EESC opinion NAT/908 - Plants produced by new genomic techniques.
Inbhuanaitheacht bia
Ní fhéadfaimis maireachtáil gan bhia agus is cuid lárnach de chultúr na hEorpa é. Mar sin féin, tá tionchar mór ag an mbia a ithimid, na bealaí ina dtáirgtear é agus an méid a chuirtear amú ar shláinte an duine, ar acmhainní nádúrtha agus ar an tsochaí ina hiomláine:
- Tá saoránaigh — agus leanaí go háirithe — ag dul i dtroime de réir a chéile agus ag fulaingt leis an murtall mar gheall ar aistí bia míshláintiúla.
- Ní fhaigheann feirmeoirí ná oibrithe praghas cóir ar a gcuid táirgí.
- Cailltear nó cuirtear amú aon trian den bhia ar fud an bhiashlabhra.
- Is é an comhshaol féin atá thíos leis na héifeachtaí suntasacha atá ag táirgeadh agus tomhaltas bia ar an athrú aeráide, ar chailliúint bithéagsúlachta, ar thruailliú aeir agus uisce, ar dhíghrádú ithreach, etc.
Gairm chun gnímh agus chun athruithe a dhéanamh is ea géarchéim COVID-19. Léiríodh ón bpaindéim nach féidir talamh slán a dhéanamh de bhia a fháil ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus léiríodh idirnascthacht na ngníomhaithe agus na ngníomhaíochtaí ar fud an chórais bhia. Tá slabhraí soláthair atá cothrom, tíosach ar acmhainní, cuimsitheach agus inbhuanaithe de dhíth níos mó ná riamh in earnáil iomlán na talmhaíochta agus an bhia chun go bhfreastalófar go cothrom ar leas na saoránach, na bhfeirmeoirí, na n-oibrithe agus na ngnólachtaí.
Tá CESE ar thús cadhnaíochta le blianta beaga anuas maidir le beartas bia inbhuanaithe agus cuimsitheach a iarraidh. Tá cur chuige comhtháite sistéamach den sórt sin bunriachtanach chun dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla idirnasctha a mbíonn tionchar acu ar chórais bhia; chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch, comhshaoil agus shoch-chultúrtha a bhaint amach; chun comhtháthú agus comhleanúnachas a áirithiú ar fud réimsí beartais (amhail talmhaíocht, comhshaol, sláinte, oideachas, trádáil, geilleagar, teicneolaíocht, etc.); agus chun comhar a chur chun cinn ar fud na leibhéal rialachais.
Pages
EESC opinion on Revision of EU marketing standards for agricultural products.
EESC exploratory opinion NAT/913 - Towards the Common Agricultural Policy (CAP) post-2027: for an agricultural sector that meets economic, social and environmental needs
This exploratory opinion will be an opportunity to follow up on the EESC work on sustainable food systems, address the causes of obesity as the social determinant of health and provide recommendations for promoting healthier and sustainable diets, healthy lifestyle habits and protection of vulnerable children to feed into the work of the Spanish presidency.
EESC opinion: Action plan to conserve fisheries resources and protect marine ecosystems
Considering the extent of the food security crisis and the urgency to address the issue of excessive commodity speculation, the aim of this own-initiative opinion is to analyse the current situation in more detail; gather experts' views on the impacts of commodity speculation on food price increases and food security worldwide; and provide civil society's recommendations on policy measures that are needed to address excessive price speculation and increase market transparency.