Tíortha an mhéadaithe

This page is also available in:

Tá CESE rannpháirteach ar bhonn gníomhach i bpróiseas an mhéadaithe agus tá cur chuige déach aige – ar cur chuige réigiúnach agus déthaobhach é – le haghaidh an chaidrimh atá aige le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtíortha an mhéadaithe.

Maidir leis an gcur chuige réigiúnach, is é an Coiste Leantach um na Balcáin Thiar – comhlacht inmheánach buan de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – an phríomhionstraim chun gníomhaíochtaí CESE sa réigiún sin a chomhordú. Is cuid d'obair an Choiste Leantaigh é Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar agus déantar an fóram sin a reáchtáil uair sa dá bhliain.

Oibríonn CESE ar bhonn déthaobhach freisin le tíortha na mBalcán Thiar agus leis an Tuirc. Ar bhonn comhaontuithe comhlachais idir na tíortha sin agus an tAontas Eorpach, chruthaigh CESE trí chomhchomhlacht i gcomhar le hionadaithe na sochaí sibhialta sa Tuirc, i Montainéagró agus sa tSeirbia d’fhonn ról a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sóisialta sna próisis réamhaontachais agus aontachais. Is éard atá i ngach comhlacht líon comhionann comhaltaí ó CESE agus ón tír chomhpháirtíochta agus tagann siad i gceann a chéile dhá uair sa bhliain.

Coimeádann CESE teagmháil rialta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sna tíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha nár bunaíodh aon chomhchomhlacht d'ionadaithe ón tsochaí shibhialta iontu go fóill agus eagraíonn sé gníomhaíochtaí comhpháirteacha i gcomhar leo.

Déantar obair na gcomhchomhlachtaí a chomhlánú trí thuairimí CESE a ullmhú maidir le próisis réamhaontachais agus aontachais na dtíortha aonair, agus maidir le hábhair spéise réigiúnacha.

No items found