EUROMED

This page is also available in:

Tá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus na comharsana ó dheas ar cheann de na tosaíochtaí atá againn. Baineann an obair a dhéanaimid le raon leathan réimsí, amhail rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in idirphlé polaitiúil agus sibhialta, aistriú chuig an daonlathas, fostaíocht le haghaidh daoine óga, forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht agus inimirce, trádáil, fuinneamh in-athnuaite agus forbairt gnó.

Tá CESE ag déileáil leis na saincheisteanna sin ó 1995 i leith. I ndiaidh athruithe a theacht ar an réigiún in 2010, d'athraíomar na cuspóirí a bhí againn dá réir ionas go ndíreofaí ar na nithe seo a leanas:

  • tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtíortha atá i mbun athraithe. Tá an tacaíocht sin dírithe, go háirithe, ar eagraíochtaí ceardchumainn agus ar eagraíochtaí fostóirí chomh maith le cumainn ban, óige agus feirmeoirí.
  • caidreamh déthaobhach a chothú le comhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta sa réigiún, agus obair a dhéanamh chun na cúinsí a chothú a chuirfidh ar chumas na sochaí sibhialta páirt a ghlacadh san idirphlé polaitiúil i dtíortha comhpháirtíochta an deiscirt.
  • tuairimí agus tuarascálacha comhpháirteacha a eisiúint maidir leis na dúshláin is mó ó thaobh beartas atá roimh an réigiún.
  • cruinnithe rialta le hinstitiúidí Eorpacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thionól chun na beartais a bhaineann leis an tsochaí shibhialta fud fad an réigiúin a phlé.
  • cruinniú mullaigh bliantúil do chomhairlí eacnamaíocha agus sóisialta agus d'institiúidí den sórt céanna a reáchtáil, ina gcuirtear moltaí barrthábhachtacha beartais maidir le príomhdhúshláin an réigiúin faoi bhráid lucht ceaptha beartas na rialtas náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh.