#Brexit: CESE i bhfabhar rialachán teagmhasach maidir leis an tsábháilteacht eitlíochta i gcás nach mbeidh aon socrú ann

Tá aghaidh á tabhairt ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar fhadhbanna sonracha i réimse na sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh teacht chun cinn má tharlaíonn Brexit gan mhargadh agus tá tacaíocht tugtha aige don togra ón gCoimisiún le haghaidh cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a fhadú ar bhonn sealadach.

Tá ról lárnach ag an eitlíocht idirnáisiúnta ó thaobh fás eacnamaíoch agus inbhuanaithe a chinntiú. Ní tharlóidh sin, áfach, mura ndéanfar leibhéil arda de chaighdeáin sábháilteachta aonfhoirmeacha a chothabháil, mura gcuirfidh na geallsealbhóirí uile na caighdeáin sin chun feidhme agus mura ndéanfaidh na gníomhaireachtaí cumhachtaithe monatóireacht orthu. Tharlódh go gcuirfeadh Brexit na caighdeáin sábháilteachta don eitlíocht mar aon le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcaighdeán sin san Eoraip i gcontúirt óir d'fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag rialacháin ábhartha an Aontais maidir le geallsealbhóirí eitlíochta na Ríochta Aontaithe a thuilleadh ón 30 Márta 2019 amach.

Sa tuairim a glacadh i seisiún iomlánach i mí Feabhra agus a dhréachtaigh Thomas McDonogh, tugann CESE foláireamh faoi na contúirtí sin agus tacaíonn sé le togra an Choimisiúin maidir le plean teagmhasach d'earnáil na heitlíochta i gcás nach mbeidh aon socrú ann. Bhí an méid seo le rá ag an Uasal McDonogh: Tá géarghá le bearta teagmhasacha go práinneach d'fhonn an damáiste a d'fhéadfaí a dhéanamh don aerthaisteal idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a mhaolú. Níor cheart éifeacht a bheith leis an Rialachán AE seo ach amháin chun saincheisteanna faoin sábháilteacht eitlíochta a fhuascailt a bheadh gan réiteach murach sin. Ní hé is cuspóir leis an status quo a shíneadh, is amhlaidh atá sé dírithe ar réiteach sealadach a aimsiú a ligfidh don earnáil leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta is airde go dtí go mbeidh gníomhaireachtaí náisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta bunaithe ag an Ríocht Aontaithe agus ról gníomhaireachta sábháilteachta glactha aici uirthi féin, a dúirt sé.

I gcás nach ndéanfar an Comhaontú AE-RA um Tharraingt Siar a dhaingniú agus i gcás nach ann d'aon bhunús dlí eile, ní léir:

  • an mbeidh deimhnithe arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe faoi dhlí an Aontais fós bailí,
  • cén chaoi a bhféadfadh aerlínte atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe an deimhniú riachtanach a fháil tar éis Brexit, agus, ar deireadh
  • cén chaoi a bhféadfadh na cuideachtaí deisiúcháin agus cothabhála sa Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ag seachadadh páirteanna spártha agus seirbhísí faoi réir an cheadúnaithe a cheanglaítear le dlí an Aontais Eorpaigh.

Ionas go mbeidh an Coimisiún ullamh i gcás ina dtarlóidh Brexit agus gan aon socrú ann agus gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo, tá plean gníomhaíochta teagmhasach curtha le chéile aige a chuirfeadh bunús dlí ar fáil le gur féidir aistriú rianúil go cur i bhfeidhm dhlí na Ríochta Aontaithe a chinntiú. Dhéanfaí bearta sonracha a ghlacadh chun bailíocht leanúnach na ndeimhnithe a chinntiú le haghaidh táirgí, páirteanna, fearais agus cuideachtaí aerloingseoireachta áirithe. Ba leor de chinnteacht é sin do lucht na hearnála nach gcuirfí an próiseas deimhniúcháin i gcontúirt fad is a bheadh an Ríocht Aontaithe ag aistriú ó bheith ina Ballstát go dtí a stádas mar thríú tír.

In go leor réimsí, d'fhéadfadh na geallsealbhóirí iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna neamhréitithe a bhaineann le bailíocht leantach na ndeimhnithe, trí dhul i muinín údarás eitlíochta sibhialta i gceann de 27 mBallstát an Aontais, nó trí iarratas a dhéanamh ar dheimhniú tríú tír arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA). Os a choinne sin, tá earnálacha ann nach bhféadfaí beart mar sin a dhéanamh iontu in éagmais bunús dlí.

D'fhonn is go mbeidh an chomhthoil is gá ann le haghaidh aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe agus ag páirtithe eile, iarrann an Coiste ar an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha sábháilteachta leis an Aontas Eorpach agus le tríú tíortha eile a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir.

Downloads

#Brexit - Aviation safety