Coiste Leantach na gComharsan ón Oirthear

Bunaíodh Coiste Leantach na gComharsan ón Oirthear in 2004 mar chomhlacht tiomnaithe de chuid CESE atá freagrach as an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta i dtíortha i gcomharsanacht an Oirthir. De ghnáth tagann an Coiste Leantach i gceann a chéile ceithre huaire sa bhliain agus pléann sé saincheisteanna reatha a bhaineann le tíortha i gComharsanacht an Oirthir. Is minic a thugann sé cuireadh d'ionadaithe ó institiúidí Eorpacha eile, do shaineolaithe seachtracha, d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do dhreamanna eile. Tá páirt ghníomhach ag comhaltaí an Choiste in imeachtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir, cuir i gcás in ardáin iltaobhacha na Comhpháirtíochta nó i bhFóram na Sochaí Sibhialta a ghabhann léi.