Stiúrann an Grúpa Staidéir Sealadach um an gComhphobal Eorpach Fuinnimh clár oibre CESE maidir le saincheisteanna fuinnimh ar an dá chuma seo a leanas go príomha:
Rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i saincheisteanna fuinnimh a chur chun cinn tríd an Idirphlé Eorpach maidir le Fuinneamh (EED)
Tá CESE ar son ról láidir a bheith ag an tsochaí shibhialta chun a chinntiú go n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh. De bharr rannpháirtíocht an phobail i gceapadh agus cur chun feidhme beartas is mó an fhreagracht a bhíonn ar an bpobal, cuirtear feabhas ar an bpróiseas agus is fearr is féidir cuspóirí beartais an Aontais i dtaca le cúrsaí fuinnimh a bhaint amach. Chuige sin, tá an tIdirphlé Eorpach maidir le Fuinneamh á chur chun cinn ag CESE. Tá sé i gceist go gcuirfeadh idirphlé den saghas sin ar chumas na ngeallsealbhóirí uile tuiscint a fháil ar na dúshláin fuinnimh atá ann agus na comhréitigh a bhaineann leo, dul i mbun gnímh ina n-aonar agus a gcion féin a dhéanamh i dtaca leis na roghanna beartais i réimse an fhuinnimh, gan dearmad a dhéanamh, san am céanna, ar an mórphictiúr, mar atá na dúshláin uile-Eorpacha atá ann agus slite chun iad a shárú. Chun idirphlé den sórt sin a chur chun cinn, eagraíonn comhaltaí an Ghrúpa Staidéir éisteachtaí agus comhdhálacha, cuir i gcás imeachtaí a bhaineann le tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin ar Staid an Aontais Fuinnimh (2015, 2016), cuidíonn siad le tuairim bhliantúil a tharraingt suas maidir le Staid an Aontais Fuinnimh (2015, 2016), agus glacann siad páirt ghníomhach in imeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí seachtracha, mar shampla Fóram Fuinnimh na Saoránach, an Fóram Eorpach um Fhuinneamh Núicléach, agus an Fóram um Bonneagar Fuinnimh.
Comhordú níos dlúithe a chur chun cinn maidir le saincheisteanna fuinnimh
Tá na Ballstáit ag éirí níos spleáiche ar a chéile ó thaobh cúrsaí teicniúla agus polaitiúla de agus is ar éigean atá siad in ann a gcuspóirí i réimse an fhuinnimh a bhaint amach go rathúil agus go costéifeachtach ar a gconlán féin. Dá bhrí sin, tá sé curtha roimhe ag CESE breis comhordúcháin sa réimse seo a chur chun cinn, go háirithe a fhad a bhaineann le heangacha agus le dearadh margaidh. Ba dhíol sásaimh ag CESE creat an Choimisiúin Eorpaigh don Aontas Fuinnimh agus leanann an Coiste de bheith ag cur bonn eolais faoi a bhuí sin leis na tuairimí earnáilsonracha agus tras-earnálacha a eisíonn sé agus na héisteachtaí poiblí a reáchtálann sé.