IN THIS ISSUE: EU Border Guard: right to intervene and need to prioritise the protection of fundamental rights; CIVIL SOCIETY DAYS 2016: Dialogue and solidarity at EU level are key to a prosperous and peaceful Europe; Socio-economic actors to play a key role in post-Cotonou; Migration, a story of two worlds.
ACC agus an Afraic
Ó na 1970í amach, tá cruinnithe le grúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ó Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) á n-eagrú ar bhonn rialta ag CESE. Deis is ea na cruinnithe sin chun moltaí a dhréachtú faoi shaincheisteanna a bhaineann le caidreamh ACC-AE.
Is le comhaontú Cotonou a dhéanfar an caidreamh idir an tAontas agus na 78 dtír ACC a rialú go dtí 2020. Aithnítear sa chomhaontú sin an ról bunriachtanach a bhí ag oibreoirí neamhstáit sa phróiseas forbartha. Faoin gComhaontú seo is féidir le CESE cruinnithe agus comhairliúchán le grúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC-AE a reáchtáil.
Tá teagmháil rialta á cothú ag CESE le hionadaithe na sochaí sibhialta sna tíortha ACC ar leibhéil éagsúla de thoradh na nithe seo a leanas:
- Cruinnithe rialta de Choiste Leantach ACC-AE, ar a bhfuil comhaltaí ó CESE agus ionadaithe ó ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC,
- Seimineáir réigiúnacha i dtíortha ACC, lena gcuirtear fóram ar fáil chun ábhair sainleasa choitinn a phlé le hionadaithe na sochaí sibhialta i réigiúin mhalartacha,
- Cruinnithe Ginearálta tríbhliantúla de ghrúpaí sainleasa eacnamaíocha agus sóisialta ACC-AE sa Bhruiséil.
Ina theannta sin, tá teagmháil rialta á cothú ag CESE le Comhairle Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha an Aontais Afracaigh.
Tá teagmháil rialta á cothú ag CESE le Tionól Parlaiminteach Comhpháirteach ACC-AE le roinnt mhaith blianta anuas trí thuarascáil ar a gníomhaíochtaí a chur i láthair ag seisiúin an Tionóil.
Chomh maith leis sin, tá CESE i ndlúth-theagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar atá eagraíochtaí fostóirí, eagraíochtaí oibrithe, eagraíochtaí feirmeoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Ainmníonn na heagraíochtaí sin na hionadaithe ó thíortha ACC a gheobhaidh cuireadh chuig na cruinnithe arna reáchtáil ag CESE, lena n-áirítear Coiste Leantach ACC-AE.
Topics: EU-Japan FTA: state of play; Better access to the EU market motivates economic reforms in Eastern Partnership countries;
What Future for the EU's relations with African, Caribbean and Pacific Group of countries post 2020?; Factors for Growth in the EU