#Brexit: D’iarr Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go gcaithfí go cómhalartach leis an iompar lasta de bhóthar má fhágann an Ríocht Aontaithe "gan mhargadh"

Dhéanfaí difear tromchúiseach d'iompar tarlaithe de bhóthar dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan comhaontú um tharraingt siar. Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bearta sealadacha an Choimisiúin maidir le seirbhísí iompair lasta de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach i gcás Brexit "gan mhargadh", toisc gur cheart, dar leis, go mbunófaí idirthréimhse ina mbeadh cearta tarlaithe cómhalartacha i bhfeidhm.

Is earnáil ríthábhachtach don Ríocht Aontaithe agus don Aontas Eorpach araon é an t-iompar lasta de bhóthar. Dar le Comhlachas Tarlú Bóthair na Ríochta Aontaithe, bíonn breis agus 4.4 milliún feithiclí lasta fara tiománaí ag taisteal idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach gach bliain. In 2015, d'easpórtáil an Ríocht Aontaithe 21 350 000 tona earraí san iomlán de bhóthar go dtí an tAontas Eorpach, agus d'easpórtáil an tAontas 26 816 000 tona earraí go dtí an Ríocht Aontaithe.

Sa tuairim a glacadh i seisiún iomlánach mhí Feabhra agus a dhréachtaigh Raymond Hencks, d'fhormhuinigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an togra ón gCoimisiún le haghaidh bearta sealadacha a ghlacadh chun nascacht idirnáisiúnta bhunúsach feithiclí earraí troma a chinntiú i gcás ina bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe "gan mhargadh" agus bhí sé teann ar phrionsabal na gceart tarlaithe cómhalartach. Bhí an méid seo le rá ag Mr Hencks: Táimid ag súil go mór leis go mbeidh, faoi dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, go mbeidh sraith de bhearta sealadacha coibhéiseacha socraithe ag údaráis na Breataine, a thabharfaidh na cearta céanna d'iompróirí AE a oibríonn sa Ríocht Aontaithe, agus atá beartaithe ar bhonn sealadach ag an gCoimisiún a thabhairt d'iompróirí a bhfuil ceadúnas ón Ríocht Aontaithe acu, rud a údaraíonn dóibh iompar lasta a chur ar fáil idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát.

Tá na rialacha comhchoiteanna maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar ar fud an Aontais Eorpaigh leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, arb é is aidhm dó deireadh a chur leis na srianta uile atá ar dhaoine a sholáthraíonn iompar earraí, ar fhoras náisiúntachta nó toisc go bhfuil siad bunaithe i mBallstát eile seachas an Ballstát ina soláthraítear an tseirbhís. Eisíonn na Ballstáit ceadúnas Comhphobail agus, más ó thríú tír an tiománaí, eisíonn siad fianú tiomána freisin.

In éagmais comhaontú um tharraingt siar, scoirfidh seirbhísí iompair lasta de bhóthar idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh de bheith á rialú leis an rialachán seo. Ní bheadh seirbhísí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoi cheangal ag dlí an Aontais Eorpaigh níos mó agus, gan ceadúnas bailí a bheith ann, ní bheadh rochtain ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar ón Ríocht Aontaithe ar mhargadh an Aontais a thuilleadh. Is é is dóichí go mbeidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le hoibreoirí AE.

D'fhonn suaitheadh, a mbeadh tionchar tubaisteach aige ar an dá thaobh, a sheachaint, thíolaic an Coimisiún togra ina leagtar síos bearta sealadacha lena chinntiú go gcoinneofar an nascacht bhunúsach ar feadh tréimhse theoranta ama amháin. Leis an rialachán atá beartaithe tugtar an ceart d'oibreoirí tarlaithe de bhóthar gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2019, de réir na rialacha comhchoiteanna AE maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar, agus ar choinníoll gur féidir le hiompróirí AE gluaiseacht faoi shaoirse san Ríocht Aontaithe ar an gcaoi chéanna, faoi choinníollacha iomaíochta atá cothrom, comhionann agus neamh-idirdhealaitheach.

Downloads

#Brexit - Road freight connectivity