Start guide - Model COP
Is minic a chloisimid faoin éigeandáil aeráide agus na héifeachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bhaineann leis an athrú aeráide agus is minic a bhíonn an chuma ar an scéal nach féidir an fhadhb a réiteach.
Is é an ról a bheidh agatsa ná ionadaíocht a dhéanamh do ghrúpa geallsealbhóirí mórthábhachtacha ag comhdháil maidir leis an athrú aeráide agus a bheith ag obair i gcomhar le grúpaí eile chun plean a chur le chéile chun an téamh domhanda a theorannú go leibhéil shábháilte atá go mór faoi bhun 2°C.
Déanann na grúpaí ionadaíocht d’fhíorearnálacha agus fíorthionscail, a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí agus abhcóideachta ar an téamh domhanda:
- Teicneolaíocht ghlan
- Soláthar Fuinnimh Neamh-inathnuaite
- Sa chluiche seo, tugtar “Climate Justice Hawks (Seabhaic an Cheartais Aeráide)” ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar mhná agus ar dhaoine óga.
- Talamh, Talmhaíocht agus Foraoiseacht
- Tionscal agus Tráchtáil
- Rialtais ó thíortha éagsúla ar fud an domhain (tíortha forbartha, tíortha i mbéal a dtionsclaithe, tíortha i mbéal forbartha)
6A. Tíortha forbartha
6B. Tíortha i mbéal forbartha
6C. Náisiúin atá i mbéal a dtionsclaithe