An Áise

This page is also available in

San Áise cothaíonn CESE caidreamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa tSín, sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas. Tá Cruinniú Comhchéime oifigiúil na Sochaí Sibhialta i bhfeidhm idir an tAontas agus an tSín: rinneadh é a thionscnamh in 2007 i ndiaidh an 9ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín, agus tagann sé i gceann a chéile uair sa bhliain ar a laghad. Le blianta beaga anuas, tá tuilleadh iarrachtaí déanta ag an gCoiste chun caidreamh níos dlúithe a chothú leis an tsochaí shibhialta eagraithe sa tSeapáin i bhfianaise Chomhaontú Saorthrádála an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine lena dtugtar ról monatóireachta agus comhairleach don tsochaí shibhialta.

Bhí an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré, a tháinig i bhfeidhm in 2011, ar an gcéad chomhaontú den "ghlúin nua" de chomhaontuithe trádála AE. Sainghné de na comhaontuithe sin is ea go mbíonn caibidlí maidir le "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe" iontu, agus bronnann na comhaontuithe sin ról foirmiúil ar CESE – agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chóiré – i dtaca le monatóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus le comhairle a thabhairt do na húdaráis pholaitiúla éagsúla i réimsí na gcaighdeán comhshaoil, sóisialta agus saothair agus in ábhair eile a bhfuil baint dhíreach acu leis an tsochaí shibhialta. Reáchtáiltear trí chruinniú de Ghrúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh gach bliain agus cruinniú comhpháirteach uair sa bhliain.

Ar a bharr sin, bíonn CESE ag obair leis an tsochaí shibhialta i dtíortha eile san Áise agus glacann sé páirt in imeachtaí idirnáisiúnta ábhartha ar bhonn ad hoc. Sampla amháin de sin is ea Fóram Pobail na hÁise-na hEorpa, ar ardán idir-réigiúnach na sochaí sibhialta é atá mar chuid den Chruinniú idir an Áise agus an Eoraip.

Displaying 1 - 4 of 4
29/07/2010
Document

"Pendant la réunion, les deux délégations ont mené des discussions approfondies
sur "Le développement durable et l'eau" et "Les droits de l'enfant"..."

Downloads: 

Joint declaration 7th EU-China Round Table

29/07/2010
Document

"At the meeting delegates from both sides held extensive discussions on the themes
"Sustainable Development and Water " and "The rights of the Child"..."

Downloads: 

Joint declaration 7th EU-China Round Table