Tá cúigear iomaitheoirí as beagnach 180 tionscadal spreagúil a chuir isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta 2019 roghnaithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Tá an Duais seo tiomnaithe do chumhachtú na mban agus don chomhrac ar son an chomhionannais idir fir agus mná.
Is iad seo a leanas na hiomaitheoirí a roghnaíodh (in ord aibítire):
- Tionscadal Scéalta Sí leis an gComhlachas NAIA sa Bhulgáir a thugann teagasc sa chomhionannas inscne do pháistí réamhscoile ag úsáid scéalta sí traidisiúnta;
- #mimmitkoodaa (Cód na mBan): ríomhchlár a chuir Comhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne (Ohjelmisto- ja e-business ry) le chéile chun fáil réidh leis an steiréitíopa gur fir iad forbróirí bogearraí i gcónaí;
- Strajk Kobiet (Stailc Mhná na Polainne): tionscadal a thugann cumhacht do bhanghníomhaithe i gcathracha beaga agus meánmhéide a bhíonn ag troid ar son athrú;
- The Brussels Binder: tionscadal ón mBeilg atá ar son ionadaíocht níos fearr a thabhairt do mhná i ndíospóireachtaí beartais an Aontais Eorpaigh;
- Toponomastica femminile: tionscadal ón Iodáil lena bhfuiltear ag obair chun cur le líon na n-áiteanna ar a bhfuil ainmneacha ban mór le rá, rud a thabharfaidh an t-aitheantas poiblí atá tuillte acu dóibh.
Reáchtálfar an searmanas bronnta ar an 12 Nollaig le linn sheisiún iomlánach CESE sa Bhruiséil, nuair a dhéanfar an rangú deiridh a nochtadh. Rachaidh buaiteoir na chéad duaise abhaile le EUR 14 000 agus gheobhaidh na hiomaitheoirí eile EUR 9 000 an ceann.
Roghnaigh CESE an téama seo do Dhuais na Sochaí Sibhialta 2019 mar gheall go raibh sé ag iarraidh béim a leagan ar cé chomh tiomanta agus atá sé don chomhionannas inscne, rud nach bhfuil fíoraithe go fóill san Eoraip. Tá na mná fós ag tuilleamh níos lú ná na fir agus is minic a bhíonn orthu fulaingt de bharr leithcheala agus foréigean inscne. Trí aitheantas a thabhairt do thionscadail ina léirítear éachtaí follasacha maidir le comhdheiseanna a chothú, tá súil ag CESE aird a tharraingt ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo sochaí níos cothroime do mhná agus d’fhir a bhaint amach agus gníomhaíocht bhreise a spreagadh. (ll)