#Brexit: D'fhógair CESE gur tosaíocht é na haersheirbhísí a chinntiú i gcás nach mbeidh socrú ann

Tá tacaíocht tugtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) do rialachán sealadach an Choimisiúin maidir le nascacht bhunúsach aeir a chinntiú i gcás ina dtarlóidh Brexit "gan mhargadh".

Tá ról lárnach ag an gComhlimistéar Eorpach Eitlíochta chun an fás eacnamaíoch agus an rathúnas a chinntiú agus chun iomaíochas leanúnach na hEorpa sa mhargadh idirnáisiúnta a dheimhniú. Nuair a tharlóidh Brexit, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ina ball den mhargadh aonair Eorpach a thuilleadh ná ní bheidh a hearnáil eitlíochta ina cuid den Chomhlimistéar níos mó. Más rud é nach ndéanfar Comhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe a dhaingniú – is é sin le rá i gcás ina bhfágfaidh sí an tAontas gan socrú – scoirfidh reachtaíocht an Aontais maidir le haersheirbhísí, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, d'fheidhm a bheith acu idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Fágfaidh sin go mbeidh éiginnteacht dhlíthiúil ann agus cuirfear cobhsaíocht na pleanála agus an nascacht leanúnach araon i mbaol.

Sa tuairim a glacadh i seisiún iomlánach i mí Feabhra agus a chuir Jacek Krawczyk le chéile, thacaigh CESE le héirim an togra a bhí déanta ag an gCoimisiún maidir le rialachán teagmhasach a chinnteodh feidhmiú na n-aersheirbhísí bunúsacha ó tá an chosúlacht ar an scéal, murab ionann agus riamh, go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais agus gan aon chomhaontú um tharraingt siar ann.

Thug an Coiste le fios nach féidir cuimhneamh ar an rialachán atá beartaithe mar shíneadh ar na rialacha atá ann faoi láthair nó go deimhin mar chomhaontú aontaobhach um tharraingt siar fiú, óir na cearta atá luaite sa doiciméad tá siad teoranta ó thaobh ama agus cuspóra de. Is réiteach sealadach é an rialachán atá beartaithe agus plean teagmhasach is ea é chun an tionchar a bheidh ag Brexit tobann a laghdú, arsa an tUasal Krawczyk. Bhí an méid seo le rá aige freisin: Is é sin an t-aon bhealach réadúil chun na hiarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a d'fhéadfadh a bheith ann don earnáil eitlíochta a mhaolú, más rud é nach ndéanfar an comhaontú um tharraingt siar a dhaingniú roimh an 29 Márta 2019.

Is loighciúil agus is comhsheasmhach an ní deiseanna tráchtála a theorannú chuig na seirbhísí tríú saoirse agus ceathrú saoirse (príomheilimintí na nascachta) idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. I gcás aon deiseanna tráchtála eile d'aerlínte an Aontais agus d'aerlínte na Breataine (oibríochtaí cúigiú saoirse: lasta) ní foláir iad sin a phlé le linn na caibidlíochta faoi chomhaontú nua maidir le haersheirbhísí (ASA).

Thathantaigh CESE ar an dá pháirtí cromadh ar an gcaibidlíocht gan mhoill d'fhonn bunús dlí le haghaidh iomaíocht láidir idir na haerlínte a athbhunú, agus tá sé ullamh chun rannchuidiú tábhachtach ó gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta eagraithe sna 27 mBallstát a roinnt leo.

I gcaitheamh na hidirthréimhse agus le linn dó an comhaontú nua maidir le haersheirbhísí a chaibidliú, ba cheart don Choimisiún, i bhfianaise na n-iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta a leanfadh Brexit "gan mhargadh", ba cheart dó sásra faireacháin trédhearcach a fhorbairt freisin, lena bhféadfaí dlúthchomhar a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Downloads

#Brexit - Air connectivity