Partnerships

Más amhlaidh gur...

  • eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta thú

  • Institiúid AE atá ag obair i gcomhar le heagraíocht de chuid na sochaí sibhialta

Agus go bhfuil imeacht á eagrú agat...

  • a bhaineann le hobair Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh
  • a bhaineann go dlúth le saincheisteanna na sochaí sibhialta

...is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chomhpháirtíocht le CESE.

Conas sin a dhéanamh:

SÉANADH

Féadfar an t-údarú a tharraingt siar tráth ar bith ar chúiseanna sábháilteachta nó mar gheall ar mhainneachtain cloí leis na Treoirlínte, agus ní bheidh na heagraithe i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Oibleagáidí na n-eagraithe:

  • an fhoirm a chomhlánú agus glacadh leis na coinníollacha uile a bhaineann le comhpháirtíocht a eagrú
  • an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar laistigh de na spriocdhátaí a luaitear sa "Nós imeachta céim-ar-chéim"
  • gealltanas a thabhairt go sainráite gan aon táillí clárúcháin a ghearradh le haghaidh imeachtaí arna reáchtáil ar áitreabh CESE
  • cloí le huaireanta oibre CESE (9 a.m.-5.30 p.m.) agus leis an sos lóin (1.5 uair an chloig ar a laghad) agus imeacht á phleanáil acu
  • lógó CESE a úsáid i ngach ceann de na doiciméid, meirgí agus suaitheantais rochtana a bhaineann leis an imeacht
  • nós imeachta clárúcháin cuimsitheach a chinntiú ar lá an imeachta (doiciméid aitheantais a sheiceáil i gcoinne liosta na gcártaí aitheantais roimh eisiúint an tsuaitheantais)
  • aon socruithe faoi ghrafaicí agus meirgí a chinntiú
  • deimhin a dhéanamh de go bhfágfar an seomra tar éis an chruinnithe sa riocht céanna ina bhfuarthas é
  • tuarascáil faoin imeacht a chur chuig CESE

Socruithe praiticiúla

  • ionad: seomraí cruinnithe – áit ann do suas le 180 duine
  • saoráidí teicniúla: ríomhaire pearsanta, teilgeoir, taifeadadh fuaime/físe, bothanna ateangaireachta etc.

Ní chuirfidh CESE na nithe seo a leanas ar fáil:

  • ateangaireacht
  • lónadóireacht
  • tacais taispeántais agus suaitheantais
  • stóráil de chineál ar bith
  • grafaicí
  • nós imeachta clárúcháin

Downloads

Guidelines for organising events in partnership with the EESC