Trádáil idirnáisiúnta

This page is also available in:

Rialaítear an trádáil idirnáisiúnta le sraith chasta de rialacha domhanda arna gcomhaontú faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála agus faoi chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha. Is ag méadú de réir a chéile atá tionchar na gcomhaontuithe saorthrádála ar chearta na saoránach. Faoi Chonradh Liospóin, ní mór beartas trádála an Aontas Eorpaigh a chur i gcrích faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear an smacht reachta, cearta an duine agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Creidimid gur cheart an treocht seo a bheith ina treoirphrionsabal i dtaca le caibidlíocht trádála an Aontais agus le caidreamh trádála. Tá breisluach dháiríre ag baint leis an gcaoi a ndéanann CESE iarracht ar sheasaimh agus tuairimí lucht gnó, oibrithe, gairmithe, feirmeoirí, tomhaltóirí agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile a thabhairt le chéile. Táimid in ann tuairimí na sochaí sibhialta agus na ngrúpaí sainleasa a chur in iúl go héifeachtúil do lucht ceaptha beartas idirnáisiúnta le linn caibidlíochta agus le linn cur chun feidhme comhaontuithe trádála. Chuireamar Coiste Leantach um Thrádáil Idirnáisiúnta ar bun chun a chinntiú go mbeadh tionchar ag an tsochaí shibhialta ar fhorbairt bheartas trádála an Aontais Eorpaigh. Ina cheann sin, táimid i mbun na Grúpaí Comhairleacha Baile a bhainistiú, a bunaíodh faoi na caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe atá sa "ghlúin nua" de chomhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh. Is iad na grúpaí sin, atá comhdhéanta d'ionadaithe ón tsochaí shibhialta (ón taobh istigh de CESE agus ón taobh amuigh), atá freagrach as fadhbanna a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a aithint nuair a bhíonn comhaontú trádála á chur chun feidhme.