúdófar d'iarraidh agus cuirfear an cinneadh a dhéanfar in iúl duit.
Má tá tuilleadh ceisteanna agat, cuir ríomhphost chuig: partnershipseesc [dot] europa [dot] eu
SÉANADH
Féadfar an t-údarú a tharraingt siar tráth ar bith ar chúiseanna sábháilteachta nó mar gheall ar mhainneachtain cloí leis na Treoirlínte, agus ní bheidh na heagraithe i dteideal aon chúiteamh a éileamh.
Oibleagáidí na n-eagraithe:
an fhoirm a chomhlánú agus glacadh leis na coinníollacha uile a bhaineann le comhpháirtíocht a eagrú
an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar laistigh de na spriocdhátaí a luaitear sa "Nós imeachta céim-ar-chéim"
gealltanas a thabhairt go sainráite gan aon táillí clárúcháin a ghearradh le haghaidh imeachtaí arna reáchtáil ar áitreabh CESE
cloí le huaireanta oibre CESE (9 a.m.-5.30 p.m.) agus leis an sos lóin (1.5 uair an chloig ar a laghad) agus imeacht á phleanáil acu
lógó CESE a úsáid i ngach ceann de na doiciméid, meirgí agus suaitheantais rochtana a bhaineann leis an imeacht
nós imeachta clárúcháin cuimsitheach a chinntiú ar lá an imeachta (doiciméid aitheantais a sheiceáil i gcoinne liosta na gcártaí aitheantais roimh eisiúint an tsuaitheantais)
aon socruithe faoi ghrafaicí agus meirgí a chinntiú
deimhin a dhéanamh de go bhfágfar an seomra tar éis an chruinnithe sa riocht céanna ina bhfuarthas é
tuarascáil faoin imeacht a chur chuig CESE
Socruithe praiticiúla
ionad: seomraí cruinnithe – áit ann do suas le 180 duine
saoráidí teicniúla: ríomhaire pearsanta, teilgeoir, taifeadadh fuaime/físe, bothanna ateangaireachta etc.