Coiste Leantach AE-na Rúise agus na hÁise Láir

Ó mhí Feabhra 2011 i leith, tá CESE ag déanamh obair leantach ar an gcaidreamh atá aige le sochaí shibhialta na Rúise trí Choiste Leantach na Rúise.

Tá an tacaíocht a thugtar don teagmháil idir daoine ar cheann de na cúig threoirphrionsabal maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Rúis a chomhaontaigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Tá Coiste Leantach AE-na Rúise ag déanamh monatóireacht ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí i sochaí shibhialta na Rúise in aimsir chogaidh trí theagmháil a dhéanamh leis an gcuid de shochaí shibhialta na Rúise atá i gcoinne an chogaidh agus atá i láthair ar chríoch an Aontais.

Dá thoradh sin, tá malartuithe tairbheacha faisnéise agus tuairimí ann maidir leis an gcaoi ar cheart dul ar aghaidh leis an gcaidreamh déthaobhach tar éis dheireadh an chogaidh agus tar éis dóibh filleadh ar an tsaoirse agus ar an daonlathas sa tír.

I mí Aibreáin 2023, méadaíodh raon feidhme gníomhaíochta an Choiste Leantaigh chun an Áise Láir a chumhdach. Áirítear ar chúraimí an chomhlachta anois faireachán a dhéanamh ar staid na sochaí sibhialta sa Chasacstáin, sa Chirgeastáin, sa Táidsíceastáin, sa Tuircméanastáin agus san Úisbéiceastáin, agus athraíodh a ainm dá réir sin. Is é ‘Coiste Leantach AE-na Rúise agus na hÁise Láir’ a thugtar air anois.