Grúpa Comhairleach Baile AE-Phoblacht na Cóiré

Grúpa Comhairleach Baile AE-Phoblacht na Cóiré faoin gComhaontú Saorthrádála

Tháinig an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré i bhfeidhm i mí Iúil 2011. Ba é an chéad chomhaontú saorthrádála a thug an tAontas Eorpach i gcrích ina raibh caibidil a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, i.e. gealltanais na bPáirtithe i dtaca le saothar agus le nithe a bhaineann leis an gcomhshaol atá tábhachtach dá gcaidreamh trádála. Mar shampla, déanfaidh na Páirtithe iarrachtaí leanúnacha marthanacha d'fhonn coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a dhaingniú agus déanfaidh siad na coinbhinsiúin sin atá daingnithe cheana féin ag an gCóiré agus ag Ballstáit an Aontais faoi seach a chur i bhfeidhm ar dhóigh éifeachtach.

Ar an gcaoi chéanna, déanfaidh na Páirtithe na comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha sin ar páirtí iontu iad, a chur chun feidhme ar dhóigh éifeachtach ina gcuid dlíthe agus cleachtais.

Tá gealltanas tugtha freisin ag an Aontas agus ag an gCóiré gan na caighdeáin a ísliú d'fhonn trádáil nó infheistíocht a mhealladh agus tá sé curtha in iúl acu go bhfuil siad toilteanach comhoibriú i réimsí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe. Áirítear leis sin trádáil earraí agus seirbhísí comhshaoil a éascú, an fuinneamh in-athnuaite inbhuanaithe agus táirgí atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, an fhreagracht shóisialta chorparáideach (FSC) a chur chun cinn agus trádáil táirgí atá faoi réir scéimeanna trádála eiticiúla nó cóirthrádála a chur chun cinn. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den chomhar eatarthu: gnéithe trádála den bhithéagsúlacht, cur chun cinn na hiascaireachta inbhuanaithe, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí nó comhar maidir le gnéithe trádála den bheartas aeráide.

Anuas air sin, ghabh na Páirtithe orthu féin monatóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe.

Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh

Beartaítear leis an gCaibidil "Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe" den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré go mbunóidh gach Páirtí Grúpa Comhairleach Baile um fhorbairt inbhuanaithe (an comhshaol agus saothar) agus é mar chúram air comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme na caibidle seo. Is éard a bheidh ar an nGrúpa Comhairleach Baile sin eagraíochtaí sochaí sibhialta atá neamhspleách agus ionadaíoch, is é sin le rá déanfar ionadaíocht chothrom sa ghrúpa ar eagraíochtaí comhshaoil, saothair agus gnó mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile.

Fóram Sochaí Sibhialta AE-na Cóiré

Ina cheann sin, beartaítear leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré go dtiocfaidh baill den Ghrúpa Comhairleach Baile (ó gach Páirtí) le chéile ag Fóram na Sochaí Sibhialta chun idirphlé a dhéanamh ar ghnéithe den chaidreamh trádála idir na Páirtithe a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tagann lucht an Fhóraim sin i gceann a chéile uair sa bhliain, mura rud é go gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt, agus is iad an Bhruiséil agus Súl gach re seal ionad na gcruinnithe sin.

Downloads

Rules of procedure of the EU Domestic Advisory Group created pursuant to Chapter 13 (Article 13.12) of the EU-Korea Free Trade Agreement