ACC agus an Afraic

This page is also available in:

Ón gcéad choinbhinsiún, mar atá, Coinbhinsiún Lomé, (1975) go dtí Comhaontú Cotonou (2000-2021), is le Comhpháirtíochtaí AE-ACC a rialaíodh an caidreamh idir an tAontas agus 79 dtír de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), ar a dtugtar Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC) anois.

Le linn na tréimhse sin, throid CESE, i gcomhpháirt le sochaí shibhialta ACC, ar son aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag oibreoirí neamhstáit sa phróiseas forbartha go dtí gur baineadh an méid sin amach le Comhaontú Cotonou, lenar tugadh sainordú do CESE gníomhaíochtaí agus comhairliúcháin a eagrú le “grúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC-AE ” d’fhonn tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe a bhailiú agus guth a thabhairt di. Is é an aidhm atá leis ná malartuithe a chothú agus moltaí a dhéanamh maidir le saincheisteanna agus beartais a bhaineann le caidreamh ACC-AE agus cuirtear na moltaí sin faoi bhráid cheannairí AE agus ACC go hoifigiúil tráth níos faide anonn.

Go praiticiúil, cuirtear gníomhaíochtaí CESE a bhaineann le caidreamh AE-ESACCi gcrích, go príomha, faoi threoir Choiste Leantach cuimsitheach ACC-AE ar a bhfuil comhaltaí ó CESE agus toscairí a dhéanann ionadaíocht thar ceann ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC. 

Tá teagmháil rialta á cothú ag Coiste Leantach ACC-AE le hionadaithe na sochaí sibhialta sna tíortha ACC ar leibhéil éagsúla de thoradh na nithe seo a leanas:

  • Cruinnithe rialta de Coiste Leantach ACC-AE,
  • Seimineáir réigiúnacha i dtíortha ACC, lena gcuirtear fóram ar fáil chun ábhair sainleasa choitinn a phlé le hionadaithe na sochaí sibhialta i réigiúin mhalartacha,
  • Cruinnithe Ginearálta tríbhliantúla de ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC-AE sa Bhruiséil.

Tá teagmháil rialta ag CESE le hionadaithe ó ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta an Aontais Afracaigh, faoi chuimsiú straitéis chomhpháirteach AE-na hAfraice. Go háirithe, reáchtálann CESE cruinnithe bliantúla leis an líonra de Gheallsealbhóirí Eacnamaíocha agus Sóisialta AE-na hAfraice. 

Tá teagmháil rialta á cothú ag CESE le Tionól Parlaiminteach Comhpháirteach ACC-AE le roinnt mhaith blianta anuas trí thuarascáil ar a ghníomhaíochtaí a chur i láthair ag seisiúin an Tionóil Iomlánaigh.

Chomh maith leis sin, tá CESE i ndlúth-theagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar atá eagraíochtaí fostóirí, eagraíochtaí oibrithe, eagraíochtaí feirmeoirí, eagraíochtaí comharchumann agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Ainmníonn na heagraíochtaí sin na hionadaithe ó thíortha ACC a gheobhaidh cuireadh chuig na cruinnithe arna reáchtáil ag CESE, lena n-áirítear Coiste Leantach ACC-AE.