Ráiteas ó Luca Jahier, Uachtarán CESE

Tá an solas glas faighte ag foireann #vonderleyen: Anois déanaimis Eoraip Inbhuanaithe a chur i gcrích ar mhaithe lena saoránaigh!

27.11.2019

Is é toradh na vótála i bParlaimint na hEorpa inniu go bhfuil an bealach réitithe le haghaidh ré nua don Eoraip. Táim suite de go gcuirfidh Uachtarán nua an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus a foireann de Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin, Leas-Uachtaráin agus Coimisinéirí borradh nua faoin mór-roinn seo againne, tar éis na dtorthaí dearfacha a bhí ar na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine. Tá cúig bliana tugtha ag ár saoránaigh dúinn chun Eoraip an lae amárach a thógáil agus níor cheart dúinn an deis seo a chur amú.

Faightear léiriú beacht ar thosaíochtaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gclár oibre Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh, a bhfuil an Comhshocrú Glas, a bheidh mar straitéis fáis nua againn le haghaidh Eoraip inbhuanaithe, an comhionannas inscne agus na cearta bunúsacha san áireamh ann. Creideann Teach seo na sochaí sibhialta Eorpaí go láidir go bhfuil sé thar am don Aontas Eorpach clár oibre uaillmhianach inbhuanaithe a ghlacadh chuige féin agus a chur chun feidhme. Chuige sin, ní mór athrú mór teacht ar an meon atá againn.

Ag an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, thíolaic CESE a aighneacht do chlár oibre an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na gcúig bliana seo romhainn, agus thug sé le fios nach mór don Aontas díriú ar an athrú aeráide, an digiteáil, an smacht reachta agus an domhandú, agus nach mór dó córas rialachais nua a ghlacadh chuige féin, córas a nglacfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta níos mó páirte ann.

Tá CESE ag cur comhairle ar an gCoimisiún Eorpach a phlean oibre do 2020 agus ina dhiaidh sin a thógáil ar bhonn an cholúin seo. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh straitéis uileghabhálach an Aontais do 2050 a thabhairt isteach maidir leis an inbhuanaitheacht ionas gur féidir Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme – agus tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach na spriocanna sin a bhaint amach faoi 2030.

Ní mór dúinn gníomhú ar bhealach dinimiciúil i gcomhthráth ar gach leibhéal chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta. Tá sé ríthábhachtach an Colún Sóisialta a chur chun feidhme le haghaidh aistriú cóir cothrom. Tá CESE ag cur i bhfáth freisin go bhfuil struchtúr rialachais nua ag teastáil go géar ón Aontas Eorpach, mar aon le rialacha agus ionstraimí nua maidir le beartais AE a dhréachtú agus a chur chun feidhme. Ba cheart, go háirithe, ról Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú chun an chuntasacht dhaonlathach a neartú.

Má táthar chun sprioc na hinbhuanaitheachta (i.e. na gnéithe uile di) a bhaint amach, teastóidh iarracht agus rannpháirtíocht thar na bearta ó na páirtithe uile lena mbaineann. Tá díospóireacht dhaonlathach oscailte, a mbeidh rannpháirtíocht struchtúrtha na sochaí sibhialta mar bhonn agus mar thaca aici, ríthábhachtach má táthar chun aistriú cóir éifeachtach a dhéanamh.

Tá sé tugtha dár n-aire againn go bhfuil cinneadh déanta ag an Uachtarán von der Leyen an daonlathas Eorpach a chur chun cinn an athuair trí mheán Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Ní mór comhdháil den sórt sin a eagrú le rannpháirtíocht iomlán CESE, toisc gurb é an Coiste an institiúid AE is gaire do na saoránaigh agus seasann sé don ghné is barántúla den daonlathas rannpháirteach. Ar deireadh, is cúis mhór áthais dom go bhfuil aitheantas tugtha don chultúr anois mar dhroichead idir an t-am atá thart agus an todhchaí, agus go n-áirítear é faoi ainm nua i bpunann an Choimisinéara, Mariya Gabriel.

Táimid tiomanta anois, níos mó ná riamh, tacaíocht a thabhairt d’Aontas atá ar a dhícheall ag iarraidh torthaí níos fearr a fháil.

Mar a dúirt an tUachtarán nua, luímis isteach ar an obair LE CHÉILE!