Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
The European Economic and Social Committee (EESC) is the voice of organised civil society in Europe.
Find out more about its role and structure at http://www.eesc.europa.eu/en/about
Eisíonn CESE idir 160 agus 190 tuairim agus tuarascáil faisnéise in aghaidh na bliana.
Reáchtálann sé roinnt tionscnamh agus imeachtaí bliantúla freisin a dhíríonn ar an tsochaí shibhialta agus rannpháirtíocht na saoránach amhail Duais na Sochaí Sibhialta, Laethanta na Sochaí Sibhialta, seisiún iomlánach don Óige ("Leatsa an Eoraip, Abair Leat") agus Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh.
Tá na tuairimí agus na foilseacháin is déanaí ó CESE le fáil ag: https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opin... agus https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/publications-other-work/publications faoi seach.
Tá CESE gníomhach i raon leathan réimsí, idir ghnóthaí sóisialta agus gheilleagar, fhuinneamh agus inbhuanaitheacht.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoinár réimsí beartais agus faoi na buaicphointí a ghabhann leo ag: https://www.eesc.europa.eu/ga/policies
Reáchtálann CESE naoi seisiún iomlánacha in aghaidh na bliana. Eagraíonn sé a lán comhdhálacha, éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí ardleibhéil a bhaineann lena chuid oibre.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoinár n-imeachtaí atá le teacht ag: https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/upcoming-events
Anseo is féidir leat teacht ar nuacht agus faisnéis faoi obair CESE, lena n-áirítear a chuntais meán sóisialta, an nuachtlitir CESE Info, gailearaithe grianghraf agus físeáin.
Léigh an nuacht is deireanaí ó CESE: https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/news agus na preaseisiúintí is deireanaí: https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/press-releases
Tugann CESE ionadaithe ó gach réimse den tsochaí shibhialta eagraithe le chéile agus cuireann siad a gcomhairle neamhspleách féin ar fáil faoi bheartais agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá CESE comhdhéanta de 329 chomhalta agus na comhaltaí sin roinnte ina dtrí ghrúpa, mar atá: Fostóirí, Oibrithe agus Éagsúlacht Eoraip.
Tuilleadh eolais le fáil faoinár gcomhaltaí agus grúpaí ag: https://www.eesc.europa.eu/ga/members-groups
Tá sé rannóg ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus déanann siad speisialtóireacht ar shainábhair is ábhartha do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhaineann le réimsí amhail gnóthaí sóisialta agus eacnamaíocha, fuinneamh, an comhshaol, caidreamh seachtrach nó an margadh inmheánach.
Tuilleadh eolais le fáil ag https://www.eesc.europa.eu/ga/sections-other-bodies
This page is also available in
No items found