Grúpa staidéir téamach um chearta daoine faoi mhíchumas

Ina gcáil mar shaoránaigh iomlána, tá cearta comhionanna ag daoine faoi mhíchumas agus tá siad i dteideal dínite, cóir chomhionann, maireachtáil neamhspleách agus i dteideal a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí. Is é is príomhchuspóir do straitéis fhadtéarmach an Aontais maidir le cuimsiú gníomhach daoine faoi mhíchumas ná a chur ar a gcumas siúd tairbhiú de na cearta sin.

Cuireann an tAontas cuimsiú gníomhach daoine faoi mhíchumas agus a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí chun cinn, de réir chur chuige an Aontais maidir le cearta an duine a fhad a bhaineann sin le saincheisteanna míchumais. In 2010 ghlac an Coimisiún Eorpach an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 agus in 2007 shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

Is daoine faoi mhíchumas thart ar an séú cuid de dhaonra an Aontais atá in aois oibre ach tá an ráta fostaíochta ina measc sách íseal. Os a choinne sin, ba leor beagán breise cabhrach a thabhairt do na milliún Eorpach atá faoi mhíchumas lena chur ar a gcumas dul isteach sa mhargadh saothair den chéad uair nó dul isteach ann athuair. Ach rochtain chomhionann ar oideachas atá ar ardchaighdeán agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas, cuirfear ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus feabhas a chur ar a mianach saoil.

Tá grúpa staidéir téamach um chearta daoine faoi mhíchumas curtha ar bun ag CESE ar a bhfuil comhaltaí de na rannóga éagsúla den Choiste sin a chumhdaíonn réimsí beartais éagsúla agus a dhéanann ionadaíocht ar Ghrúpa na bhFostóirí, ar Ghrúpa na nOibrithe agus ar an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Is iad seo a leanas cuspóirí an ghrúpa seo:

  • fóram a chur ar fáil d’fhonn dearcadh na sochaí sibhialta a chur in iúl, go háirithe dearcadh eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas;
  • tuairimí a mheas agus a bhailiú le chéile faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD).