Tionscnamh EuroHPC

Document Type
AC

D’fhonn léargas a thabhairt ar iarrachtaí na sochaí sibhialta an eipidéim fhaillí a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte san Aontas a shrianadh, tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina bhfuil roinnt iontrálacha a cuireadh isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta maidir le meabhairshláinte. Is féidir an bróisiúr a léamhanseo.

D’fhonn léargas a thabhairt ar iarrachtaí na sochaí sibhialta an eipidéim fhaillí a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte san Aontas a shrianadh, tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina bhfuil roinnt iontrálacha a cuireadh isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta maidir le meabhairshláinte. Is féidir an bróisiúr a léamhRead more

D’fhonn léargas a thabhairt ar iarrachtaí na sochaí sibhialta an eipidéim fhaillí a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte san Aontas a shrianadh, tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina bhfuil roinnt iontrálacha a cuireadh isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta maidir le meabhairshláinte. Is féidir an bróisiúr a léamhanseo.

Read less

Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige chun plé a dhéanamh ar na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais. An méid a tháinig chun cinn an tseachtain sin, beidh sé ina ábhar rúin ag CESE i mí Iúil, ceann ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige agus na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais mar ábhar plé acu. An m&e...Read more

Ón 4-7 Márta, rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) Seachtain na Sochaí Sibhialta a reáchtáil den chéad uair riamh. Lena linn sin, tháinig os cionn 800 ionadaí le chéile ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus grúpaí óige agus na toghcháin atá le teacht agus todhchaí an Aontais mar ábhar plé acu. An méid a tháinig chun cinn an tseachtain sin, beidh sé ina ábhar rúin ag CESE i mí Iúil, ceann ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó cheannairí nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

Bhí cúig mhórthionscnamh ag baint le Seachtain na Sochaí Sibhialta, mar atá Laethanta na Sochaí Sibhialta, Lá na dTionscnamh ó na Saoránaigh, Leatsa an Eoraip, Abair leat! (YEYS), Duais na Sochaí Sibhialta, agus Seimineár na nIriseoirí, agus ba é an méid a leanas na haidhmeanna a bhí léi:

  • a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an Aontas agus a gcearta daonlathacha a fheidhmiú;
  • bagairtí ar luachanna an daonlathais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, an bhréagaisnéis agus easpa spéise na vótálaithe, cuir i gcás; agus
  • moltaí de chuid na sochaí sibhialta a bhailiú lena gcur san áireamh i bpleananna an Aontais amach anseo.

Ón gcéad léargas a fuarthas ar na teachtaireachtaí a bhí ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta do cheannairí nua an Aontais, ba léir an bhéim a bhí leagtha ar an rialachas freagrúil, an beartas cuimsitheach agus an todhchaí inbhuanaithe do na hEorpaigh go léir.

An mhífhaisnéis a chomhrac

I bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, rinne ionadaithe an aosa óig agus na n-iriseoirí a n-imní a chur in iúl faoi scaipeadh rábach na mífhaisnéise agus faoin easaontas atá ag dul in olcas ar líne, agus chuir siad i bhfáth go bhfuil gá le creata láidre dlíthiúla. D’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta go rachadh na rialtais, na scoileanna agus na comhlachtaí teicneolaíochta i gcomhar chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus timpeallacht chuimsitheach lán eolais a chothú ar líne.

Geilleagar a théann chun leasa na ndaoine agus an Domhain araon

Rud eile a d’éiligh ionadaithe na sochaí sibhialta aistriú a dhéanamh ó shamhlacha atá dírithe ar an bhfás, agus air sin amháin, chuig cur chuige iomlánaíoch a thugann tús áite don fholláine, don rathúnas agus don chomhshaol le chéile. Chuige sin, bhí na heagraíochtaí óige i bhfabhar Treoir maidir leis an Inbhuanaitheacht Chorparáideach agus mhol siad cánacha ar leith a ghearradh ar earraí atá díobhálach don chomhshaol.

Leag na rannpháirtithe béim freisin ar an ról atá ag an Aontas sa chlaochlú digiteach. Iarradh ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh eitic an Intleachta Saorga agus oideachas na saoránach de. Leis na bearta sin, táthar ag iarraidh a chinntiú gur fás freagrach an fás eacnamaíoch a dhéanfar agus a chur ar chumas na saoránach dul i ngleic leis an gcomhthéacs teicneolaíochta a bhfuil athruithe móra ag teacht air.

Cumhacht a thabhairt don aos óg

Bhí sé ina éileamh ag lucht na sochaí sibhialta an chumhacht a thabhairt don aos óg a chruth féin a chur ar thodhchaí na hEorpa. Moladh ‘tástáil na hóige’ a dhéanamh ar gach beartas Eorpach lena thionchar ar na glúnta óga a mheas. Thar aon rud eile, mhol na grúpaí óige cuótaí óige a thabhairt isteach le haghaidh thoghcháin na Parlaiminte Eorpaí d’fhonn an ionadaíocht a dhéantar dóibh a fheabhsú.

An daonlathas a neartú

Theastaigh ó na rannpháirtithe an daonlathas Eorpach a dhéanamh níos athléimní agus níos cuimsithí fós, agus leag siad béim ar thábhacht an idirphlé shibhialta struchtúrtha ar gach leibhéal den rialachas. An t-idirphlé sin, in éineacht leis an bhfothú acmhainneachta, is é is aidhm leis an tsochaí shibhialta a neartú sna tíortha is iarrthóirí, agus timpeallacht shábháilte fhabhrach a chothú le go mbeidh rath ar an tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa.

Taobh anonn don bhosca moltaí

Maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tháinig idir na buanna agus na laigí chun tosaigh le linn na seachtaine. Cé gur tugadh aitheantas don mhéid a baineadh amach, ba léir gur údar mór frustrachais a laghad a thugann institiúidí an Aontais aird ar an sásra. Éilíodh go dtabharfaí freagraí substainteacha ar na tionscnaimh, go gcothófaí comhpháirtíochtaí ní ba shuntasaí agus go gcuirfí le rannpháirteachas na saoránach tríd an dea-chleachtas a roinnt.

Súil chun tosaigh

Cuirfear na moltaí sin san áireamh i rún atá le teacht ó CESE, ina leagfar amach a bhfuil an tsochaí shibhialta ag súil leis ó chéad téarma eile Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisúin. (gb)

Read less

  • Seachtain na Sochaí Sibhialta: leag sochaí shibhialta na hEorpa an clár oibre síos le haghaidh na chéad cheannairí eile a bheidh ag an Aontas
  • Tá Duais Sochaí Sibhialta CESE don mheabhairshláinte buailte ag an gcarthanacht Éireannach ‘Third Age Foundation’
  • Christian Moos: Pacáiste Chosaint an Daonlathais – Ba cheart don Choimisiún an treoir a tharraingt siar
  • Bruno Kaufmann: An fáth a bhfuil an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh níos cinntithí ná mar a cheapfá
  • Seachtain na Sochaí Sibhialta: leagann sochaí shibhialta na hEorpa an clár oibre síos le haghaidh na chéad cheannairí eile a bheidh ag an Aontas

  • ...Read more

Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón nGréig, bean a ghlac páirt in Leatsa an Eoraip, Abair Leat! i mbliana.

Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón n...Read more

Tá colún nua ann: Beidh mise ag vótáil, céard fút féin? As seo go Meitheamh 2024, beidh tuairimí na n-aoichainteoirí á gcur i láthair againn faoin tábhacht atá leis na toghcháin Eorpacha agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. San eagrán seo, is í Konstantina Manoli an t-aoi atá againn, mac léinn 19 mbliana d’aois ón nGréig, bean a ghlac páirt in Leatsa an Eoraip, Abair Leat! i mbliana. 

Is le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta a d’eagraigh CESE an t-imeacht suaitheanta seo le haghaidh na hóige den chéad uair. Bhí os cionn 100 duine óg i láthair. Tháinig siad ann ó gach cearn den Aontas Eorpach, ó na tíortha is iarrthóirí agus ón Ríocht Aontaithe. Is bríomhar an díospóireacht a rinne siad le chéile faoi chúrsaí daonlathais agus faoi thodhchaí na hEorpa.

Teangacha iasachta, cúrsaí aistriúcháin agus an ateangaireacht is ábhair léinn do Konstantina Manoli in Ollscoil Iónach na Gréige. Is teangeolaí díograiseach í Konstantina. Tá luí aici leis an díospóireacht pholaitiúil agus le cúrsaí an domhain mhóir lenár linn féin.

Read less

A léitheoirí dile,

San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.

A léitheoirí dile,

San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.

Gan ach beagán le cois dhá mhí le dul go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, thug Seachtain na Sochaí Sibhialta deis ar leith do CESE daoine as cúlra&iacute...Read more

A léitheoirí dile,

San eagrán seo den iris, ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar Sheachtain na Sochaí Sibhialta, an t-imeacht suaitheanta a d’eagraigh agus a d’óstáil CESE i dtús mhí an Mhárta.

Gan ach beagán le cois dhá mhí le dul go mbeidh na toghcháin Eorpacha ann, thug Seachtain na Sochaí Sibhialta deis ar leith do CESE daoine as cúlraí éagsúla a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar na nithe ba thábhachtaí dar leo agus ar thodhchaí na hEorpa. Tháinig breis agus 800 ionadaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí óige le chéile chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh le linn na seachtaine ar na príomhtheachtaireachtaí agus na hionchais ba mhaith leo a chur in iúl do na ceannairí nua a bheidh ar an Aontas go luath. Maidir leis an teachtaireacht atáimse tiomanta a chur in iúl, is teachtaireacht shoiléir í – is éard a theastaíonn ón bpobal tuilleadh daonlathais, rannpháirtíocht an aosa óig, laghdú ar an mbréagnuacht agus geilleagar a fhóireann do chách. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éisteodh an Eoraip le guth na sochaí sibhialta, óir is í an tsochaí shibhialta fíorfhoras faire an daonlathais.

Cuirfear an léargas a fuarthas le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta san áireamh i Rún ó CESE maidir leis na Toghcháin Eorpacha. Tá léargas ar roinnt de na hionchais a cuireadh in iúl le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta le léamh ar shuíomh gréasáin CESE.

Mar chuid den ullmhúchán a dhéanaimid do na toghcháin tá an caidreamh le Parlaimint na hEorpa a neartú. An 27 Feabhra, shínigh mé féin agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, Meabhrán Tuisceana chun an comhar idir an dá institiúid a dhoimhniú ar mhaithe leis na toghcháin Eorpacha a chur chun cinn, an ráta vótála a mhéadú – go háirithe i measc daoine nach gcaitheann vóta de ghnáth agus daoine atá ag vótáil den chéad uair – agus an ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac. Bainfidh CESE leas iomlán as an líonra fairsing atá aige, líonra a shíneann fud fad na hEorpa agus a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ionas go mbeidh siad in ann an ról atá acu a imirt ina iomláine. Is céim ríthábhachtach é an comhar idir an dá institiúid le go rachaidh an feachtas ó neart go neart roimh na toghcháin Eorpacha.

In CESE, tá sé mar aidhm againn cur le cumhacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar an gcoigríoch freisin. I mí Feabhra, sheolamar go hoifigiúil an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, rud a chuir cor i gcinniúint CESE. Bhí an Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach, Věra Jourová, Príomh-Aire Mhontainéagró, Milojko Spajić, agus Príomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, i láthair ag seoladh an tionscaimh sin agus ba chúis mhór áthais dóibh é. Is éard is aidhm dó ionadaithe as na tíortha is iarrthóirí a bheith páirteach in obair CESE. Roghnaíodh 131 chomhalta san iomlán as na tíortha is iarrthóirí le bheith páirteach sa toscaireacht de shaineolaithe ón tsochaí shibhialta agus glacfaidh siad páirt in obair an Choiste sna míonna amach romhainn. Is é an sprioc choiteann atá againn go mbogfadh gach tír is iarrthóir níos gaire don Aontas de réir a chéile agus go ndéanfaí iad a lánpháirtiú de réir a chéile mar a dhéanfar dul chun cinn sa chaibidlíocht.

Ní féidir le daonlathas dea-fheidhmiúil a bheith in éagmais sochaí shibhialta bhríomhar ná idirphlé sóisialta láidir. Céim dhearfach loighciúil chun tosaigh le haghaidh an daonlathais san Eoraip is ea fáilte a chur roimh na tíortha is iarrthóirí.

Oliver Röpke

Uachtarán CESE

Read less

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’, d’iarr muid ar Florian Marin, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime ó CESE, Foraoisí an Aontais Eorpaigh – creat nua AE maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha, éilimh CESE maidir leis an gcreat a roinnt linn i bhfianaise a tábhachtaí atá na foraisí maidir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach.

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’, d’iarr muid ar Florian Marin, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime ó CESE, Foraoisí an Aontais Eorpaigh – creat nua AE maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha, éilimh CESE maidir leis an gcreat a roinnt linn i bhfianaise a tábhachtaí atá na foraisí maidir le spriocanna aeráide ...Read more

Inár gcolún ‘Ceist amháin ar...’, d’iarr muid ar Florian Marin, comhalta de CESE agus rapóirtéir na tuairime ó CESE, Foraoisí an Aontais Eorpaigh – creat nua AE maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha, éilimh CESE maidir leis an gcreat a roinnt linn i bhfianaise a tábhachtaí atá na foraisí maidir le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach.

Read less

An t-aoi-údar atá ann ná Christian Moos, comhalta de CESE agus an rapóirtéir don tuairim maidir leis an bpacáiste um chosaint an daonlathais. Luaigh seisean trí chúis nach bhfuil CESE i bhfabhar an togra ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste sin arbh ábhar mór conspóide é tráth a fhoilsithe mí na Nollag seo caite.

Read more

Le Konstantina Manoli

Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn féin, ar ár gcreidimh agus ar ár luachanna. Mar sin féin, is iondúil go ndéanann formhór na ndaoine, agus go háirithe daoine óga, dearmad ar an gcumhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh.

Le Konstantina Manoli

Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn f&...Read more

Le Konstantina Manoli

Ní féidir a shéanadh gur uirlis chumhachtach é feidhmiú na gceart vótála chun tuairimí a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartais. Go ginearálta, is éard a tharlaíonn le linn phróiseas na dtoghchán go roghnaímid ár nguth, is é sin le rá, na daoine a gceapaimid a dhéanfaidh an ionadaíocht is fearr orainn féin, ar ár gcreidimh agus ar ár luachanna. Mar sin féin, is iondúil go ndéanann formhór na ndaoine, agus go háirithe daoine óga, dearmad ar an gcumhacht a bhaineann le vóta a chaitheamh.

Dearbhaímid go diongbháilte gur mian linn an domhan a athrú, todhchaí níos fearr a chruthú dúinn go léir agus do na glúnta atá le teacht. Mar sin féin, le linn an phróisis seo, géillimid nuair a bhraithimid nach mbaineann tábhacht a thuilleadh lenár dtuairimí, ár luachanna ná ár n-idéil nó nach bhfuil aon chumhacht againn.

Mar bhean óg ón nGréig, tá taithí phearsanta agam ar an scéal seo. Tá cur amach agam ar an bhfrustrachas atá le mothú nuair nach n-éistear lenár nguthanna, nuair a sháraítear ár gcearta agus nuair a mhothaímid nach féidir rud ar bith eile a dhéanamh faoin scéal. Ainneoin ár seacht ndícheall a bheith déanta againn, tarlaíonn sé uaireanta nach dtiteann rudaí amach mar a bhí beartaithe againn. Is sna tráthanna seo, nuair nach bhfuil ag éirí lenár n-iarrachtaí, a dhéanaimid dearmad ar rud ríthábhachtach: is í ár gcumhacht ár vóta! Mar a dúirt Barack Obama tráth: ‘Déanann gach vóta difear’.

Faraor, ní dóigh liom gur liomsa amháin a bhaineann an taithí seo, agus ní dóigh liom gur leis na Gréagaigh, na daoine óga ná na mná amháin a bhaineann sí ach oiread. Is fíor go bhfuil an dearcadh céanna ag roinnt mhaith daoine, beag beann ar a n-aois, a n-eitneacht, a n-inscne, a reiligiún, nó a gcúinsí pearsanta.

Trí vóta a chaitheamh, is féidir oibriú as lámha a chéile chun an todhchaí atá uainn a mhúnlú. Trí na cúraimí seo a ghlacadh orainn féin, is féidir a bheith cinnte go mbeidh tionchar ag ár mianta agus ár luachanna ar na cinntí a mhúnlaíonn an tsochaí. Ní mór dúinn gníomhú ós rud é gur vóta ríthábhachtach é ár vóta, lena n-áirithítear go n-éistfear le guth na hóige amach anseo.

Ba cheart cuimhneamh ar fhocail chiallmhara John Lewis: ‘Mura dtabharfaidh muidne faoi, cé a dhéanfaidh amhlaidh? Mura dtabharfar faoi anois, cathain a dhéanfar amhlaidh?’

Read less

Le Florian Marin

Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go mbeadh dlúthchomhar idir an eolaíocht agus an cleachtas ann agus go ndéanfaí pleanáil níos fearr agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Le Florian Marin

Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go...Read more

Le Florian Marin

Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go mbeadh dlúthchomhar idir an eolaíocht agus an cleachtas ann agus go ndéanfaí pleanáil níos fearr agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Tá sé ríthábhachtach go gcinnteofaí an chomhlántacht agus go seachnófaí dúbláil sonraí atá cumhdaithe cheana féin ag reachtaíocht eile, mar shampla na beartais aeráide agus aeir, na rialacháin maidir leis an mbithéagsúlacht agus an comhbheartas talmhaíochta.

Maidir leis an athrú aeráide, tá gá le sonraí fadtéarmacha sa bhreis ar shonraí a bhaineann leis an bhforbairt tuaithe, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an eolaíocht. Tá sé tábhachtach an idir-inoibritheacht a chinntiú agus go mbeadh an ghráinneacht sonraí, an teicneolaíocht agus an mhinicíocht chéanna i bhfeidhm sna Ballstáit uile, go háirithe le linn do shonraí forlíontacha a bheith á mbailiú. Ba cheart féachaint i gcónaí leis an ualach riaracháin a laghdú agus leis an rómhaorlathas a sheachaint, e.g. le nach mbaileofaí na sonraí céanna faoi dhó nó nach ndéanfaí an tuairisciú céanna faoi dhó. Ba cheart an leibhéal céanna tábhachta a chur le sonraí eacnamaíocha, sonraí sóisialta agus sonraí comhshaoil na bhforaoisí.

Tá ríthábhacht le cearta maoine príobháidí agus úinéireacht sonraí a urramú, go háirithe faoi chuimsiú phrionsabal na coimhdeachta. Thar aon ní eile, is é leas an phobail an rud is tábhachtaí i mbonneagar na sonraí maidir le foraoisí.

Gach Ballstát a bhaineann leas as foraoisí, ba cheart dóibh plean fadtéarmach a bheith acu maidir leis na foraoisí, plean a chomhlánódh na straitéisí eile maidir le foraoisí agus adhmad, lena gcinnteofaí go mbeifí i gcomhréir iomlán leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Agus na luachanna iltaobhacha a bhaineann leis na foraoisí á gcur san áireamh, ba cheart gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a áireamh i struchtúr na bpleananna foraoiseachta, sin agus prionsabal na comhpháirtíochta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bhforbairt agus i gcur chun feidhme pleananna fadtéarmacha maidir leis na foraoisí.

Ba cheart ról an Bhuanchoiste Foraoiseachta a neartú agus gníomhaithe ábhartha ón tsochaí shibhialta a áireamh ann.

Read less