Comharsana ón Oirthear

This page is also available in:

Baineann gníomhaíochtaí CESE i leith a chomharsan ón Oirthear leis na tíortha seo a leanas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin. Is é an príomhchuspóir atá ag CESE i dtaca lena chomharsana ón Oirthear ná feabhas a chur ar an gcaidreamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa réigiún agus páirt a thabhairt dóibh san idirphlé le lucht ceaptha a mbeartas náisiúnta agus le sochaí shibhialta eagraithe an Aontais araon.

Is iad na príomhshásraí comhair leis an tSeoirsia, an Moldóiv agus an Úcráin atá ann ná Ardáin na Sochaí Sibhialta a chomhlánaíonn na comhlachtaí polaitiúla atá ann cheana faoi chuimsiú na gComhaontuithe Comhlachais atá ag an Aontas Eorpach leis na tíortha sin. A bhuí leis na hArdáin sin is féidir le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta san Aontas Eorpach agus sa tír chomhpháirtíochta monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme agus a moltaí a ullmhú do na húdaráis ábhartha.

Ó thaobh an Aontais de, is éard atá ar na hArdáin seo comhaltaí ó CESE agus ionadaithe ó líonraí móra na sochaí sibhialta san Eoraip. Ó thaobh na tíre comhpháirtíochta de, speictream leathan d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá iontu. Tá ballraíocht na nArdán bunaithe ar ionadaíocht chothrom ar na grúpaí sainleasa uile (eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn agus grúpaí de ghníomhaíochtaí éagsúla).

Laistigh de CESE, bunaíodh Coiste Leantach na gComharsan ón Oirthear in 2004 mar chomhlacht tiomnaithe atá freagrach as an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta i dtíortha i gcomharsanacht an Oirthir. Is iondúil go dtagann an Coiste Leantach i gceann a chéile ceithre huaire in aghaidh na bliana agus glacann a chuid ball páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí i gComhpháirtíocht an Oirthir, e.g. ardáin iltaobhacha na Comhpháirtíochta agus Fóram na Sochaí Sibhialta a ghabhann léi.