European Economic
and Social Committee
Geilleagar ciorclach
Tá an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach chun tosaigh ar chlár oibre CESE mar réiteach chun an ghéarchéim aeráide a chomhrac agus chun ár bpláinéad a chosaint. Is deis iontach í don tsochaí shibhialta mar go gcuideoidh sé leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- iomaíochas thionscal na hEorpa a mhéadú;
- an fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn;
- poist nua a chruthú.
Ní hamháin go bhfuil acmhainní á gcur amú le samhail an táirgthe agus an tomhaltais línigh (‘é a thógáil, é a dhéanamh agus é a chaitheamh uainn’) atá fós chun tosaigh sa gheilleagar sa lá atá inniu ann, ach baintear an bonn den chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide mar gheall uirthi freisin. Murab ionann agus an geilleagar líneach, tá an geilleagar ciorclach bunaithe ar chur chuige athghiniúnach agus aisiríoch lena ndírítear ar luach eacnamaíoch a chruthú agus a choinneáil, agus ar dhúshláin chomhshaoil dhomhanda a chomhrac amhail an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú, agus tairbhí eacnamaíocha á mbaint amach san am céanna.
Is é an dea-scéala ná go bhfuil an t-aistriú ciorclach ag tarlú cheana féin ar an leibhéal áitiúil. Tá roinnt mhaith tionscnaimh chiorclacha á gcruthú agus á gcur chun feidhme ag geallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta, lena n-áirítear gnólachtaí, ceardchumainn, lucht acadúil agus pobail eolais, eagraíochtaí don óige chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí leasmhara eile ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Trí réitigh chiorclacha agus ceannaireacht na ngeallsealbhóirí leasmhara a spreagadh is fearr is féidir leis an Eoraip an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
Dá réir sin, is ardán é Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, ar tionscnamh comhpháirteach é ó CESE agus ón gCoimisiún Eorpach, a bunaíodh in 2017 chun pobal an gheilleagair chiorclaigh san Eoraip a thabhairt le chéile. Tacaíonn an t-ardán atá dírithe ar gheallsealbhóirí le haistriú na hEorpa i dtreo geilleagar ciorclach trí idirphlé a chothú, eolas a roinnt agus dea-chleachtais a mhalartú.