Is féidir le gnólachtaí tacú leis an inbhuanaitheacht!

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Tá an inbhuanaitheacht ríthábhachtach do ghnólachtaí agus d’fhostóirí, a bhfuil ról lárnach acu maidir leis an bhforbairt a bhrú chun cinn. Tá geilleagar iontaofa láidir riachtanach le haghaidh forbairt inbhuanaithe. Ní mór réitigh a shainaithint atá tairbheach ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Cé go bhfuil roinnt geallsealbhóirí ar aon intinn maidir leis an inbhuanaitheacht, is minic a bhíonn cur chuige difriúil acu.

Sin cuid de na conclúidí ón bplé ar an gcaoi ar féidir le gnólachtaí an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, a reáchtáladh an 21 Samhain 2019 in Barcelona, an Spáinn.

“Ní chruthaíonn gnólachtaí fadhbanna don inbhuanaitheacht. Soláthraíonn siad réitigh ar fhadhbanna,” arsa Jacek Krawczyk, uachtarán ar Ghrúpa na bhFostóirí, agus é ag oscailt na hócáide. Thug sé le fios gur féidir le gnólachtaí réitigh a sholáthar chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil agus aeráide.

Le linn na díospóireachta, chuir ionadaithe ó na trí ghrúpa in CESE a gcuid tuairimí in iúl maidir leis an inbhuanaitheacht. Cé go bhfuil tuairimí éagsúla ann i measc fostóirí, oibrithe agus gníomhaithe timpeallachta, is léir go bhfuil comhthuiscint shuntasach ann freisin. “Tá an t-iomaíochas bunriachtanach don fhorbairt inbhuanaithe. Tá sé ag brath ar dhea-rialáil a bheith ann, ach is cinnte nach bhfuil gá le níos mó rialála,” a dúirt Tellervo Kylä-Harakka-Ruonala agus í ag déanamh achoimre ar an díospóireacht.

Reáchtáladh an cruinniú le linn MedaWeek, comhdháil bhliantúil a chuireann an comhtháthú eacnamaíoch i dtíortha na Meánmhara chun cinn. Labhair comhaltaí de chuid Ghrúpa na bhFostóirí ag an bhFóram um Fhorbairt Gnó san Afraic (New Africa Business Development Forum), ag Cruinniú Mullaigh ECOmeda maidir leis an Inbhuanaitheacht (ECOmeda Sustainability Summit) agus ag an bhFóram d’Fhiontraithe Mná i Réigiún na Meánmhara (Mediterranean Women Entrepreneurs Forum). Le linn an dinnéir ceiliúrtha, bronnadh duais ar Jacek Krawczyk mar gheall ar an obair atá déanta aige maidir leis an earnáil phríobháideach a fhorbairt sa limistéar Eora-Mheánmhara. (lj)