An Ríocht Aontaithe

This page is also available in:

An 24 Nollaig 2020, d’éirigh leis an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe Comhaontú Trádála agus Comhair a chur i gcrích tar éis caibidlíocht fhada chasta. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 ar bhonn sealadach agus bhí feidhm aige go dtí gur thug an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an próiseas daingniúcháin chun críche. Dála comhaontuithe saorthrádála eile a cuireadh i gcrích le déanaí, tá forálacha sonracha ann maidir le hidirphlé leis an tsochaí shibhialta. Dá bhrí sin, ós príomhghníomhaí é san idirphlé leis an tsochaí shibhialta, chinn CESE struchtúir institiúideacha dá chuid féin a bhunú chun an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe agus le sochaí shibhialta na Ríochta Aonaithe (gnólachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí eile) a chothú, mar aon le comhlacht chun faireachán a dhéanamh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair.

Sna struchtúir nua sin, arna gcoigeartú ní hamháin i bhfianaise an chomhaontaithe a tugadh chun críche agus an chaidrimh nua idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, ach freisin i bhfianaise na bhforbairtí institiúideacha a tharla le déanaí sa Choimisiún, áirítear na nithe seo a leanas:

  • Coiste Leantach AE‑na Ríochta Aontaithe, atá ag teacht in ionad Ghrúpa Faireacháin Brexit agus Coiste de chuid CESE, inar féidir linn ár gclár oibre agus ár dtosaíochtaí féin a shocrú chun dul i ngleic leis na dálaí nua seo;
  • Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, arb é colún institiúideach na sochaí sibhialta den chaidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe é.

Agus an caidreamh a bheidh ann amach anseo idir an dá chomhpháirtí á rialú le comhaontú comhpháirtíochta atá chomh tábhachtach agus cuimsitheach sin, tá rún daingean ag CESE a chion féin a dhéanamh chun barrfheabhas a chur ar acmhainneacht an chomhaontaithe sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe. Tá CESE meáite ar dhlúth-theagmháil a choinneáil leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe tar éis Brexit, idirphlé agus malartú a spreagadh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas cinnteoireachta sóisialta. Ar an dóigh sin, áiritheofar go gcosnófar na naisc láidre eacnamaíocha, shóisialta agus pholaitiúla a forbraíodh thar na 50 bliain a chaith an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát den Aontas.

Displaying 1 - 1 of 1
  • Published in
    8 pages

    The External Relations Section (REX) of the European Economic and Social Committee (EESC) is responsible for dialogue between European civil society organisations and their homologues from the countries with which the European Union has formal relations (e.g. under the form of a Free Trade Agreement). Through this dialogue, made possible by a series of bilateral bodies, and through specialized opinions and information reports, the Committee is able to concretely contribute to EU foreign policy.

Displaying 1 - 1 of 1